firstLine"; ?>

1442. Muintir Fhiodhnach na mionn [al Clann Riocair
Length: very long 109qq
Certainty: 4
Period:
  1. 16th ult
  2. 17th early [c.1600?]
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. satire
Manuscripts:
  1. TCD 1375(H.5.3) C. McPharlane 1696-
  2. RIA 6 (23/I/40) c.1700 ?Co. Offaly
  3. NLI G114 Uilliam MacCartnain 1703
  4. RIA 303 (23/L/37) John Stack 1706-9
  5. RIA 555 (23/L/26) 1708
Prints:
  1. transl. O’Donovan, Tribes of Ire., pp. 34-85
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. satire on appearance
  3. poets at feasts (Easter)
  4. stingy to poets
  5. mercenary soldiers
  6. fertility under true prince
  7. Fasting
  8. friars
  9. agriculture/food
Poet Christian Names:
  1. Aonghus na n-Aor (NLI G114, RIA303)
Poet Surnames:
  1. [O Dalaigh] (.i. an Bard Ruadh RIA 156)
Patron Christian Names:
  1. sname only
Patron Surnames:
  1. O Rodaighe, O Ruadhacain
Meter Vars:
  1. deibhidhe
  2. Rann
  3. Seadhn.
  4. Ae freisl.
Poem:

Poem in printable PDF format

Muintir Fhiodhnacha na mionn


[The Tribes of Ireland:A satire by Aenghus O’Daly with poetical translation by the late James Clarence Mangan; ed. John O’Donovan, Dublin 1852]


Muintir Fhiodhnacha na mionn

109 quatrains, pp. 34-85


Cuid Chonnacht:- quatrains 1-22

Cuid Laighean:- quatrains 23-29

Cuid Uladh:- quatrains 30-62

Cuid na Mumhan:- quatrains 63-109


Cuid Chonnacht sonn


1 Muintir Fhiodhnacha na mionn,

a bhfuil díobh fionn, agus dubh;

is mór an ceannach ar a mbiadh,

a dtugaid na dhiaigh do ghuth.


2 Arán Inide agus feoil,

ní íosainn acht dom’ aimhdheoin;

gídheadh is eigin cumailt leis,

ó nach féidir teacht tairis.


3 Muintir Eolais an úir chais,

lucht an chneamha bhuig, bhárr-ghlais;

oireacht gan arán, gan im,

lomas gach cuaille cuilinn!


4 Atá an teach mar nach cubhaidh,

teach Chathail Uí Chonchubhair;

clann a’s bean a n-amhgar ann,

teach gan arbhar, gan annlann.


5 An diabhal fear marbhtha mart,

tá a niu a gClár Chonnacht;

acht lotaire beag ó Chruachain Chuinn,

a’s socaire eile ó Liath-druim.


6 Is neach air ar thuit an t-sean-mhallacht,

innisim dhuit go follas -

d’fhanfadh a Síol Anmchadha,

a’s ifreann ar a chumas.


7 Má’s ar ghrádh do Mhuire mhóir,

do ghníd aon chuid ’na h-onóir;

dá mbiadh ag duine dá ndeachaidh,

biaidh Muire ag na Máineachaibh.


8 Cloch ar lasadh a mbainne an mhion-eallaigh,

leis an min má gheibhthear é;

a deir an t-anbhfann do shíol gCeallaigh,

“is maith an t-annlann Earraigh é.”


9 Iarraidh cno ar choilltibh sailigh,

iarraidh loingeas ar Loch Cé;

iarraidh coite ar an gCarraig,

is iarraidh toice ar amuid é.


10 Clann Riocaird tar éis aifrinn,

dul d’á dtighthibh ní abair siad;

deacair dúinn dul d’a dtafann,

caoire le h-ucht abhann iad.


11 Clann Riocaird ó bheinn go beinn,

ó Chill Chorbáin go Buirinn;

stiocardaigh is é a n-ainimn,

Riocardaigh a bhfor-ainim.


12 Muca dúbha Chlainne Seoinín,

mairid uile acht bárr a gcluas;

maireann ál na cránach ruadh,

ó chath Mhaighe Guaire anuas.


