firstLine"; ?>

147. A-nois diolam an deachmhadh $
Length: long 35qq
Certainty: 2
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Connacht
  2. Munster
Classes:
  1. elegy mp
  2. elegy wp
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don 1631
  2. RIA2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  3. NLS Adv. 72/1/44 17th c.?
  4. RIA1387 (23/O/78) UillR. MacCoitir 1723
  5. NLI G132 Tadhg O Neachtain 1726-49
Motifs:
  1. comparison with all others
  2. poet invoking blessing
  3. graves
  4. poet’s own mourning
  5. identity of heir indicated
  6. proverb q. 27
Poet Christian Names:
  1. Domhnall mac Daire (RIA 1387)
  2. Tadhg mac Daire (BOCD, RIA2, 72/1/44)
Poet Surnames:
  1. MacBruaideadha
  2. MacBruaideadha
Patron Christian Names:
  1. Onora et al.
  2. Seaan mc Mairgreige
Patron Surnames:
  1. a Burc d. 1583(?)
  2. O Briain
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

A-nois díolam an deachmhaidh

[O’Conor Don, 293a]

Tadg mac Daire Meic Brúaidedha

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 A-nois díolam an dechmaidh

triúr agus tri leithcethrair

úaim leis an ég gus a-nos

do-chúaidh don tréd do thogas.

2 Rogha tréda do thogh sinn

fa mbíodh tnúth éigius Eirinn

spéis íar na n-ég nírbh ionchuir

a ttréd dá n-éis d’Éirionnchaibh.

3 Maircc do thogh ar na ttuigsin

sliocht diomsac an Donnchaidh-sin

drong a ccomhdiombhúan nir chin

fa fhonn gormfhionnfhúar Gáoidhil.

4 Re began bliadhan a-mhain [293b]

do-chuaidh dhíobh ré ndul Seain

triúr sáorbhan as seiser fer

náonmur ’s gan eision d’aireamh.

5 Do-chúaidh dhíobh día do nemhrath

Concobur Tadg is Torrdealbach

gerr táille m’onóra ón ég

Onóra Máire as Mairgrég.

6 Murchadh Ó Bríain barr troimfhíar

Remond sliosgheal sáorUilliam

Séaan díobh an dechmad fhear

dechmadh dhíobh ma do dlighedh.

7 Fios a bfert fios a n-oighedh

giodh bé úaibh da fhíafroigheadh

an da chuiger fa caom cnios

ní fhúigiobh áon ’na ainbfios.

8 Tríar dhíobh a n-úir Innsi an Láoigh

días oile a nGaillibh ghréascháoin

triúr a nÁth ródghlan na Ríogh

lér fóbradh cách do coimdhion.

9 Duine a Loch Ríach an róidghil

duine a tTempoll cháomhChoinnigh

duine a Loimneac na long mbras

drong gan fhuighlech da n-ionnmhus.

10 Do-ghén tráth trúagh an fios-sin

fios a n-oigheadh d’innisin

drong éttorsaidh (?) dob ferr iocht

drém rérbh eccosmhuil imchecht.

11 Días do rinn don fhreimh chúlchais

días oile d’ég andúthchais

crioch na ngég dár ghiall gach smacht

is da tríar d’ég lé hadhart.

12 Rugadh do thogha ar ttréuda

tréd ’gar lía lucht coimhéuda

an deich sáorróighne mar sin

gan bheith aonfhoirfer a n-oighidh.

13 Nír baisdedh beag da nemhrath

ainm tigerna ar Thoirrdhealbach

geall gach ríoghdhamhna ar rádh sgol

ó chlar ríoghBhanbha rug-san.

14 Nír dheiredh togha dar ttréd

go tuitim do mac Mairghrég

bás na fercon ar fhonn mBregh

trom an dechmhadh fa deiredh.

15 An locrann lasas go mer

as dó as comhghoire caithemh

a mbeith búan gid béd a ndol

nír fhéd a n-úal na [a] n-úabur.

16 Maith dhóibh pfhéin a Dhé nimhe

a n-úabhar a n-ainmhire

nírb fiú a n-aitrighe is gidh edh

fiú do mhaithfidhe a mhaithemh.

17 A smúainedh nó thecht tharsa

gniomh noch ghonus m’anam-sa

ionmhoin cúaine go méin mhir

mo trúaighe féin a bfaicsin.

18 Caomhuin Iarla fhóid Bhoirne

sinnsear slechta ar nDonnchaid-ne

sgoth na bfráochslúagh a fod Breagh

óg an sáorchúan dan sinnsear. An...