Poem in printable PDF format
Námha agus cara
dar gceird
[Ann Dooley,
‘Námha agus cara dar gceird: a dán leathaoire’, Celtica 18,
125-49]
Aodh Mór Mac
Craith
1 Námha agus cara
dar gceird
scaoileas a glas
dar nGaoidheilg;
námha is cara
dhíola an drong
díogha is cara
rugsam.
2 Go gceileabhra
dhó an domhan,
fear ionnarbtha
ar n-ealadhan;
agus an té ’ga
mbia ar bun
go mba é bhus sia
saoghal.
3 Go bhfagha
lucht ar leasa
luagh do mhuin ar
maitheasa;
atá luagh ag
locht an uilc,
an t-olc budh
dual do dhíoghailt.
4 Atá fear ann re
holcaibh,
atá neach re
neamhlochtaibh;
maith saith a
n-oirbheart ar aon,
oirdhearc a maith
’s a míothaom.
5 Mac Briain Ó
gCuanach - céim ard-
Tomás cinníseal
Cliothbhard,
námha ar gceirde
taoibh re taoibh
’s an meirge ágha
i n-aonlaoidh.
6 Maitheas Mic
Bhriain do bhunadh
dailtear don aos
ealadhan;
’s an cheard gan
fhoirceann d’argain
sealg choitcheann
an Chliothbhardaigh.
7 Is fuaighéal
umha re hór
iad re chéile do
chadógh;
fear Gallda nach
geal feadhach
’s an plannda
geal Gaoidhealach.
8 Mac
Toirdhealbhaigh nochar thoill
Tomás Cliothbhard
’na chonchlainn;
gidh conchlann
iad nochan eadh
’s iad nocha
comhthrom ceirdeadh.
9 Fear don
dís-sin ag díol chliar,
fear re
hollamhnaibh d’aimhriar,
fear ina
mheathach mheata,
’s fear creachach
mear míleata.
10 Fear an doruis
do dhúnadh,
fear osglas gach
aondúnadh,
is fear
soichleach re headh n-óil
agus fear
doichleach dearóil.
11 Fear is lugha
d’fhuil Ádhaimh,
fear is mó do
mhacámhaibh,
spiorad sean
deamhnaighe dhíbh,
is dealbhaidhe
geal glaicmhín.
12 Fear mar Lugh
mór mac Eithne,
fear mar Bhricne
buaidheirthe,
fear mar Shuibhne
re headh n-áigh,
fear Uí Dhuibhne
do dhiongbháil.
13 Fear mar
Naoise fa nua dealbh,
fear mar Iúdas a
hifearn,
slat mar Aingcéal
Caoch ar chruth,
laoch mar Mhac
lainntréan Lughach.
14 Mar do-chuaidh
d’eineach is d’ágh
Fionn mac
Cumhaill tar Chonán
an mhéid
oirbhearnach do fhás
téid
Toirdhealbhach tar Thomás.
15 Bradán Sionna
na sruth nglan
is ilphiasd Locha
Lurgan;
do-ghéansa im’
laoidh comhar ceart,
moladh is aoir a
n-éineacht.
16 Cóir a
feitheamh go fáthach
an chuma nua
neamhghnáthach;
gan aoir i leith
na laoidhe
’s a bheith ’na
laoidh leathaoire.
17 Fear ag meath
díbh ’s fear ag fás,
mac
Toirdhealbhaigh is Tomás,
deacair a meath
leath ar leath
gé do mheath
leath don leitheach.
18 Le
Toirdhealbhach tig an laoidh,
do-bheir ar
Thomás tathaoir,
laoidh ar a
dteagaimh toradh,
leabaidh d’aoir
is d’admholadh.
19 Leath ar
ndortadh a dhatha
don leathach
leath míoratha,
leath díbh nach
doirteann a dhath
mar rígh
gcoitcheann Ó gCuanach.
20 Atá san
leathach leath críon
ó Thomás
thaidhleas míghníomh,
is leathach nua -
cuid dar gceird -
ó ua Eachach
bhuig bhailldeirg.
21 Ní lia gníomh
maith i Mac Briain,
coiléan na saighe
a saoirChliaigh,
ioná locht isan
fhior eile -
a olc ciodh fa
gceilfeidhe?
