firstLine"; ?>

145. A-nois caoinfead-sa Clann Tail $
Length: very long 53qq
Certainty: 5
Period:
  1. 15th mid
  2. 15th ult
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. elegy wp
Manuscripts:
  1. RIA710 (23/H/25) 1783-5 Kerry
  2. Mayn. M8 Sean O Mulain 1818
Motifs:
  1. envoi to St Bartholomew
  2. moral qualities of woman patron
  3. intellectual attainments
  4. nobility of ancestry
  5. Material rewards for poetry
  6. liberality to poets
  7. plight of subjects after ruler’s death
  8. symptoms of grief (tears of blood)
  9. poet’s own mourning
  10. almsgiving
Poet Christian Names:
  1. Domhnall Og (RIA 710?)
Poet Surnames:
  1. O Maolchonaire
Patron Christian Names:
  1. Aine ingh. Briain mc Thoird. & ingh. Slaine
Patron Surnames:
  1. O Briain (Mac I Bhriain Aradh)
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

A-nois caoinfead-sa Clann Táil

[RIA 710 (23/H/25), 16r]

Domhnall Óg Ó Maolchonaire cecinit

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 A-nois cáoinfead-sa Clann Táil

biodh gur chaoines chúis tochraidh

cáoi shluaigh don ríoghradh réimhe

d’fíorghul chruaidh ar gcroidhi-ne.

2 Adhbhor a n-athcháointe a-rís

fuair me fá-riar gan roisgís

ga hamhghar nar chuir ’nar gcionn

adhbhar ar nach fuil foirchenn.

3 Adhbhor nach eireochadh uaidh

go ló an bhraith dia do diombúaith

mo shlán fa adhbhor da éis

fam chrádh geirbh adhbhal d’faisnéis.

4 Maithim do maith ’na déaghoidh

gidh be is críoch dar gcinnemhoin

madh maith saith ’sa ttocht fam tho(i)l

maith tar olc ní iairoimh [leg. iarrobh?].

5 An chinneamhoin gidh í ann

do-chuaidh a tarbha thorom

do bhuail me an chuilfheith go ceart

mo lúithfhéith uaim ar n-imthecht.

6 Áine ingean Bhriain Berbha

dob í críoch ar gcinneamhna

’s fath m’athchaointe ar thréad Ó dTáil

éag don ghlancháointe ghrúadhnáir.

7 Ní hadhbhor oile ach[t] a héag

tug orm athcháoi na n-áirdghég

bíodh nach deacha-sa da dol

críoch mo bhetha-sa a bás-[s]an.

8 Do thairgfinn bheith beo ’na ndiaigh

go héag Áine ingen tsaoirBhriains

gér chéim crúaidh gan éag re a n-áis

ar éag uaim d’féin an Fhorgáis.

9 D’aithle bháis bháiné mhóire

ní deire[adh] dar ndobróin-[n]e

téid a díoth ní [as] sia iona soin

ní bhía críoch ar ar ccu(i)maidh.

10 Bíodh go nguilim crú an chroidhe

d’aithle bháis na brianaighe (?)

níor dhligh mé a mhaoidheamh mur ghol

ní hé an caoineadh nar cennchadh.

11 Críoch ar mbetha ar mbéadhg bhais

éag Áine damhna ar ndoláis

eascor coitchenn chléire is ceáll

foirchenn na féile a foirchenn.

12 Ní mesa dhamh-sa iona dháibh

biodh go bhfuilim-se ar fagbháil

éag don donnabhraigh (?) úir fhéil

na d’ollamhna[ibh] mhúir mhóirNéill.

13 Dob fiú a toirbherta troma

d’éigsibh leasa Líathtroma

cosgairt phrémh á súl sochtla

ar gcrú a ndér ndonnchorcra.

14 Do dháileadh dhóibh ga ttám dho

seó[i]d uaisle cruidh is cethra

’sa lán d’iolmháoinibh re á n-ais

bud ionmhaoidhimh ’na n-égmais.

