Poem in printable PDF format
’Na Bhrian táinig
Aodh Eanghach
[Ó Donnchadha, T.
Leabhar Cloinne Aodha Buidhe, Dublin, 1931, poem 7]
Ó Gnímh .i. Brian
.cc.
1 ’Na Bhrian
táinig Aodh Eanghach;
da thaobh táinig
gach deighbhreath;
agso ’na Bhrian
Aodh Eanghach,
caor dhernach na
Niall neimhneach.
2 Ráth Néill ag
Ua Néill Bhuidhe,
mar budh gnáth
’ga fhréimh reimhe;
beg an tegh
Teamhair Mhidhe
d’fhearuibh Line
feadh fleidhe.
3 Do thogh an
Bhanbha ar mBriainne
ge tharla a gcol
re chéile
ní thug sí léim
tar líne,
ríghe Néill dob í
Éire.
4 Le mac Feidhlim
fríoth Gaoidhil
fíoch um Éirinn
nach éirigh;
ní chuir Brian
geimhle ar ghiallaibh
d’iarraidh
seilbhe ar fhiadh nÉimhir.
5 Ceann slúaigh
in gach idh iarruinn
san tigh asar
fhuaigh Éirinn,
do bhí an
geimhiol re a ghualainn,
rí as tuaraim
d’eigher Fhéilim.
6 Neimh ghon ó
ghlasoibh daingne
ar bhasoibh ag
cor cuimhghe;
d’iath gall do
gheubhthar eighre;
feughthar geimhle
ar gclann gCuinne.
7 Crithir bheo ar
áth a n-iomaidh;
gan sgáth a ngleo
ré ngallaibh;
ní bhí i ngliaidh
glac a foinnimh
slat a coillidh
Bhriain Bhallaigh.
8 Líon gliadh gan
deithbhir ndíola
fá Bhrian ’na
mbeithribh cródha,
maithidh cungnamh
chlach mbuadha
cath Tuama ag
turnamh tóra.
9 A ngruaidhe ag
gabháil fhiochaidh
nach furáil
fúaire i ndeochaibh;
ní chluin an
t-oighre ón athair
doilghe an
tachair d’fhuil Eochaidh.
10 Slegh arsaidh
do ghoir gualoinn
Saxoin da ngoin
le a géirrinn;
báidhter le crann
thonn dtírim
sgríbhinn gall ar
fhonn Fhéidhlim.
11 Báidh re a
ghaolfhuil do gabhadh
dar chaomhuin
clár na gcuradh;
ceithre géill go
Brian bearar,
nír beanadh giall
d’fhéin Uladh.
12 Ráth Bhreagh
na n-innseadh n-ealach,
meadh dha
shinnser, do shoidheach;
nár shaoil sibh
Banbha buidheach
d’fhuireach fhir
h’anma i nOileach?
13 Críoch Bhanbha
id sheilbh fa shéula,
gan fhaghla gan
fheidhm n-ágha
tug tú led mhóid
gan mhaora
go crú Aodha cóig
cána.
14 Gan fheidhm
bhfaire ar iath Uladh,
gan aire ar
ghiall dar gabhadh;
ní théid sin as
dot omhan
dá mbloghadh glas
fhir fhaladh.
15 Fearg an
chuain gan bhailg mbrisde,
gan chailg
mbuaigh a lerg luisde;
ionnlaidh ben
fháinne eisde
sreabh Feirsde ar
áilne a huisge.
16 Geall ó lucht
fhuinn ’ga healaidh;
gan tuinn i
n-ucht a hoirir
go mbí bróg fhir
’ga eighir;
beiridh sin fá
fhód Oiligh.
17 Dísle ó
gCairbre ar tegh dTemhrach,
ísle a fhedh
airde a chonnlach,
braighde ríogh
fhréimhe Luighdheach,
díobh cuibhreach
gréine ar ghormshruth.
18 Gan sgaoith ag
tuinn ’ga toghuil,
gan ghaoith ag
buing da bhruighin,
dírghe i ndiaidh
fiair a bhfedhuibh,
leabhair Bhriain
ar fiaidh bhFuinidh.
19 An Lia
d’fhagháil dob ainbhreth;
ar labhair cia
len cuimhneach?
Do sguir róimh do
reic Temhrach;
cóir neamhghuth
ar leic Luighdheach.
20 An sporadh
fhúair an eachraidh
ag goradh a
ghruaidh leithghil,
go dtug tú an
bonn ’na bhruithnibh,
cuirthir crú
dhonn le deithbhir.