13 Do bhádhas oidhche gan digh,

a dtigh an Ghiolla-dhuibh, ’s gan bhiadh;

ní buidheach fear aon uaire,

a nGort Innse-Guaire riamh.


14 Ní aoraim-se acht mná matha,

clanna ríogh, no ro-fhlatha;

atá sibh-se saor, mar soin.

níor aor mise bhúr máthoir.


15 A Chloch an stuaicín! a Chúirt gan cheann!

le’r mheasas mo chúl do chur;

d’a h-ionnsaighe níor dholta dham,

an Chloch ’na mbí an ghorta an gor!


16 Ar ndul dam go Dún Sandail,

mo shursainn lán an lá sin;

iar seangadh ’san dún sin damh,

mo theannadh ó shoin níor féadadh.


17 Má’s ag díbirt deamhon táinig,

mac Chalpruinn tar sáile anoir;

níor dhíbir sé na deamhoin go léir,

a’s clann Giobúin tar a éis tsoir!


18 Ní raibh lúadh a n-Éirinn air,

’s ní raibh iomrádh a n-Albain;

do rine mé leas Uí Fhlainn,

níor bhfeas é muna n-aorfainn !


19 Fuaras a ndíseart Uí Fhlainn,

foighe ó nár bhuídheach m’inntinn;

abhlann ’s an gcill do choirce,

’s a h-annlann d’im adhairce.


20 Cill Chorbáin an Chill si shiar,

is mairg a rachadh a biadh fá na bhroinn;

arán is tana ’ná lainn éisg,

’s mar each seangáin an mhéis do gheibhinn.


21 Bráithre Maighne is maith fá mhormont,

is maith fá gach ní nach gcaith siad;

dá sheanóir ársaidh, annbhfann,

is maith fá chasnuidhe d’abhlainn iad.


22 Bráithre an Chláir is iad a deirim,

créad fa gceilfinn a lochta?

an dream chíocrach, chlann-mhór,

ag a mbí gann-ghlór na gorta !


Cuid Laighean


23 Sógh is fearr d’á bhfuaras fós,

a Laighnibh, móide a míonós ;

Gabhar truagh a dtigh Uí Bhroin,

’s gan luadh ar dhígh na dheághoidh.


24 Tuath Uí Riagáin na ruag dtais,

lucht an chneamha bhuig, bhárr-ghlais;

oireacht gan arán, gan im,

lomas gach cuaille cuillinn.


25 Ag sud chugaibh an Calbhach!

’na bhuinne bhuacach, mhíotharbhach;

dar leat is gamhnach galair,

an Calbhach O’Conchabhair.


26 Mám síl ar losaid bhronn-áird,

a dtigh an Chalbaig chúl-ruaidh;

sgealparnach le téadaibh searbha!

’s go m-bainfeadh súd mairbh as uaigh!


27 Dealbhna cruaidh, creat-lom, cnámhach,

aicme ghob-lom, ghearánach;

dá bhfaghainn Dealbhna go cruinn,

do chuirfinn lem’ dhearna a Sionuinn!


28 Feara Ceall ag déanamh nóis,

is cúis masla agus míonóis!

gnáth feannadh ag Fearaibh Ceall,

ar theallaibh gacha h-abhann.


29 Muintir Ghranaird ghainn-chille,

dream gan íocht, gan fhírinne;

cuideachta íotmhar, gan ím,

truideachta íochtair ifrínn!


Cuid Ulladh


30 Do bhéarfainn ’sgan dul d’a thoigh,

d’iarraidh airgid, no ealloigh;

go dtí an fhairge ar fad Bhanbha,

cáirde do Mhac Mhathghamhna!


31 An teach díola nach díol damh,

’s an teach iomchair, gan iomchar;

ein-neach na téid a d-tarbha,

do shen-teach Mheg Mhathghamhna.


32 Sraideog Chluana tiorma tiobraid,

d’aon neach ’na chorp beag a brígh;

beag a h-ionad ar chúl leice,

’s do bhéaradh cuil ’na h-eite í.


