firstLine"; ?>

1448. Na bi dom buaidhreadh a bhean $
Length: short 5qq
Certainty: 0
Classes:
  1. love poetry
Manuscripts:
  1. RIA 888 (12/F/8) O’Curry trscr. RIA 5
  2. Book of O’Conor Don (index)
  3. RIA 5 (23/D/4) 17th c. Munster
  4. TCD 1381 (H.5.9) T.O’Reilly 1684
  5. NLI G 140 M.Troy & R.Tipper 1724-40
Prints:
  1. text O Rathile, DG no. 17
Motifs:
  1. Pains of love
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Ná bí dom buaidhreadh, a bhean


[Tomás Ó Rathile: Dánta Grádha, no. 17]


1 Ná bí dom buaidhreadh, a bhean,

cuiream d’aontaoibh ar n-aigneadh,

tú mo chéile i gClár na bhFionn,

lámh tar a chéile cuiream.


2 Cuir an béal ar snuadh na subh

rem béal, a chneas mar chubhar;

sín an ghéag chneasaolta chorr

tar mhéad th’easaonta oram.


3 Ná bí níos foide, a shéimh sheang,

gan bheith tairise im thimcheall;

leig id chuilt, a mhínsheang, mé,

síneam ar gcuirp re chéile.


4 Mar do thréigeas, a thaobh slim,

ortsa gach aoinbhean d’Éirinn,

a dhéineamh más éidir ann,

tréigidh gach éinfhear oram.


5 Mar do dháileas dod dhéad gheal

an toil nách éidir d’áireamh,

cóir a dháil damhsa mar so,

bhar n-annsa, sa cháil chéadna.