firstLine"; ?>

1467. Namha mh’anma an chalann chriadh $
Length: middling 16qq
Certainty: 0
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. Mayn. C88 Eoghan O Caoimh 1704
  2. Mayn. M84 S. O Murch.na Raithin. 1738-
  3. RIA256(23/G/23)M.Og OLongain 1800-2
  4. Mayn. M96 Micheal Og O Longain 1817
  5. Mayn. M70 Tadhg O Conaill 1820
Prints:
  1. text DiD no 44
  2. transl. Ir. Monthly 50, 463
Motifs:
  1. envoi to saint (BVM & Trinity)
  2. body enemy of soul
  3. the Seven Deadly Sins
  4. Alms
Poet Christian Names:
  1. Donnchadh Mor (RIA256, Mayn. M96, M70)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Námha m’anma an chalann chriadh


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 44]


Donnchadh Mór Ó Dálaigh .cct.


1 Námha m’anma an chalann chriadh,

a hantal is damhna déar;

ag lot mh’anma is sí ’n-a suan

an chlí is truagh mar tharla tréan.


2 Truagh m’anam uaim ar a hiocht

an chalann do-chuaidh tar ceart;

ní thig díom díon ar a holc

do bhríogh a locht tríom ag teacht.


3 Beag sein dá lochtaibh gach laoi

gan a beith fa bhochtaibh Dé;

ní fa annsa do b’fhearr í

an chlí fhallsa do mheall mé.


4 Ní díol toile gloin a gníomh;

mairg [a toil do-roighne] riamh;

leas mh’anaim nach éidir dhúnn

séididh fúnn an chalainn chriadh


5 Toil na clí-se [as ghirre gnaoi]

mar do-ním-se is misde mé;

mairg dar bhiodhbha anman í

do-ní adhbhar diomdha Dé.


6 [A ruachtain a ríogh] ar th’iocht

do bhríogh a [n-uarais] dom ulc;

i n-iomdhaidh talmhan ar dteacht

seacht mbiodhbhaidh mh’anman rem ucht.


7 [Tréigean] meisge ní hé m’fhonn;

ní mó tréigthear leisge liom;

guais mar dhíolas an teagh thall;

díomas do bharr cean im chionn.


8 Ar ndamhnadh ar ndéinimh craois

ní héidir nach adhbhar cáis

i ló an mheasda is cruaidh an chúis;

ní theasda drúis uaim gan áis.


9 Guais nach rogha leabtha luath,

ar mbearta folaigh ó fríoth,

gan fúin acht comhrag re cách,

dúil ghnáth i bhformad ’s i bhfíoch.


10 Mun dtí d’Éanmhac Ríogh na ríogh

tar fíoch go ngéabhadh ar ngaol

séideadh feirge is fuatha fún

ní feirrde ar súr uatha ar-aon.


11 Dul [’n-a séana] is docar dhúnn

ar bharr [Éanmhac] th’ochta, a ógh;

ní gan charta troma tám

nár mo lachta i rolla róm.


12 Ón tí a-tá do bhí agus bhias

go dtí im dhál - dian a luas -

cosg ó chridhe ar bhfeilghníomh d’fhás

do ghnás deighríogh nimhe a-nuas.


13 An t-Athair ’s an Mac ’s an ógh

ní caraid nach glac ar ngaol;

ionad ’n-a ngrianbhragh do-ghéabh

ón Sbiorad thréan niamhghlan naomh.


14 Cuirim, ós é a dheaghthráth dhúnn,

sul thí ceartlá na sé slógh,

a adhbha iomchuir an Ríogh,

díon mh’anma ar th’ionchuibh, a ógh.


15 Coire do-nínn gus a-niogh,

a Rí as rí don uile fhior;

dá dtí leam tadhall fad thal

m’anam gabh tar ceann mo chean.


16 Do [....] ar ndoibheart dún,

don ríghtheagh go [roiseam] slán

[a ndíoghbhadh] leam mar as lór

[an síodhbhun] róm teann [i dtám]. Námha.