Poem in printable PDF format
Murchadh Ó Briain
ó Chinn Choradh
[Donnchadh Ó
Floinn, ‘Seachrán srianach, 1642’, Irisleabhar Muighe
Nuadhat 1953, 19-20]
1 Murchadh Ó
Briain ó Chinn Choradh,
fear dar chóir
cosnamh Gaoidheal,
ag cur ’na
n-aghaidh tharla:
ní hamhlaidh sin
do síleadh.
2 Sluagh Gall ag
an mbarún mBrianach -
seachrán srianach
dá ríribh! -
agus Iarla Cuain
an Chaisleáin
ag gabháil le
clanna Mílidh.
3 Cócaire ag goid
na feola
uaidh féin, ní
móide a tharbha -
dála Murchaidh
fón Mumhain:
níor chubhaidh
d’fhior ’anma.
4 Ag cur i
n-aghaidh fear nÉireann
do Mhurchadh
chéibh-fhionn chúl-chas,
’na aon i
n-aghaidh phobail,
dó níor obair
dhúchais.
5 Do b’fhearr a
gcur re chéile
’s na meoir
shéimhe do shíneadh -
ordóg i n-aghaidh
glaice
mur atá is maicne
Mílidh.
6 Iarraim ar an
aon-Dia fíre,
ó ’sé do-ríne ar
saoradh,
go dtuga sé do
Mhurchadh
leas a anma do
dhéanamh.
7 A Mhurchaidh,
fiafraigh d’Íobheall
ban-fháidh fíre
do shleachta,
an mbiaid Goill
díleas díbhsi
ag cur chríche ar
bhur n-eachtra.