firstLine"; ?>

1446. Musgail do mhisneach a Bhanbha •$
Length: long 40 qq
Certainty: 4
Period:
  1. 17th mid (1646 A.D.)
Areas:
  1. Munster ?
Classes:
  1. Political
Manuscripts:
  1. TCD1382(H.5.10)S.OSuilleamhain1703
  2. Stoneyhurst A/II/20i P. MacCarrtha 1733
  3. TCD 1360 (H.4.19) Hugh O’Daly 1742
  4. RIA 490 (23/N/15) MmcP UiLongain 18c
  5. RIA 256 (23/G/23) M.OgOLongain 1800-
Prints:
  1. text Mac Giolla Eain, Danta Ceitinn, 70-6
Motifs:
  1. internal dating
  2. war with English q. xvii
  3. transubstantiation
  4. Rejection of Lutheranism and Calvinism
  5. treachery
Poet Christian Names:
  1. Seathrun (RIA 490, 256)
Poet Surnames:
  1. Ceitinn
Apologue Subclasses:
  1. Children of Israel fed manna in desert
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Múscail do mhisneach, a Bhanbha


[Eoin Cathmhaolach Mac Giolla Eáin, Dánta Amhráin is Caointe Seathrúin Céitinn, p. 70-6]


1 Múscail do mhisneach, a Bhanbha,

breathnuigh feasta fórlann t’uilc,

in bhur bhfaill ar feadh an fhill-se,

ná caill seadh a luinn-se luirc.


2 Do himreadh ort feall go fiadhnach,

má do fealladh ar fhonn fós,

gearradh mín ar mheall do bhrághad

do shín tar fheall námhad nós.


3 Móide is gránna gráin a ngníomha,

Gaedhil féin ar fhearaibh Fáil

d’imirt an fheill ghoimhigh ghránna,

cinn oirir is cána cáigh.


4 An chlann dá dtug tír an Tailghinn

tabhach córa ar chlannaibh Gall

gér bh’iad na togha ba throime,

níor bh’iad rogha a cloinne an chlann.


5 Acht clann mheillteach ar a máthair,

mic gan chás i gcríochaibh liag

cá tacair an tighe othrais,

nathair nimhe an ocrais iad.


6 An chlann tar iocht d’imirt feille

ar a máthair, miste a gcion,

do dhiól cill is tuath is tearmann,

a bhfuath linn ní mearbhall mion.


7 Ar scáth ríthe do shír cogadh,

do chuir cúl re creideamh dil,

tar éis móide do mheasc connradh

móide is leasc a lonnradh libh.


8 Clann Israel uair ’san Éigipt

fá anbhroid nirt námhad Dé

go mbriocht ngléis-iomláin ngeas ndorchra,

Éisiomláir deas tolcha Dé.


9 Iar dteacht trí Mhuir Ruadh chum réidhtigh,

ród nár bhealach roimhe riamh,

sléibhte tonn le taobh a slighe

raon a mbonn re gile grian,


10 Ród ’nar báthadh buidhne borba,

do bhí i dtóir go treathan ngarbh,

gan lot airm, gan choingleic gcéimeann,

maidhm oirdheirc na mbéimeann mbalbh.


11 Gan an Coimhdhe do chosc d’fheartaibh

gur fhear firmeint fearadh fras,

i ndíol do phroinn an plúr neamhdha,

an roinn úr ba bhreaghtha blas.


12 Gach bhlas ba mhian leis gach macaomh

ar an manna dá mheas féin.

Fuarsad catha na gceann srianach

fleadh na flatha riarach réidh.


13 Gan duadh, gan tseisrigh, gan tsaothar,

sásadh proinne ag pobal mhór,

ag an lucht a líon an fhásaigh

ní bhíodh tar an lá-sain lón.


14 Gur ghabh déistin ria ndrúcht nimhe

neoide bochta buidhne Dé,

mar gur domblas an drúcht nuaghair,

tormas fá bhrúcht uabhair é.


15 “Uchán! gan againn ón Éigipt,

oinniuin gharga is gáirleog dhoirbh,

gach meacan, gach lus do leath-sain,

deacair i bhfus d’easbaidh oirn!”


16 Rádh na dtruaghán gan taoim céille,

gur chíorrbhaidh Dia an pobal práis,

Pobal d’fhior-fhuil is cóir chuige

le díoghail mhóir bhruide is báis.


17 Clann Israel is í Éire,

Éigipt eile a géibheann gann,

a Muir Ruadh ’s a fearta féile,

bearta a buadh ar ghléire Gall.