33 Druim Sneachta an baile bog,

gan airchinneach, - gan easbog, -

gan acht dá cháirneach ’san gCill,

ar shráid imleathain, ísill.


34 Do shluigfeadh an chuil d’aon-ghreim uaim,

gan an-shocair, - gan anbhuain, -

sreabhan a’s im ar a mhuin,

a gCill Ui Dhunáin Domhnuigh.


35 Chugaibh! Chugaibh! díol na truaighe!

déanaidh an uair-si féil na marbh;

O’Raghallaigh an seanóir suaidhte,

’s a chlann dhearóil, bhrúidhte, bhalbh.


36 Síol Samhradháin na mbuailteadh beag,

a’s iad uile ar bheagán bídh;

dream le’r binn ceol na cuile!

seamar a mbeol gach duine dhíobh.


37 Taobh ó thuaidh do Loch Síleann,

bíd gan aoin-ghreim ’san tsamhraidh;

le teacht bainne na ngabhar,

do gníd foghail ar sheamraibh.


38 Caoch an inghean - caoch an mháthair,

caoch an t-athair - caoch an mac;

caoch an capall bhíos fá’n tsrathair,

leath-chaoch an chú - caoch an cat.


39 Broc ar ghairbhe a’s ar ghlaise,

ap ar mhéid a’s ar mhío-mhaise;

gliomach ar ghéire a dhá shúl -

sionnach ar bhréine an Barún!


40 Pota beag a ngar d’a ghlúin,

mian do mhianaibh an bharúin;

dóirse dúnta ar bheagán bídh,

a n-aigéin Chúirte an Chluainín.


41 * * * * * *

* * * * * *

* * * * * *

* * * * * *


42 Mar leanaid síol Neamhnainn,

tre mhairbh-linn lorg na lachain;

leanaid Mánaigh an t-arán,

tre pholl-dalláin na srathrach.


43 Doire Brosgaidh nár bheannuigh Dia!

tá’n ghorta riamh ar gor ’san gCill;

sraideog thana mar lainn éisg,

’s mar ugh loin ar mhéis do gheibhinn.


44 Dá n-aorainn Clann Dálaigh,

níor dhíon dam síol sean-Adhaimh;

Clann Dálaigh ba dhíon damh,

agus síol sean-Adhaimh d’aoradh.


45 Tusa do chur ós a gcionn,

ní béim ar fhearaibh Eirionn;

dual mion-tsrotha do thriall go muir,

a stuaigh fhinnLocha Feabhail.


46 Dob’ olc mo thuras fa’n Nodhlaig,

go tigh Uí Dhochartaigh na h-Innse;

* * * * * *

a bhfuaras do bhrachán ínnte.


47 A n-aoradh ní doiligh dhamh,

ó dhuine liath go leanabh;

Cathánaigh na gcéimeann lag,

sgrathánaig Eireann aorfad.


48 Ní bhfuar do locht ar Oireacht-Aibhne,

acht gan aon neach ann do riarfadaois;

ní rachaid choídhche gan taobh togha,

go taobh réidh ’na rogha a rís!


49 Arán tana an Dísirt,

is íseal é, ’s is anbhfann;

dá mba ionann cuma dhóibh,

dar ndóich ba thruime an abhlann.


50 Mo aoidheacht a gCill Riagha,

dearcain dona droich-bhliadhna;

mar dhuilleabhar droighinn ar lár,

bairghean tirim Uí Dhíomáin.


51 O’Cróilighe beag na gciabh gcas,

fear nach deárna riamh a leas;

aghaidh an duine ar a bhrághaid,

ag tarraing a chaire ar éigin as.


52 Boith Mhéidhbhe! Boith Mhéidhbhe!

boith bheag tá a naice an t-sléibhe;

boith a dtómhaistear an cháith choirce,

boith na gorta, Boith Mhéidhbhe!


53 A chuil beag úd ar bhun na gaibhle,

d’a mb’eol duit déanamh fuadach;

bhéarfá mo chuid aráin a’s ime,

chois na Finne leat go suarach.