21 Feadh bloghtha
berna fraochdha
do dherna um
dhornchla gcróchdha
téghaidh meóir
fhir a hiartha
i ndeoidh
cliachdha a tigh órtha.
22 Filleadh do
dherc is doiligh
gud shilleadh do
sherc righin,
ben ler mhaith í
fá fholuigh
oruibh do chaith
sí a sibhin.
23 Clú do dhuas
fá iath nÉimhir
tar crú na Niall
suas sínidh;
ní fríoth lat dod
ghnaoi guaillidh
ge taoi ar
guaillibh mac Mílidh.
24 Sé rígh dég
róibh ’na roighnibh
do shóidh dod
thréd go Temhraigh
fostar thú le
Trian Conghoil;
congbhaidh cú
fhiadh ó ealbhaibh.
25 Cia an adhbha
do iarr bárda
san Bhanbha gan
Bhrian cheudna?
Ní dheachaidh
díobh d’fhiadh Fhódla
fógra gliadh do
shíol Shédna.
26 Ní rabha acht
taidhbhsi toirnigh,
mana na bainnsi
ag Breghaibh
ní fer coda
d’fhiadh Fhuinidh
cuiridh Brian oba
ar Eamhuin
27 Blas fleidhe
uaidh ar fhírshreibh
do bhuaidh a
bhleidhe fháinnigh;
beg d’iongnadh an
chuirnn chraobhaigh
claonaidh
fiodhradh dhuirnn dháilimh.
28 Guaille gleann
is grádh cionadh,
do gheall re clár
na gcuradh;
dar le Brian ní
bhiadh falamh
dá ngabhadh trian
d’fhiadh Uladh.
29 ’Sé a
hochtuibh oilén ngoirmshreabh
ag rochtain oilén
n-iongnadh
do mheall go
Brian bhróin maighreadh
niamh failgheadh
n-óir ar iomramh.
30 An oil fhúair
a fher iomaidh
tre gheal
ngruaidh ’na ghoil annuimh
rí i ngliaidh do
bhuain da bhonnuibh
donnaidh gruaidh
í Bhriain Bhallaigh.
31 ’Siad le Brian
fa fhonn Eunna
Niall is Conn ar
a chúla,
lá gliadh ní
ghoir a ghruadha
a bhfoil uadha
d’fhiadh Úna.
32 Geall gliadh
ag mosgladh míleadh
Brian ag brosdadh
na nGaoidheal
earr don
bhrataigh ’ga mbualadh
bacaidh ruadhadh
ceann gcraoishleagh.
33 Gaoidhiol gan
char ’na chomhar
aoibhiol ar nár
an teimhiol;
glas ag Brian ar
iath nUladh
umhal bhfiach
giall i ngeimhiol.
34 Rí uaidhe i
gcléith gan chaomhna
go sgéith n-uaine
go n-órgha
ní snaidhm ar
Bhrian a bheurla
suil theurna
giall airm órdha.
35 A ól
fírshreabh ar foghuil
rífhleadh a hór
’na aghaidh;
an ní do-níodh
anuraidh
níor chubhaidh rí
i gcíogh gcalaidh.
36 Ua na Niall
tar thoil dTemhra
le goimh nua do
íarr omhna;
anní sin banuis
Banbha?
Gabhuis arma fhir
fhoghla.
37 Guaire chrú
fhaoilidh Eoghain
clú gach aoinfhir
do éiligh;
do gheibh clíar
uaidh a hiarraidh;
ní bliadhain
fuair d’fhiadh Éimhir.
38 Comha ar gach
cloinn da gcenuibh,
na croinn ag dola
ós doiribh;
fir mur shíol
Néill anuraidh
brughaidh dhíobh
fá fhéin Oiligh.
39 Geis an
chuaigh ód-chí brisde
do bhí a ghruaidh
’na ghruaidh ghuiste;
sgél le Bodhbh ar
fóir bhFeirsde
corn fleisge óir
fá uisge.
40 Go hEamhain an
tráth tigthir
Temhair le cách
ní cleachtair
téid barr
uathaibh le hUltaibh
Ultaigh clann
Tuathail Techtmhair.
41 Neimh ghon í
Chuinn ní chronoigh
do bheir gol i
gcuirr chalaidh
lá tar fher
gcréchta cuiridh
fedh tuiriimh
euchta d’araidh.
42 Dob fherr
dhóibh díol a chána;
an síodh
do-chóidh ar gcúla
do bhuing a
n-eachlach d’éra
sgeula gealchlach
fhuinn Úna.