Poem in printable PDF format
Ná déana díomas,
a dhuine
[Mac Cionnaith,
L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 43]
Aonghus Fionn Ó
Dalaigh (?) .cct.
1 Ná déana
díomas, a dhuine;
deimhin go
bhfríoth fios do locht,
fogus daoibh
for-íor an t-uamhan
ná bíodh dá
thaoibh uabhar ort.
2 A dhuine
bhoicht ná bí díomsach,
do dheireadh féin
féach a-nú;
a-tá sealbh ag an
éag oraibh,
is dearbh nach
géag thoraidh thú.
3 Rachthair a-rís
san gcriaidh gcéadna
- a criaidh ar
dtús tháinig sibh;
an t-uabhar dá
thaoibh níor thréigis;
uamhan daoibh ar
léigis libh.
4 Cairde
aithghearr is eadh fhuarais,
ní fada ón
chriaidh a cur ort;
dá mbé go bhfuil
do ré romhaibh
ní fhuil sé gan
omhain ort.
5 D’éis an bháis
ní bhéara sibh-se
síos fan
dtalmhain a-tá fóibh
- uch, a
thruaigh, is truagh an mealladh -
buar ná cuaigh ná
earradh óir.
6 Ní bhia achd
aonbhrat is é cumhang
fad chorp ar
gcaitheamh do ré;
tú mar chraoibh
ar gcur a duille
ar ndul daoibh
don chruinne ché.
7 Mór an truaighe
mar tá sibh-se.
seargfaidh do
chlí claonfaidh t’fholt;
mór an béad mar
taoi id thoirrchim
’s an t-éag gach
laoi ag oirchill ort.
8 Brisfidh do
dhearc - ba dáil baoghail -
biaidh do bhéal
ar dhath an ghuail;
ná bí gan omhan
t’fhir chagaidh;
ag sin robhadh
agaibh uaim.
9 An troightheach
- is tráth dá fhógra -
re hucht an bháis
- is beart truagh -
creidthe [dhíobh]
i gcriaidh an Choimdheadh
biaidh fo-ríor
’n-a oighreadh fhuar.
10 Rachaidh
claochlódh ar chruth t’aighthe,
d’éis t’éaga do
b’olc do niamh,
biaidh do bhéal
mar an ngual ngabhann,
ba tuar déar, a
chalann chriadh.
11 A dhuine, ná
déana fallsacht;
is fíor damh a
ndubhairt mé,
a chroinn ’s a
fhréamh a húir Éabha,
is sgéal rúin ná
déana dhe.
12 Féach orm, a
dhoirseoir Dé athar,
a hucht Críost
ler ceannchadh sinn:
ná léig im cheann
cíogh an álaidh
i ngeall re
gníomh Ádhaimh inn. Ná.