54 Muintir Eaghra, - buailte beaga,

finne iad nár chosain cliu;

is é is ceol doibh ceol na cuile,

ampall a mbeol gach duine dhiu.


55 Tigh fada fairsing ar lár bealaigh,

’s gan sáith seangáin ann do bhiadh;

cúradh a chroidhe ar an gceatharnach ghortach,

nach dearna tigh trom-shlaite ar shliabh.


56 Cinel Fhaghartaigh na fir,

fuigheall easgaine a’s éithigh;

fir mhóra, mhaotha, mheata,

chaocha, chama, chois-bhreaca.


57 Ard Uladh gann, gortach,

tír gan aoibhneas, gan aifreann;

Mac an tSabhaoisigh an crochaire Gaill,

fear casgairt báirneach le h-aircinn.


58 Ní fada go dtriallaim tar tráigh,

do’n áit ionna bhfaghthar fíon;

d’fhios na n-óg nach raibhe riamh,

gan mian d’fhaire na ród ríogh.


59 O’hAnluain a dtigh an Mhullaigh,

b’olc a chulaith ar a bheith ann;

ceathramh spideóige aige ar theinidh,

a’s fir Oirthear uile d’á chreim!


60 Beagán bainne a mórnán maoidhteach,

beagán bláthaighe a gcuachán cam;

beagán aráin le cois balla,

a’s nead ag an dubhan-allaidh ann.


61 Mac Canna an Dunáin doinn,

na samhail duine le Domhnall;

an t-abhall ’s a bhláth d’á bhrath,

’s ní tuirseach cách d’a chnuasach.


62 Beir mo bheannacht tar Bann,

mar a bhfuil Mac Canna, ceann na gcliar;

deacair dhúinne gan a shaoradh,

fear nár daoradh romhainn riamh.


Cuid na Mumhan do’n Aoir


63 Go críoch Róisteach na fód nglan,

ráinig mé [móide an mearbhal];

is feirrde mé nach n-ithim im;

dá n-íosainn é ní bhfaghainn.


64 Dun Baoi na sean-fhíon searbh,

mholaid amadáin Eireann;

’ná’n Dun Baoi sin, do bhéar geall,

gur céad aoibhne ifreann!


65 Trí h-ádhbhair fá’r sheachain mé,

dúthaidh Bheantraidhe a’s Bhéara;

cróin-mhill bhoga gan bhlas,

cuibhreann fada agus anglais.


66 Bladhmann fuaras mar bheatha,

a Mhusgraidhe mhóir Mhic Diarmada;

gur sheirg mo chlí do’n tart

go rochtain go Baile an Cholaigh.


67 Aithne dham mar bhíd na fir,

a nDun fír-thirim tairbh;

’na suidhe ’s a n-drom le cladh,

gan biadh, gan digh, gan leabadh.


68 Clann Amhlaoibh cosmhúil re cách,

samhairlighe pláis, sodar nach suairc;

a ngleanntaibh fraoich codlaid do ghnáth,

* * * * * *


69 Cáisg dham a dtig Mhic Donnchadh,

ro b-é mo chara mo chrios riom fháisg;

ba samhaialt a dhaoine ’sa bhféasta,

mar ba Aoine an Chéasta an Cháisg!


70 Ceirt Uí Chaoimh ó Chlárach,

ar ghaoith ní díon an bhréideach;

gídh atá a cheann ’na chríonach,

ní gann míola ann gach eang d’á éadach!


71 A spideog bheag úd ar an gcraoibh,

beagán bídh gidh d’fhoghnann duit,

dá mbeitheá oídhche a dtigh Uí Chaoimh,

do thuitfeadh do chlí ar do chruit !

72 Arán ’s gan ím d’á bháthadh,

’s a lán cáithe ’na chreataigh;

le ceastain mé bheith buídheach,

dob’ é sin m’aoidheacht ’san gCeapaigh.


73 Arán agus uisge lacháin,

mo chuid a dtigh Uí Cheallacháin;

is deacair croídhe o’n gcuid sin slán,

’s gur dá thighe an t-uisge ’ná’n t-arán!


