Poem in printable PDF format
Ná léig mo
mhealladh, a Mhuire
[David Greene,
‘Ná léig mo mhealladh, a Mhuire’, Scottish Gaelic Studies 9,
105-15]
A hUghdar so Maol
Domhnaigh mac Mhaghnuis Mhuiligh; i leith Muire thuirt e so.
1 Ná léig mo
mhealladh, a Mhuire,
a mháthair Ríogh,
déanaidh dáil;
ní fhuil mo
chroidhe gan cheannsa,
cuir, a Mhoire,
leamsa láimh.
2 Ar mo théarma
má tá fuireach
ní fada fós bhias
gan teacht;
sul tí mo ré ar
iúl éagcóir
stiúr mé i
gcéadóir tréd cheacht.
3 Teach Ifrinn,
árus na bpeacthach,
pian ’na measc ní
méanair scéal;
fear an tighe ar
tí mo mheallaidh -
bí im chridhe is
beannaigh mo bhéal.
4 Mé ort ag
iarraidh mo mhúinte,
a mháthair Ríogh,
a ghruaidh mar ghrís . . .
5 Is eagal liom
lá na hagra,
a inghean Anna an
fhoilt tais;
i n-aghaidh Dé ní
fhoil aighneas,
goir mé óm
aimhleas ar m’ais.
6 Ná léig ceart
do chor fám anmain,
abair nách cóir
is cóir lat;
ó tá fearg Dhé
ris gach duine,
ná hearb mé, a
Mhuire, réd Mhac.
7 Tagra cáich gan
chead a mháthar
do Mhac Mhuire gá
fearr (geis)?
Do-ní glan duine
ar n-a dhamnadh
dá rabh Muire ag
labhradh leis.
8 Is í caisléan
do chloinn Éabha
ar fheirg Íosa i
n-uair an Bhráith,
a mháthair is í
ar n-adhbha,
is í ar láthair
chabhra cáich.
9 Biaidh sí ar ar
leath Lá na Coinne
gar gcosnamh go
cian ní bhia -
ar sleagh cé do
bhí ’na bhánucht -
bean do-ní
dánucht ar Dhia!
10 Taom dána,
dleaghair a chumhdach,
fan cóir
creideamh dá cígh cáidh
is aithnid damh
ón Óigh uasail;
cóir a char i
gcluasaibh cáigh.
11 Fear roimhe
agá raibh deirbhshiúr,
do dhearbh a
leabhraibh lucht fis,
do bhí an ní uile
ar a aonghuth
is í ag luighe i
gcaomhthach a chnis.
12 Gidh bé do
bhiadh agá theagasc,
níor thairbhe
dhó, doirbh an stair,
níor chuir ria
bheó uadh an n-inghin;
truagh an ceó do
imthigh air.
13 Do smuain an
fear, fuar an t-inntleacht,
ar eagal diomdha
Dhé bhí
páirt ré máthair
Dhé gur dhéanta
gur ghnáthaigh sé
déarca dhí.
14 Cion ria
dheirbhshiair de dhruim uabhair
gach uair
do-níodh, fa nós bras,
do-rad anóir uair
san afráil;
fuair ón Bhanóigh
athbháidh as.
15 An tráth
do-chuaidh dá chorp dhaonna
díoth beathadh do
bhí ’na ghair,
bheith ’na ghiall
dó ag an diabhal -
cró na bpian do
hiadhadh air.
16 Lúisiféar níor
lámhair a fhastódh
i nIfreann is é
ar n-a dhrud;
fear ina dhuine
uair éigin
Muire uaidh
a-réigin do rug.
17 An t-anam is í
do cheartaigh
sa chorp chéadna
do chleacht sé;
Síol Ádhaimh is í
do fhuascail,
do cháraigh sí an
uarsain é.
18 Fuair a-rís ó
inghin Anna
d’éis a bháis,
mar bhraittear dún,
fear an chuil a
ré (riompa)
gur chuir sé a
chionta ar gcúl.
19 Níor glacadh
ris acht réim naomhtha,
do ní ar thalamh
ní thug spéis;
do dhíol iar
n-uair a olc roimhe,
níor smuain olc
oile dá éis.
20 Fuair bás,
nochar bheag an claochlódh
an chuairt
tánaise, (ba treall),
gé do bhí an fear
uair i n-anchás
fuair neamh i
n-athbhás dob fhearr.
21 Fearta mar do
fríoth i leabhraibh
luach a dhéirce -
dia do bhail -
tug ria taobh i
dtoigh na glóire,
ag sin taom na
hÓighe air.
22 Ag déanamh
uilc ó aois leanaibh
go Lá an Bhrátha
dá mbeith an chlí,
Muire as a láimh
nocha léigfe
duine ar ndáil a
dhéirce dhí.
23 Mar do
léigfeadh lá dá éigin
m’anam ré bás mar
bhláth slat,
gé tú riamh is
cealg im chroidhe,
do bhiadh fearg
Mhoire ria Mac.
24 Saoilim féin
go bhfuighbheam cabhair
cosc a fheirge
madh áil lé;
gé tá Rí an
chruinne go créachtach
dob í muime
dhéarcach Dhé.
25 Ar mhéad a-tú
i n-easbhaidh eólais
éigin a rádh
riot, a rosg mall,
truagh, a Mhoire,
muna mhúine
sluagh na
gcroidhe núidhe a-nall. Ná léig.