firstLine"; ?>

1452. Na chuig rainn deag so do Dhia $
Length: short 15 qq
Certainty: 4
Period:
  1. 16th ult
  2. 17th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. RIA 8 (24/L/6) E. O Caoimh ?1679
  2. TCD1382(H.5.10)SOSuilleamhain 1703
  3. Mayn. C 88 Eoghan O Caoimh 1704
  4. NLI G 127 Richard Tipper 1713-15
  5. Mayn. B 9a Tadhg O Neachtain 1708-17
Prints:
  1. transl. McKenna, AOD, pp 4-6 (no. v)
Motifs:
  1. envoi to BVM & Michael archangel
  2. patron’s liberality to poet’s
  3. king’s officer: maor
  4. landscape disturbed by God’s anger
  5. the Trinity
  6. Role of BVM in man’s salvation
  7. kinship of BVM with humans
  8. Judgement Day
  9. repentance for secular art of poetry
  10. legal terminology
Poet Christian Names:
  1. Aonghus (RIA 8)
Poet Surnames:
  1. .i. O Dalaigh Fionn
Patron Christian Names:
  1. God
Patron Surnames:
  1. ‘saint’
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Na cúig rainn déag-sa do Dhia


[McKenna, L.: Dánta do chum Aonghus Fionn Ó Dálaigh, Dublin 1919, poem 5]


Do Dhia


1 Na cúig rainn déag-sa do Dhia

re puinn do bhréagaibh ní bhiú

rainn díola dom dhán do Dhia

ní bhia díogha dá rádh riú.


2 Laoithe meallta ós ogail iad

ní leanta don obair úd

mór an baoghal buadh na mbréag

gidh tuar séad san saoghal súd.


3 Teacht tar ceart Gaoidheal is Gall

im laoithibh ’s bheart bun ós chionn

molfad tráth an t-urra as fhearr

[is] cuma leam cách im chionn.


4 Mac ógh-Mhuire is urra dhún

córaide a mholadh go mór

is é as mhionca ’s as mhó díol

cá bríogh dhó gcionta do chlódh.


5 Rí nar chuir dochar ar dhuais

dá mholadh ná sguir le sgís

rí nach leigfe ar ceal ar gcúis

lean dá ghnúis gheil-the mar ghrís.


6 Athair is mac iodhan úr

’s an Spiorad glan neartmhar naomh

mac Dé do dhírigh ar n-iúl

triúr dá ríribh é agus aon.


7 Lá na coinne sa chúirt mhóir

ar súil do choisde do chuaidh

mairg atá an lá-sain an leoin

gan treoir na ghrásaibh lá an luain.


8 Aigéaraidh Críosd ar a chlainn

a thaisbeánta na trí rinn

[bior doiligh] an deilge dhuinn

le tuinn fheirge an [troighidh] thinn.


9 Oisgéalaidh [Sé] croidhe a chléibh

taisbeánfaidh an oile i n-úir

agus biaidh dearna an deilg mhaoil

na caoir deirg le ndearna dhúin.


10 Biaidh Muire Máthair i nguais

an lá-sain i gcoinne an cháis

gidh iomthnúidh rém óigh dá éis

cóir spéis na pioctúir ’s na páis.


11 Biaidh an fhairge na bróin bhuirb

le hanfadh mór cá mó mairg

biaidh an chruinne na caoir dheirg

le feirg Shaoir na n-uile ós aird.


12 Mór mo bhaoghal san chás chruadh

fa bhráth ar ndaoradh na ndúl

máthair Ríogh na n-uile n-ógh

Mhuire mhór munab díon dún.


13 [Má] mholfad Muire mo shiúr

ní cosmhail nach uighior eol

ler ibhis a Rí na ríogh

don chíogh mhilis do bhí id bheol.


14 Le Muire más anáir é

ní faláir go bhfuighe mé

bean deagh-chroidhe is ógh mar í

ní mór dí a leaghfoidhe lé.


15 Saor meise a Mhíochaoil nach rú

a río-mhaoir as treise tá

ar neamh-shógh do bhí ’s ní bhia

an Dia do bhí i meadhón mná.