74 Banntracht chriche Cheallacháin ar ló,

sean-mhná gan lón d’á dtáthadh le gréin;

is seirgthe seang-chliabhach a bhíd,

go h-ithe bídh a’s tar a éis.


75 O Phrúthas go Muigh-Ealla an tráchta,

do bhéar a teist mar a tá sí;

is breághdha an tír an tír ar fhéachain,

acht ní tír bídh ná éadaigh í.


76 Ag siubhal dam ar ghortaibh glasa,

o mhion-Cháisg go Lughnasa;

is iomdha cailleach cos-bhuidhe a gceirt,

ar fud Orbhraidhe ag ingheilt.


77 ’S an dtrugh dhona a dtárla a stigh,

a neid cait a gCúil-ísil;

ní bhfuaras a h-annlann d’im,

abhlann le h-im dá n-íosainn.


78 Ní fhuil fearg nach dtéid ar gcúl,

acht fearg Chríost le cloinn Ghiobún;

beag an t-iongnadh a mbeith mar tá,

ag fás a n-olc gach aon lá.


79 O’Donnchadha Ghleanna Fleisge,

do bhéar a theist mar tá sé;

biseach uilc thig de do ghnáth,

ar gách la ar feadh a ré.


80 Is mairg do mharbh a dhearbhráthair,

fá oidhreacht Ghleanna Fleisge!

a’s muna raibh ó’n ndearg-bhláthaigh,

nach raibh neach ann riamh ar meisge!


81 Tighearna na gCruach,

idir thuata agus shagart;

fuath an nóinín do’n oídhche,

bhíos do na daoinibh aige.


82 I ndeas-Mhumhain tar gach áit eile,

tuillid ó Dhia dul ar neamh;

fiu mar throisgid chionn a gcionntadh,

dul do chosaibh tiorma a steach!


83 Ní bhfaghaid maoth-chlann Muiris, -

[maithim dóibh a n-dearna siad], -

rann molta ná aoir uaim-si,

daoine bochta uaisle iad.


84 Luirgne breaca a gceirtibh lín,

’s a gcailleacha ar nasg mar choin mhaoil;

gur bhris an gad le h-éigean gorta,

’s an gcarraig nach féidir furtacht faoi.


85 Mo chuid a dtigh an Horaigh,

d’fhuadaig gaoith tré fhuinneogaibh;

eidir im agus arán,

nior bhféidir a n-eadargáil.


86 D’fhuilingeas [gídh ar chruadh an cás],

ar chuid bhig a dtigh Thomáis;

d’eagla a shúl dam chreim fá m’chuid,

mo ghreim gan bhrúghadh am bhrághaid.


87 Clann an mhic sin Éamoinn,

d’éis a marbhtha mairid siad;

do gheabhair a rian go Ráth Caela,

na h-iarr acht i n-am aonaigh iad.


88 Caenraidhe, griobha, cruaidh, goithghealach,

geannach, creat-lom, drong doithcheallach;

a naoidhghin uile ní maith rúin,

déan teora a’s cuir a ngabhann iad,


89 Roimh bhaiste labharaid siad,

ag órdúghadh beatha saothraigh;

ar mo dhearnain d’á mbeidis cruinn,

do dhéanfainn orra losgadh na míol.


90 Dóirse anoir ar ghaoith aniar,

druidthe bhíd a gCloinn Uilliam;

ní bhíonn ciall-ghaoithe agá ndóirsibh,

ní féidir a rís a n-ath-fhosgailt.


91 An trosgadh nach deárnadh riamh,

do rinneas duit-se a Mhic Uilliam;

do dhéan aoir duit dom’ dheoin,

agus do’n Aoine dom’ aimhdeoin!


92 A riamh ó tochladh thú a mhúir,

níor h-osgladh thú re neach;

fear an tíghe gídh b’é h-é,

cá’r léigeadh é féin asteach?


93 Do aon nídh eile ní buídheach mé,

a gcontae luimpre Luimne;

acht d’á ródaibh do chois d’fhior,

do bhac mé arís d’á bhfrómhadh.


