firstLine"; ?>

1457. Na maith duinn t’fhiach a Enri $
Length: middling 28qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. Petition mp
Manuscripts:
  1. RIA1076 (24/P/33) L.Cl.Aodha B. 1680
Prints:
  1. text LCAB no. xxii
Motifs:
  1. envoi to wife: Martha
  2. imagery to describe patron
  3. nobility of patron’s ancestry
  4. Function of poetry
  5. persecution of poets by the English
  6. maor, king’s officer
  7. Use of legal terminology (agra, coir, fiach)
Poet Christian Names:
  1. Fearflatha (RIA 1076)
Poet Surnames:
  1. O Gnimh
Patron Christian Names:
  1. Enri mac Seaain
Patron Surnames:
  1. O Neill d. 1638
Apologue Subclasses:
  1. Cuckoo: silent all winter
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Ná maith dhúinn t’fhiach, a Énrí


[Ó Donnchadha, T. Leabhar Cloinne Aodha Buidhe, Dublin, 1931, poem 22]


Fear Flatha Ó Gnímh .cc.


1 Ná maith dhúinn t’fhiach a Énrí

a ghnúis shaor mur shoighnéinlí,

muna chuinghe an chóir dlighe

dóigh nach uighbhe th’áiridhe.


2 Gibé as cóir dod chnios gheilshiong

cuimhnigh gion go gcuimhnighiom

adaimh gion go n-adhmha sinn

agra agaibh um’ oirchill.


3 Ní hiomdha neach ar mo nós;

maithim daoibh, is é m’iomthós,

a eo cuain Cairrge Fearghois,

cairde i n-uair an fheicheamhnuis.


4 Adamar is fiacha i láimh

na féich ar a bhfuil admháil

ó nach geubha mé a maitheamh

seula é ar a marfaithear.


5 Agso t’fhiacha ar éigsibh Breagh,

robí sin breath do shinser,

glóirbhriathra mur budh gnáth dháibh

dar mbláth óirniamhtha d’fhagháil.


6 Nárab ionann dóibh is duit

lucht coigealta ar gceart n-ordhruic

ní dod cheart ná léigsi linn

m’éigsi ná clecht do choigill.


7 Nír ghnáth leo a leigen seaca

a gcuid dar gceird fhileata;

ní tú amháin nach maithfedh í

cáir bhar n-aithreadh, a Énrí.


8 Isé as óirchiste d’fhuil Néill

teacht tar a gcraobhaibh cinéil;

a mbrath lóin a laoidhe sin

cóir budh maoine gan mhaithimh.


9 Diombuan i ndiaidh gach flatha

seóid oile acht an ealatha

a mionnmhasail nó a gcradh chreach

ní mhar d’ionnmhusaibh h’aithreach.


10 ’Na ndiaidh ar dhumhaidh sealga

caidhid coin sluaigh Seinealga?

na cluana caidhid a sguir?

’s mairid duana ’na ndeaghuidh.


11 Ó ’sí bhur n-ionnmhus suthoin

bíoth agaibh far n-ealathoin,

nós maoir gan maithimh dtobhaigh,

caithidh bhán maoin marthonaigh.


12 Leithsgéul sonn re sesamh t’fhiach,

a ghaoil curadh chlann Iliach,

na neith le n-oghthoir h’annsa

gan breith orthoibh agamsa.


13 Atáid chuguinn, a chara,

lucht ar nach luidh m’ealadha,

dan béus fabhairt a bhfeirge,

tre labhairt gréus Gaoidheilge.


14 Do bhí ar dteannghuth go dtrásda

againn san uair shólásda;

síona dubhgharbha ag drud riom

tug ar n-urlabhra ós ísioll.


15 An eol daoibh, a dhreach sholus,

an t-én darb ainm cuculus?

ní labhairsen ó ló a sguir

go só daghaimser dealruidh.


16 Don ghréin do ghloine a tráchta

canaidh a ceol orgánta;

cuir ’na hanáir seinnidh soin,

ar ngabháil eirridh d’fhiodhbhoidh.


17 Ni thógaibh ceann ’s ní chan ceól

ó dhubhas dreach an aieór

glais iarnoidhthe an eoin do nimh,

neóil na grianbhruithne i ngeimhlibh.


18 Ceas naoidhean an eóin annaimh

san aimsir fhuair iodhlannaigh,

ag soin samhoil ar sochta

danoir i ndoigh dhubhlochta.


19 Áinios Gaoidhiol, a ghnúis shaor,

fuighle a mban, briathra a macaomh,

a bhfíon a gcuirnn a gcupa

a muirnn mo shíon shamhrata.


20 Cead uraghaill i gcenn cháigh

dá bhfagha mé a mheic Seaáin

eidir chuirmthighibh clann gCuinn

do cluinfidhir ann m’fhoghluim.


21 Dámadh ionann aimser dhaoibh

do bheurainn dod bhais bharrchaoil

duanobair a dabhaigh the,

amhail uarodoir h’aithre.


22 Do thuigfidhthea, ga dtám ris,

ní d’fhagháil ar a n-aithris;

tánaig féil t’fhiachsa d’iarruidh,

a iarsma ó Néill Naoighiallaigh.


23 A chaor fhíneamhna d’fhuil Chuinn,

a ua Iriail mic Conuill,

a rún cagaidh, a chor sídh,

a chadaigh Con an chleitín.


24 A bhráthair Mheic Róigh reannuigh

do theasg da dtrí maoileannuibh

teora cenn na Maol Midhe,

a gheall re hAodh Oirnidhe.


25 A mheic Róisi an ruisg mhonmhaill

a ua Aodh mac Ógdhomhnaill

a bhreac d’iochroibh bruaigh Banna,

a ghruaidh mhiochuir mhónanna. Ná maith


26 Dáilfidh misi do Mharta

deoch a dabhaigh m’ealadhna,

ó nach maithte dhí a ndleaghuir

da mbí aice ar fhiledhoibh.


27 Ní dheirméd a déd socar

nó an bél chanus ciúnfhocal

nó an deirc muill nó an mhalaigh gcaoil

nó an aghaidh nar thuill tathaoir.


28 Leithéd na bhfiach dhlighid dhín

mná gaoidhealta guirt Seinír

don cheird ghréasoigh ga mbí barr

dhí dar ngrésuibh do gheunam. Ná maith