Poem in printable PDF format
Ná brosd mise, a
mhic Dáire
[McKenna, L.
Iomarbhágh na bhFileadh (Irish Texts Society, vols 20, 21,
1918); poem 7]
Lughaidh Ó
Cléirigh .cct.
1 Ná brosd mise a
mhic Dáire
go laochraidh
fóid fhionn-Máighe
atá agaibh madh
áil dhaoibh
cagail d’Íbh Táil
nó a dtathaoir.
2 Ná dúisigh
feasda ar bhfala
ná báidh cheana
ar gcomhramha
dom brosdúdh i
gceann ó gCais
is fearr
m’fhosdúdh na n-éaghmais.
3 Gidh cairdeach
mé ag maicne Chais
dob’ adhnár
dhúinn a ndearnais
tar cheart i
dteagmháil Torna
gan teacht
d’eadráin mh’athardha.
4 Dá bhfréimh sin
’s as díobh dhuid-se
mo charaid mo
chomh-fhoigse
id dhán gur
thobhuigh tusa
tár oraibh níor
fhóbras-sa.
5 Ní tearc file
is fear dána
don taoibh-se ar
tí mh’eadrána
as fhearr ’s as
mhó ná mise
dá ró um cheann
na cúise-se.
6 Dóigh liom fa
hí dob’usa
is tríd trá do
rádhusa
ar bhfreagra ní
fáth beadhgtha
tar chách d’eagla
th’imdheargtha.
7 Báidh rém ghaol
gur ghabh mise
ag so an tráth fá
dtuigfe-se
dom dhán gidh
do-bhuidheach sibh
glár comhuidheach
dá gcluintir.
8 An tráth
chuirfid aghaidh ort
deigh-fhilidh
chóigidh Chonnacht
guais a
lonn-fhuighle i leith ribh
breith rém
chonnailbhe cuirfir.
9 Don chioth
iomuis fhearfaid daoibh
goimh ar ndána ba
díomhaoin
mar bhraon dá
bhfearthair ria bhfrais
saor ó a
dteangthaibh ní tharghais.
10 Dol do thagra
riú ní réidh
atáid re haimsir
n-imchéin
mar gach
follamhnas fuair sionn
uaibh i
n-ollamhnas Éirionn.
11 Ní fheachfaid
dot ór dána
gé dóigh léd
lucht combádha
nach baoghal libh
as a los
dá gclaonadh sibh
an seanchas.
12 Dán órdha ní
hé do ní
cosnamh gach
cúise a-deirthí
as taosga i
dtealaigh na bhFionn
acht leabhair
aosda Éirionn.
13 Do b’fhéidir
dhó re dán nglas
gibé file as
fhearr eolas
fa chlár Teamhra
na dtachar
dán breaghdha do
bhréagnachadh.
14 Ná gabh chugad
a chara
mh’éagnach i
gcruth carthana
trom um laoidh dá
bhfaghar ort
do rabhadh
dhaoibh a-dubhart.
15 Mo rabhadh is
tríd targa
it iomdha ar
n-aos ealadhna
gomadh éadóigh
breith ar mbairr
is bheith don
éagcóir againn.
16 Ní nár dhuit
dol fár mbreith-ne
uathadh dot aos
cuidighthe
is cosnamh na
cára i bhfus
turnamh gach dála
an díomus.
17 Buidheach bhós
badh beithte dhuit
dod dhán dot
éigse ordhruic
ó bhfuil róibh do
réir m’aithne
an chóir féin dá
bhfaghaibhthe.
18 Mo theagasg ní
thiobhrainn duid
’s ní chuirfinn
acht mar charaid
locht id leith
dámadh námha
acht bheith ort
go héadána. NÁ BROSD.