94 Dul go Tuadh-Mhúmhain damh ba dheacair,

dinnéar lae ní chleachtaid riamh;

aon chuid ’sa fághail go gann,

díth an annlainn do dhall iad.


95 Do chuartuígheas ó Ath go Léim,

Tuadh-Mhumhain a’s Clann Choiléin;

a’s neach ’na bheatha níor bhronn damh,

bonn a ceathair do’n chopar!


96 An uair is líonmhaire Dal gCais,

timcheall tighearna an Fhorghais;

do dhéanfadaois creach an Chláir,

a mbí ar leath an Liagáin.


97 Má’s mian leat dul do’n ghorta!

bí gach Cáisg a gCeallaibh;

do rug Cealla geall ar ghorta,

ag romhar na gceall thall ’sa t-sneachta!


98 Iomdha scraith riabhach glas-ríghin,

* * * a gCill Chisín;

Cailleach gob-ghéar ’sa cúl clamh,

a gcaisleán dubh, fuar, folamh.


99 A fhir an channa bhig bháin,

ionar b’anamh sinn a fághail díghe,

an cairghios dob’ áil leat do dhéanamh,

annsa bhForghas go ngeabhthar é.


100 A ndoras Chaisleáin Chuinn,

dá mbeidhinn-se míle bliadhuin;

ní bhfaghainn aon d’á osgailt,

’s do gheabhainn ochtar d’á iadadh.


101 Muintir Chlainne Mathghamhna,

is tana rithidh a gcuid aráin;

samhail a n-im ar a miasa,

na h-eich fá bhfíghid seangáin.


102 Cloch a bpróca ’san gCorr-bhaile,

dún ba alainn taobh ar thaobh;

do tógbhadh chum reacht ar áith,

fad an dá liag atá eatorra araon.


103 Teach Uí Dhálaigh ba mór maoin,

bronnadh gan bhaois ag brogh bán;

ba lór d’orgán clos a chliar,

re siansa congháir na sgol sean.


104 Cian O’Cearbhaill ’sa chéile,

dias nár dhearmaid neimh-fhéile;

dias fhoirbhthe, choinntineach, chas,

choirpthe, chroinn-t-sileach, cheann-ghlas.


105 A measg a chaorach am’ rith,

do thuit mé am phléisg asteach;

a dubhairt Cian gur bhfeárr do spórt,

mé thuitim fa dhó amach!


106 Dream le’r b’ionmhain an bhró,

guth na caorach ’sna h-aon-bhó;

fine fuair gorta a mbroinn,

Cearbhallaigh na bhfeasóg dtirim.


107 A Uí Mhaoildeirg! a Ollaimh Eireann!

an ghaois áille do b’fhearr buadh;

an gcuirfidh tú liomsa chum mo thighe,

searrach óg, groídhe, buidhe, uait.


Freagradh

108 A bhodaigh! d’fhágbhais an fuigheall,

do’n ghort bhuídhe, agus é gan bhuain;

cuirfidh mé leat-sa chum do thíghe,

gad ar bhun do dhá ríghe uaim


Foircheann


109 Teine mhór a d-tigh Uí Mheachair,

fir agus feoil iona fhochair;

coire mór na bhfíongcaor bhfiuchta,

faoi ionlaoghas bó Uí Mheachair.


Eirígheas feadhmánach do mhuintir Mheachair, agus a dúbhairt ná h-aorfadh an “Bard Ruadh” Meachair go bráth, san tí nár admháil sé é a n-aoinfheacht amháin; agus leis sin do thug sáthadh sanntach do’n sgín sgoithghéir do bhí ’na láimh dheagh-thapa dheis, a mbrághaid Aenghuis, go raibh ag brúchtadh fola a chuirp ar an láthair sin : gídheadh sul ar sglog sé a dúbhairt :-


Gach ar thugas d’ainbhreathaibh riamh,

ar mhaithibh Múmhan, maithim iad;

do rug ógánach Mheachair léith, lom,

an oiread d’ainbhreathaibh orm !