firstLine"; ?>

1444. Mur do thogh Seanchan mar so (aceph) $
Length: short (incomplete) 15qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Cambr. Add. MS 3082 O’Reillys 1598-9
Prints:
  1. text Carney POR no. xiii
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. comparison of patron with all others
  3. comparison of patron with own family
  4. hosting, sluaigheadh
  5. imagery for kingship (buachaill)
  6. Inauguration
  7. citation of historical precedent
  8. Arthurian allusion
Patron Christian Names:
  1. Pilib mac Aodha
Patron Surnames:
  1. O Raighilligh d. 1596
Apologue Subclasses:
  1. Tromdamh Guaire
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Mur do thogh Seanchán mar so [acephalous]


[Carney, James: Poems on the O’Reillys, Dublin, 1950, poem 13]


1 Mur do thogh Seanchán mar so

teach Guaire mur cheann cuarto,

mur sin toghaim triall dot thigh:

cá cliar romhainn nár réidhigh ?

2 Mor bhfáth ’na dtuilleann tusa

ró clú don fhuil Aodhu-sa,

a chnú is fhíoraipghe don fhuil,

clú dod ríomhaicne romhaibh.

3 Cnú sin nach fromhann foghlaidh,

ní cnú fhás dá ollamhnaibh,

cnú lán is aipghe don fhiodh

dá rádh ós maicne Míliodh.

4 Cnú ós coill a chinidh féin

mac Aodha nár thuill toibhéim,

ar chlú mar do-cháidh tairsibh,

báigh leisin gCrú Conaill-sin.

5 Rug ollamh róm rogha glic,

in tÁodh Fionn ó bhfuil Filip

do raghain tar ríoghraidh Breagh;

samhail dá fhíorbhloidh eisean.

6 Ní fhuair aithghin Aodha Finn

a ccrích dár chuartaigh d’Éirinn;

breath Dalláin í in gach ionadh,

is andáigh í d’éilioghadh.

7 Mar sin measaim na mic ríogh

síos uadha fá gach éinghníomh;

cia is meadh do Bhalbhuaidh Banbha

re hanbhuain fhear n-ealadhna ?

8 Cóir d’Fhilib, is aithnidh damh,

cuimhne a fhiach ar fhonn Cruachan;

gearr go dtéighfe ’sa tulaigh,

fearr ná in Bhréithne a baramhoil

9 Ní bhia learg nach líonfa so;

béraidh sluaigheadh síl Fhearghna

don ráthChruachain is réidh fiodh,

céim le gnáthbhuachail Gaoidheal.

10 Fir Connacht ó cheann go ceann

dá ríoghadh fá réim aithghearr,

toisg cáich don chaomhráthghloin chuirr,

don ráith aolbhláthmhair áluinn.

11 Fian Fhilib ag éirghe a-mach

d’éis gabhála greagh siobhlach,

a bhfraochfhuighle, ní sáimh soin,

laochbhuidhne go ccáir chogaidh.

12 Mairg tír fá dtiobhroid aghaidh,

an sluagh sénta síodhamhail;

on fhiaidhealtain ní an soin,

cradh a bhfiaidhghleanntaibh fásaigh.

13 Cosmhail sin re slógh Filib,

tús catha mur chruinnighid,

réim slóigh a Síothbhrugh Neannta

fá bróin fhíochmhar inneallta.

14 Sul sguireas sé, saoilidh mé,

dóigh go ndingne in dá Bhréithne

’na n-aonchath im Chlár cConnla

tré lár aolchlach n-allmhardha.

15 Ní hiongnadh gur mhachtnaigh mé! -

dob fhiú a díoth re díol cléire;

ní anfa sí a gcomhar clú,

gé nách folamh í i n-énchnú.