firstLine"; ?>

1437. Mor tubaist na taiplisge $
Length: short 15qq
Certainty: 5
Period:
  1. 15th ult
Areas:
  1. Scotland ?
Classes:
  1. ‘Love poetry’
Manuscripts:
  1. NLS Adv 72/1/37 Bk Dean Lismore 16c
Prints:
  1. text Eriu xvii, 8
Motifs:
  1. gaming
  2. Obscene allusions
  3. riddle
Meter Vars:
  1. Ae freislighe
Poem:

Poem in printable PDF format

Mór tubaist na táiplisge


[David Greene, ‘Un Joc Grossier in Irish and Provencal; a poem from the Book of the Dean of Lismore’, Ériu 17, 7-15; 8-9]


1 Mór tubaist na táiplisge

- tearc duine do nach aithnid -

meabhair liomsa d’áiridhe

scéal beag uirre re haithris.


2 Lá éigin dá rabhassa

ag siubhal críche Fódla

baile sciamhach scotháluinn

tharla dom sa tráth nóna.


3 Inghean bhéildearg bhastana

tharla chugam san chathair;

is í d’fhoráil oramsa

cluiche d’imirt na haghaidh.


4 Tharla táipleasg aicise

- dhá chlár . . . . . . . . . .

lór a méid ’s a bhfairsinge

- againnse fuair a bhfuireann.


5 Agam i ndóigh imirte

do bhí dhá (chnag ba) chruinne;

imirt ria géd rinneassa

oram do chuaidh an cluiche.


6 Ní raibh d’fhuirinn agamsa

ach triúr i dtús an chluiche;

níorbh í an imirt . . . . . . . .

do ghoin sise an treas duine.


7 M’fhuireann síos do shocruigheas

is chraitheas mo dhá dhísle;

thugas treas ar ghon . . .

uaidh gur tileadh na títhe.


8 A leathchlársa láintilte

tharla, is m’fhuireannsa báitte;

acht títhe na táiplisge

folamh, is mise anáirde.


9 M’fhear gonta gé . . .

síos leis gach uile urchar,

cluiche liomsa ní léigfeadh sí

go bráth ar chr . . . nó ar chonnradh.


10 Gér mhaith mise mar imeartach,

gé luath do ghluaisinn m’fhuireann,

an inghean chaomh, níor chinneamar

uirre do ch. . . . coitcheann.


11 Do ghabh anbhfainne imirte

mise i ndeireadh an chluiche;

a táipleasg do bhriseassa,

macaomh na boise buige.


12 Do chuaidh fear dem fhuirinnse

amugha . . . . . . . . . .

is mó do chuir uirrese

ná briseadh a cláir cumhdaigh.


13 Ar bhfagbháil na cathrachsan

do thaisceas mo thriúr foirne;

atáid ó shoin agamsa

ach go bhfagham clár coimse.


14 Bean gan inntinn fhírinnigh

a hainm do-bheir mise:

dá dtrian mune mhínghéagaigh

ruis is cúig cuill na coille.


15 Mé re cath níor choimmeasta,

m’imirt go cian is cumhain;

an feadh mhairid m’fhuireannsa

ní................................tubaist.