Poem in printable PDF format
A-nois díolaim
deachmhaidh Dhé
[Mhág Craith,
Cuthbert: Dán na mBráthar Mionúr I, Dublin, 1967, poem
15]
Giolla Brighde Ó
hEodhasa cct.
1 Anois díolaim
deachmhaidh Dhé;
deacair leam a
los uirré;
a rachuimhne gidh
dleacht damh,
ceart ar
n-athair-ne d’fhaomhadh.
2 Dlighim
deachmhaidh mo shláinte
do Dhia a druim
fhorbhfáilte;
ní a los
neamhthoile, as díor damh
díol na
deachmhoidhe a-dearar.
3 Go ndíolam -
dia do thuigsi! -
gan doilgheas an
deachmhoidh-si;
ní as sia nar
thréigear a thol;
éigean re Dia ná
dearnor.
4 Nar thuigear-sa
mar threabhloid
m’anacair nó
m’éigeanbhroid;
a Dhé, mar bhudh
sláinte sin,
co mbé m’fháilte
rem éigin.
5 D’á haithbhe
nar fhagha sinn,
a-rís ná raibh im
oirchill
acht díol, an
uair as fhoigsi,
do bhuain díom sa
deachmhoidh-si.
6 Más é mh’olc
nar fhagha sionn
saoghal is sia ná
a bhfuairsiom;
nar théarná leam,
tar mo leas,
gidh énlá i
gceann ar chaitheas.
7 Go bhfaghbhar
mar fuaras air -
m’uilc ar amas an
tsaoghail;
a ríoruire ná
raibh leam -
míodhuille air
do-fhuairseam.
8 Go gcongbha
uaim san am-sa
domblas ae a holc
gcodarsna,
an chruinne mar
chongbhas uaim
somblas a duille
dhiombuain.
9 Ná raibh leam,
a Fhlaith nimhe,
an égcóir ná an
oirbhire -
m’aos comhráithne
san chruinne,
mo chombráithre
críostuidhe.
10 Slán agaibh!
ní fhuicfe mé
ag sgarthain dúin
is daoibhsi,
a shaoghail as
shearbh dtoraidh,
a bhearn
bhaoghail bhásamhail!
11 Do dhuille
féin fógraim daoibh,
a bhrégaire an
bhláith dhíomhaoin:
“tarr is
commaoidh” - créd a shuim?
Do chommaoin re
n-ég oruinn.
12 Beag bheireas
caomh nó cara
uait a n-am na
scarthana;
red lucht comtha
ar ndeadhail deid,
orchra id
deaghaidh ní dhlighid.