Poem in printable PDF format
Ná diúlt
mh’ionmhuine, a Fhéilim
[Éamonn Ó
Tuathail, ‘A poem for Felim O’Toole’, Éigse 3, 261-71]
Aonghus Ó Dálaigh
.cc. do Fheidhlim mac Fíacha, .i. Ua Tuathail.
1 Ná diúlt
mh’ionmhuine, a Fhéilim,
a leóghain bhúidh
bhaismhéirshing;
laoich (?) uaisle
fionnmhuighe Fáil
ionmhuine uaimsi
d’fhagháil.
2 Ná diúlt
choidhche, a chruth suilbhir,
annsacht ollaimh
d’athchuing[h]idh,
a rosg comhmall,
a ghruadh ghlan,
nó comonn druadh
ná deóradh.
3 Ní háirmheach
duine ar domhan
gan leannán fir
ealadhan,
a shlat
fhíneamhna ós fhiodh,
do ríghealbha
mhac Míleadh.
4 Gabh, a Fhéilim
mheic mheic Airt,
liomsa mar thogha
tochmhairc;
lór th’áille linn
mar leannán,
a bhráighe ghill
ghaoidheallámh.
5 Gabhuimsi tar
crois cléire
leatsa, a
Fhéilim, d’éinchéile;
nár
dhealaighthear sinn ná sibh
go seanaighthear
inn d’aimsir.
6 Ná tí fuatha ná
fearg
eadrainn
choidhche, a ghnúis gheildearg,
do sgarfadh ré
chéile ar ccion,
a chéile
dathghlan draoitheadh.
7 Ní fada
thriallfas mo thoil
uaitsi, a mheic
airmghéir Fhiachoidh;
ód thighsi dá
ttrialuimm féin,
sibhsi iarruim i
n-imchéin.
8 A sheabhaic
síth Ghlinn Dá Loch,
d’fhuil Tuathail
na ttreas n-échtoch,
do-bhéar duit
iomlaoid annsa;
fionnmaoid cuid
dod chumannsa.
9 Budh liom do
chrodh ’s do chomha,
leatsa mh’annsa
[i]s mh’ealadha;
cia is treisi réd
chlú do chur?
ní tú ní meisi
mealltar.
10 A mheic Róisi,
a rún fionnbhan,
a chuingidh óg
ineallghlan,
dá ttug sionn
searcrún toile,
a mhionn dearcúr
dámhsgoile.
11 Muna mbia i
Laighnibh d’ainm air,
madh beó misi,
[i]s mac Fiachaidh
bhias ar Fhéilim
an airm chuirr
d’ainm in gach
éining aguinn.
12 Ní thréigfead
choidhche a chúl fann,
nó a dhreach
shoifheithmhe shúlmhall,
nó a ghlac
mhéirsheang thoillios toil,
roinneas
géibheann ar ghialloibh.
13
Buaidheóra[idh], dá n-éirghe a fhíoch,
buidhne Laighean
laoich choigcríoch;
gáir chean an
Túathalaigh thréin
feadh chláir
ruatharaigh ríghNéill.
14 Ós é ar
bhFéilimne is díon dóibh,
Síól Tuathail
nach tearc tionóil,
ní shir cách cóir
na bhfearsa
i ttráth óil ná
imreasna.