22 Idir chruth óg
is arsaidh
do-fheadar is
éagcasmhail
re seanóir
neimhtréan a-niogh
leithmhéar
meadhóin an mhíleadh.
23 Ní hionann
eatorra sin
cumann an Ghaill
is an Ghaoidhil;
ní bhí an
Gaoidheal leis an nGall,
scaoileadh
ó’d-chí san gcumann.
24 Dual maith in
aghaidh an uilc,
seanfhocal is é
urrdhairc;
Mac Briain ina
aghaidh ann,
gabhaidh ’na
dhiaidh an Dubhghall.
25 Do dhearbhas -
gidh doras báis -
néall fir choirr
ós cionn Tomáis,
néall maighre ós
mhac na flatha,
slat Aidhne go
hionchatha.
26 Tuarasgbháil a
dtrealamh sin
do-bhéar i
mbearnain ghaiscidh:
do-chíu deise na
deise
’sa dheise as
fhíu aindeise.
27 Dá chraoisigh
go gcolg neimhe
ag saormhac ar
Saidhbhe-ne;
lann fhuar ar
lasadh ’na láimh,
lasar a ghruadh
ar ngabháil.
28 Teagar chuige
i gcruth n-uaibhreach
a stéad fosaidh
foluaimneach;
beirt fhuar
iarnaidhe ’mun fhior
re sluagh
ngrianmhoighe Gaoidheal.
29 Re fear
comhluinn as cosmhail
Toirdhealbhach sa
dtrealamh-sain;
acht ní hionann
an fheadhan,
is ionam dá
n-aithneaghadh.
30 Spuir umha go
n-óradh phráis,
suaithentas
troighe Thomáis;
forthruaill ag
ceilt na coise
do bheirt
bhonnchruaidh bhuataise.
31 Ga fíar ’na
fhiodhbaicc ghlúinigh
gabhaidh sé le
seanlúirigh;
do-sheich gus an
ngaileach ngeal
’sa chailleach
eich ga héideadh.
32 I n-aindeise
an uair ránaig -
maith an fochann
fanámhaid;
seanbhrúid ar
muin dá mhaide,
a sreanglúib
dhuibh dhiallaide.
33 Baramhuil
do-bhéar don droing,
Mongán agus Mac
Ruscloinn;
fear díobh do
bhean re breaghdhacht,
fear ’sa bhríogh
re brúideamhlacht.
34 Tuarasgbháil
trealaimh an Ghaill,
deise mheirgeach
Mhic Ruscloinn;
slat i gCliaigh
na bhfód bhfollán,
Mac Bhriain óg is
ion-Mhongán.
35 An
Cliothbhardach - cuma a luadh -
Mac Briain na
mbratach snáthfhuar;
cóir do rígh
ragha dála,
cara dhíbh is
deargnámha.
36 Ar n-áireamh
ainmheadh a chuirp
ó bhonn go barr a
sheanfhuilt,
feachfuidh mé gá
mhéid n-ordlach
’s gach géig chlé
don Chliothbhardach.
37 Ar chodnach a
cholla chriadh
dar leat do
himreadh ilphian;
ceann go gcruth
diabhlaidhe dubh,
guth iarnaidhe
’na iarthar.
38 Clár aimhréidh
aighthe bige
iomchomhartha
óinmhide;
fa thuinn a
bhathais bhreacglais
do thuill athais
oireachtais.
39 Mailghe sa
mong ’na seasamh
ar muin a dhá
mhac n-imreasan;
ní dearca
suaimhneacha soin,
leaptha
fuairfhliucha fúthoibh.
40 Dá thobar súl
mbeag ’na bhun,
srón lom i lár
dha dtadhal,
dlaoi theagair
’mun malaigh mhóir,
mar shamhail
éadain eadhóin.
41 Silleadh na
sróna caise -
lór do dhamhna
domhaise -
gach bainne i
mbeól a shróna,
deór aille nach
ionóla.
42 Cíor choganta
chreiche scol,
cíor mhaol as mó
as ar gcognamh,
cíor fhiacal
mbuinchríon a bheóil
duibhchíor fa
n-iatar ainfheóil.