firstLine"; ?>

1472. Naomhtha ceardcha Mhic Mhuire [al. cearda] $
Length: short 12qq
Certainty: 0
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don c. 1631
  2. Mayn. M 84 S. O Murchadha na R. 1738-
  3. RIA 7 (24/L/13) S.OMurch. na Raith.1747
  4. NLI G 174 18th -19th cent.
  5. RIA 256 (23/G/23) M.OgOLongain 1800-
Prints:
  1. text Irisl. Muighe Nuadhad i no. 4 (1911), 76
Motifs:
  1. God as Creator
Poet Christian Names:
  1. Colum Cille (RIA 256, NLI G 362)
  2. Donnchadh Mor (RIA 252, 254)
Poet Surnames:
  1. Saint
  2. O Dalaigh
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Naomhtha ceardcha Mhic Mhuire


[Text below from O’Conor Don, fol. 74a-b; published in Irisleabhar Mhuighe Nuadhad 1911, p. 76 from Maynooth manuscripts]


[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Náomhtha cerdcha Mhic Muire

naomth[a] ó thús a thrócaire

náomhtha grían is neóil nimhe

da fhíadh eóil na haimsire.


2 Náomhtha a bfoil thall ’na thigh

naomtha gach dúil da dhuilibh

naomtha an ré agus na réultoin

náomtha an té ó ttaisbhéntoir.


3 Náomhtha na síona sáobha

náomhtha an ferthain abraona

náomhtha an tshoinionn go ngné ghil

naomta doinenn Dé dhuilimh.


4 Naomtha an gháoth lonn ag labairt

naomtha uisge as firmamaint

náomhtha gach énmaith dár fhégh

naomtha a enlaith ’sa a aiér.


5 Naomhtha na coillti fa cnáibh

naomhtha an fhínemuin abaidh

naomtha gach toradh dá ttig

naomhtha an talam ó a ttáinic.


6 Naomtha gac spéir dar dhealbh Día

náomhtha airrdhe Mic María

náomhtha na huile as é a fhíor

da mbé an duine gan dimbríogh.


7 Náomhtha an traigh is an tuile

náomhtha fás na fíodhbaidhe

náomhta an lerg is an luibh

náomhta an Cerd do cruthaigh.


8 Naomtha cethra na cruinne

naomtha clacha is cáomhdhuille

naomtha an teine giodh hí ann

’s gach ní eile n-abram.


9 Náomhtha fós fogur na ttonn [74b]

náomhtha siubhal na srothann

naomtha an ríasg fráochda ’san fér

naomhtha an t-íasg san aigéan.


10 Náomhtha nemh na náoi ngrádh

7 Iosa ré a iomrádh

’s as naomtha cerd an creidim

naomtha a ferg ’s a fhoighidein.


11 Naomtha teghlach a thoighe

naomtha an Trionnóid thoguidhe

náomhtha an iarruigh ar gach áon

náomhtha ríaghail na rónáomh. NÁOMH


Irisleabhar Mhuighe Nuadhad omits the first couplet of verse 2 above and for 10 above has the following:


Naomhtha tráth a thionnnsgnamh ’sa thoil

naomhtha oibreacha an athar

naomhtha a chéard is a chreidiomh

naomhtha a fhearg ’sa fhoirghniomh.


Naomhtha neamh na naoi ngrádh

naomhtha Íosa re a iomrádh

ni bhfuil acht nídh naomhtha ar neamh

is naomhtha Rí na rightheach.