15 Mar sin a dhligh dhíne an daimh

ó[s] sinn féin fúair a hédail

tar gach mnaoi do chraoibhfhiodh Chais

a cáoinne[adh] ar áoi a hionnmhais.

16 O táid cách aig coimhling rinn

oirches dúin déanamh díthchill

ag cá[oi]e Áine a [leg.do?] fhóir sgol

ar mbáire bróin nach berthor.

17 [...] comhair caoi an dáimh

aon lucht oile d’fiath fionnThail

[dual?] do chléir chraoi Bhanba

cáoi do reir a rótharbha.

18 [...] a cléire is cháich oile

ní hionann iad d’eolchoire

[is níor]bh ionann fáth na bhfer

ní hionann do chach cáoinedh.

19 [Crú a?] ccroidhe is cáoinedh don chléir

uísce is dércaoinedh doibh-séin

[ní?] ionann dóibh cáoi na ceas

dhá cáoi do-chóidh ó chomes.

20 Tús léin don lúaithchléir shiobhloigh

éag inghíne Thoirdhealbha[igh]

tig gach láoi a leanamhghar dhe

éanadhmhor cáoi na cléire.

21 Gidh be ben do bheith mar í

lan d’úaisle is d’feidh[m] gan fhairbhrí

’s ’na post comhairle ag táth treabh

rodoilghe á cách á c(h)áilleadh.

22 Ge bheith lán d’iúl is d’aithne [16v]

’s ’na hinneóin chrúaidh chothaighthe

fachoin dímbríogha á dul sin

bun gach ímsniomha a hoigh(a)[i]dh.

23 Déighbhen gan bhéim gan bhine

lán d’féile is d’foisdine

gan gnás ’na húaisle gan oil

a bás an uair-si is easbaidh.

24 Gidh be ben do bheith budh-dhéin

lan do treithibh gan toibhéim

’s do chraoibh lí clairesdoigh Chuirc

bud laineasbaidh [í] d’abuilt.

25 Do bain[e]adh dhín dia do chreich

bean na n-airrdheadh-úd d’einleith

iomdha on gcreich easbaidh ile

mestor ’na creich choillighe.

26 Na tréidhe budh maith á mnáoi

[do] bhador fós da bh[f]eachtáoi

idir náire is chéim [is] cruth

á nÁine féin go fíadhnach.

27 Do bhí fós gion go mbeith bean

lán d’oirbhert is d’foinneamh

gan bheith loinnbhertach lochtach

(i)s beith toirbhertach tabhachtach.

28 Cuid da tréighibh aignedh fhíal

ingen tSláine cúl clannfhíar

níor bhainchéillidh(e) a glor glan

mór da deaghthreidhibh dearbhthar.

29 Níor thuill ferg náoimh na neimhidh

na diomdha áoin oirbheiridh

’s níor túair ithiomráidh na oil

da grúaidh crithiornair chobhsoigh.

30 Fachoin orchra a n-áirmhím dhíobh

do bhí do mhéid a mórghníomh

dréim re a deáighthréithib[h] do meas

gur chéim ainchéillidh d’éigeas.

31 Gidh edh ní heider le cach

gan cuid da hairrdhibh d’íomradh

do bharr doilgheasa ’na deóigh

’ga rann coimhnesa is cineoil.

32 Cia áonduine ga dú dhi

más do reir gháoil théid tuirsei

gan a horchra d’fiachaib[h] air

do thríathuibh tolcha Tuathail.

33 Trúagh mar chaithid láoi leabhra

Dál gCais na bhfledh bhfíneamhna

da gcrádh ’na gcosradhoibh chró

lán d’osnadhaibh is d’iargnó.

34 Más ar gaol gercháointer cách

ingen tSláine dreach dhonnbhlath

dlighid Búrcaigh na mbert mer

techt ’na ccuplaibh dá caoineadh.