18 A bplúr neamhdha anuas ón bhfirmeint

Eaglais Dé ’na deallradh féin,

lón gan locht, gan díosc, gan daidhbhreas,

i gcorp Críost le saidhbhreas séin.


19 A sógh gan duadh, gach dáil chabhra

’na cionn tig ó iocht na bhfeart,

muir is tír, Dia agus duine,

cia díobh nach tuile ag teacht?


20 Lus Éigipte is meithe meacan

modha claona an chreidimh chlé,

is bearta gníomha gan ghriangha

díogha reachta is riaghla ré.


21 Fonn Eabhrach i bhfiadhuil Éigipt

fonn ar chomhairle do chóidh (Consilium Supremum)

d’fhiadhuil bhréin an chreidimh cholaigh,

teibidh céim ón chonair chóir.


22 An fonn céadna i measc ár macaomh,

mór an baoghal a bheith fós,

eagail an tan ’nar thréig Éire,

méid do ghabh ’na tréidhe ar dtós.


23 ’S mór an náire i n-ainim fhíréin

d’aicme dár dhual gliocas glinn,

réasúin stáit ag stiuir a n-eathar,

i n-áit iuil nach creachach cill.


24 Tug ró a bhfuinn i bhfonn na cille,

coinnle-báidhte ar buidhnibh trá,

bhias ’gá gcloinn i ngruadhaibh gasta,

mar roinn uadhaibh lasta lá.


25 Mairg dá dtiocfadh tár an domhain

do dhul ar iath Gaedhil ghlais,

mar ba dú do shíor ar síolradh

do chlú gníomh ón ríoghraidh fhrais.


26 Meas éithigh nó eitigh chreidimh,

mar chlú ar ndul na cainte i gcéin,

re tír ’na ghlór ghnáth dá chasadh,

fáth badh lór le lasadh léin.


27 Tré tháir drúchta neimhe i n-allód,

is nuimhir Eabhrach iar n-éag,

a dtár úr do chrádh nár chosmhail,

a lán súl do ghasraidh Ghréag.


28 Tré tháir chuirp choisreactha an Choim(h)dheadh,

ceist nac fuasclann foircheann cáigh,

acht má’s measa fíor ná fíoghar,

’s neasa díon ná díoghal dáibh.


29 Caraid Lúiteir locaid Cailbhin,

cóir a locadh, líomhtha a nimh,

Uchán! amhairc sonn an sciamhach,

malairt na ndonn riabhach ribh.


30 Creideamh Críost re creideamh Lúitear,

laoch do bhanna Belsabúb,

curtha a-rís a riaradh reachta,

iadhadh grís a sneachta súd.


31 Gaois an domhnáin deise a léaxa,

leimhe d’fhiadhain Íosa a dháil,

gibé ris gach aimsir imgheas,

is é d’aimsigh imreas áigh.


32 T’aire riot, a Oileáin Éireann,

féach, a thruaghnait, treise ar thuit,

ná leig níos sia suim i mí-mheas,

cia dod chloinn bhus díleas duit.


33 Don chloinn, ba chlaon i gcúis chreidimh,

’s i gcás dísle Dia do spíd,

obthar libh go bruinne an bhrátha

gach gin chloinne tlátha tríd.


34 Ar son bheith do mhacaibh Míleadh,

ná meas ionnraic iad a-mháin,

féach trá ann do dheirbh-fhine is dile

dá cheinn-bhile tighe Táil.


35 Ar son scáile do scaith creideamh,

creidte gníomh roimh chaint is cairt,

ón chomhairle aird ar éirim,

ro-dhoilghe, a mhairg, d’Éirinn Airt.


36 Ar son chonailbhe nó combáidh,

nach ceanglann subhailce sluagh,

acht le gaol fola nó feola,

dona an chaor nach beodha buan.


37 Ar son chreidimh go dian díreach,

gan dul seach anonn ná a-nall,

a dteadhma tar tháin do thionnlaic,

dáil na feadhna is ionnraic ann.


38 Ag so an chlann is clann dáríribh,

riu so is sínte súgh do chíoch,

bíodh i gcéim gur b’iad do b’ísle,

is iad féin is dísle díobh.


39 Ní hiad iarras áit ná onóir

ná an fear thuas do threascradh síos,

t’fhonn is cóir chugtha gan oir-éad,

dóibh is tugtha a gcoimhéad cíos.


40 Míle go leith sé is seacht bhfichid

andáil Íosa iar n-uair gan ghó,

aimsear bhuadha na bhfial bhfeardha,

ní chuala riamh meanma is mó. MUSCAIL DO MISNEACH.