Poem in printable PDF format
Múin aithrighe
dhamh, a Dhé
[McKenna, L.:
Dánta do chum Aonghus Fionn Ó Dálaigh, Dublin 1919, poem 51;
see also ‘Múin aithrighe dhamh, a Dhé revisited’ Ó Háinle,
Ériu 54, 103-23]
Sgéalta ar
Mhuire
1 Múin aithrighe
dhamh a Dhé
cá fios an
bhfhagham buain-ré
ní tráth
[dithimh] a Dhé dhamh
is mithigh mé dom
mhúnadh.
2 Mo mhúnadh do
mhuin [cridhe]
feadh ar n-aoise
[óigei-ne]
gur arsaidheas
níor iarr mé
cian ó
chasmhaileas creidmhe.
3 Deacr[a] a
múnadh i n-aois óig
lámh fam theagasg
a Thríonóid
mar do ní crann
críona di
[nocha n-am]
sníomha slaite.
4 Baoghal damh a
Dhé nimhe
ar dteacht dá
dtrian m’aimsire
bheith san trian
nach táinig di
mar [do-áinig]
riamh roimhe.
5 Feadh mo ré go
roiche soin
do caitheadh uile
it aghaidh
minic téarnó
teach nimhe
neach le hén-ló
aithrighe.
6 Tabhair gion go
dtuilleann sinn
grádh na
haithrighe im inntinn
lá éigin a Dhé
rem dhol
ná léigidh mé do
mhealladh.
7 [Cion] croidhe
níorbh fholáir dhuit
d’fhagháil uaim
ina éaruic
do chuaidh cridhe
i gcosair cró
do chosain
t’fhine i n-éan-ló.
8 Iomdha déar do
dhoirt tusa
d’fhuil do chneis
dom chaomhna-sa
déara mo shúl ar
a shon
méala dhún gan a
ndortadh.
9 Re Dia Athar is
io[n]ráidh
iomdha agam
eisiomláir
far dhligh mé
déan[aimh] na ndéar
do sgéalaibh Dé
’s a dheibhléan.
10 Troightheach
Dé dá dhearbhadh soin
lá éigin mar do
ionnail
peacadh Mhuire
Mhagh dá-léan
ro ba ghlan uile
ón Fhíréan.
11 Peadar abstal
na aghaidh
do shéan Íosa
d’Íodhalaibh
do ní a dhéara a
dhíon sin
ar séana Ríogh an
ríchidh.
12 Gabhais ar
nguin a chroidhe
Mac Dé dia do
thrócaire
gé do thoill
rai-chridhe an Ríogh
aithrighe an
daill ’s a dheigh-ghníomh.
13 A-tá sgéal
uasal eile
agam ar an
aithreighe
an sgéal mar do
sgríobh an peann
a-déar más fíor
re fuigheall.
14 Toircheas fola
fada ó shoin
do rinne mac ré
mháthair
an toircheas nár
tharbha di
tarla na
fhoilcheas aice.
15 Gearrthar lé
lór do phudhar
d’eagla an chuil
do chronughadh
[brágha] an leinb
an lá do ghin
gidh nar cheird
mná don mhnaoi-sin.
16 Do lenadar dá
láimh dheis
trí deora díochra
an aithis
[sgeinm] ris na
deoraibh do dhligh
d’fheol-fhuil an
leinbh an laoi-sin.
17 Do dhíochur na
ndéar [bhf]ola
ionnlais an bhais
[mb]arr-thana
’s ní dheacha
ball as don fhuil
a bas ann [gé] do
ionnail.
18 Do bhídis na
baill chorcra
ortha d’éis gach
ionnalta
tuirseach í dá
n-ionnladh sin
ní narbh iongnadh
don inghin.
19 I gcionn
treimhse mar do thuig
lá éigin d’aithle
a n-ionnlaid
Rígh nimhe na
námhaid di
na cridhe tánaig
tuirse.
20 Teagrais le
tuirse cridhe
d’fhaoisidin [na
hingine]
mar fhuair lé an
lá-sain a [tol]
fa ghrásaibh Dé
go ndeachadh.
21 Innisidh gidh
deacair di
san eaglais d’éis
a chéile
a [beith] d’fhior
ina fhior chuil
’s a cion i leith
an leanaibh.
22 Fan dá
thaom-soin tuar creidimh
feraid ag a
faoiseidin
d’aithrighe na
séana sin
déara aithrighe
ón inghin.
23 Láimh an
chomhartha do chuir
do bhuain na
ndéar dá dearcaibh
an chaoi do fhear
ón abhra
do laoi ar [ceal
an] comhardha.
24 Gá dám ris ní
dheachaidh di
le huisge ionnlat
eile
an ainimh do
bhaoi ar a bais
caoi na haighidh
gur ur[mh]ais.
25 Na baill do
bhí ar a cridhe
ionnarbais an
aithrighe
’s na trí buill
eile don fhuil
do [dhruim] a
[leimhe] an lá-soin.
26 An lámh ón
lá-soin a-mach
mar do bhí uile
ar aon-dath
go rabh re snighe
na súl
sal mo chridhe ar
n-a chlaochlúdh.
27 Go dtaobhar
tamall oile
riot a Rí na
trócaire
an droch-shaoghal
a Dhé bhí
nar ro-thaobhar é
a Aird-rí.
28 Teacht uaidh
is nach saoil[eann sinn]
le dtiubhrainn
truagh an inntinn
grádh do pheacadh
seacha soin
is [eatal] ceatha
a chosmuil.
29 Gairid ann dá
aithle sin
go dtiubhrainn
truagh an inntinn
na seact
bpeacaidh as phian damh
deacair srian
leis an saoghal.
30 Ná [dalladh]
dá ndearnais mé
mo chóig
céadfadha a Choimdhe
deacair dún
cridhe cobhsaidh
do shúr nimhe ón
neartmhar-sain.