35 Dlighid fós clann Gheroilt ghloin

ar aoi a gaoil riú ó rothoil

fóir na lann lúthghonta ón laoi

barr duthrochta re a deghcháoi.

36 Ní diongna a ccomun[n] caoi sin

sioll cCearbhoill is crú Carrthaigh

do bhí a bhfuil ’s a bhfeoil innte

na túir ón bhFeóir bhfinnlinnte.

37 Ní hinnin(i)ste a n-orchra so

síol sáoirBhriain fréimh a fola

’s ní(or) nach iomchomhoir cáoi cháich

ré a gcaoi n-iolchoroigh n-anbhfail.

38 Barr eolcoire chloinne Cais

na máoidh trá a anaca[.......]

riú féin do bhain [leg. bhean?] a bunadh

ben da bpreimh a bfhiorp[udhur?].

39 Cáoi Áine ni iongna dháibh

do bhí ger mhor crú Cais[...]

bas fhinntim budh tláith treisi

a sáith d’inntinn aicei-si.

40 Sáoire fhialbhan fhinne Táil

do bhí ’na hinntinn adhnáir

’s modh merluthcais ’na méin ríamh

scéimh dheghdhuthchais [go ndeighmhí?]an.

41 Ní mhairionn ní dheachaidh dhíobh

bhen a macá samhla á sóighniomh

ar mhéin aobhdha ar fhéile ghnáth

ar chaomhna cleire a[r?] [con?]ach.

42 Ge táid mna rúadhBhrianach ríamh

’no (leg. ’na) ndoigh derluice dáoir[chl?]iar

do-chuaidh dhíobh ar n-éag Áine

go héag díol na dáoirdháimhe.

43 Gér ghuais éag mná da siol sin

doilghe a héag ara hairdhibh

a rún crúaigh a caidreim caoin

’s a haigneadh nar thúair ta[th?]áoir.

44 Ar fhoir Fhorgais an fuinn te [17r]

’s ar gasraidh mer mhúir Mháige

tug brón sioruidhe nach súail

pór na rioluibhe ón rámhchlúain.

45 Ní lugha ar bhocht trá a toirsi

na ar dileacht a doghoilsi

na ar aos anfhann a sníomh sin

gur shníomh anbarr a himnidh.

46 Do mhíll a héag mar-aon ann

mná uaisle áos óg anbhann

’s ní hiad a-mháin do mhíll sin

do mhíll a lán nach luaidhthear.

47 A-tá feadhan nar mhaoidh mé

lán d’orchra is d’a[in]cios tríthe

do sgé a neimhdhéra ré néimh

deibhléana Dé go díseir.

48 Ge bhedh bhós gach drong diobh sin

da innoige a[c?] a cios eignigh (?)

’s cuir a ccló á n-amhgar uile

mó a n-adhbhor na a n-eolchuire.

49 Bean úa Thoirdhealbaigh chlair Cais

ingen Toirdhealbha[igh] thrachtais

iomga ó call timmeanm(h)[n]a thinn

barr cinneamhna ar an gcreidhim.

50 Na bailte a mbiodh meadhoir mhór

feachtur libh lán do dhobrón

gan aoibhnes gan ól chorma

brón na gcraoibhlios ccorcordha.

51 Féach Fertán na ngrianbhrugh nglan

’sa Caithair na bhfleadh bhfionmhur

múir thoghtha fa mó(r) meadhoir

fa ró orcra imneadhoigh.

52 A Phairthalóin puirt nimhe

sir ar Mhac na Maighdine

mo bhreith da bhrugh núaidhe a-nón[n]

’s gan mo chur uaidhe a n-iofronn.

53 Da breith tráth ar nimh a-non[n]

’s gan neart ar an éag agom

an sduad neambhocht do thúar toil

benocht úaim ar a hanmoin. A-nois...