Poem in printable PDF format
Neimhchiontach
mheise, a mhic Taidhg
[McKenna, L.:
Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40,
1939/40), poem 34]
Eochaidh Ó
hEoghusa cct.
1 Neimhchiontach
mheise, a mhic Taidhg,
sighin Chríost
fad ghnúis ghealaird;
rún th’anfholadh
cia nach cluin
Dia dhar
n-anoghal oruibh.
2 A-deardaois
daoine rinne
re bhfaghthar
fios t’inntinne
gomadh
dobhuidheach dhíom sibh,
a ghríobh
oruireach Uisnigh.
3 Fáth oirbhire
ret fholt gcas
ní háil re Dia go
ndearnas
far ghuais liomsa
t’fhearg d’adhuint;
ionnsa an chealg
i gcontabhairt.
4 Acht a-mháin
nach mór an guth
re mbeadhgann an
fhuil uabhrach,
beag a dhíol
imdheargtha ó fhior,
inbheanta dhíom a
ndlighthior.
5 Dá ndearguinn
do dhreich ngairthe
d’fhoiléim
fhocuil mhearuighthe
cár bheag dhuid
aithmhéala inn?
tuig go
n-aithréagha mh’inntinn.
6 Do loigheadh
mh’aithne oruibh
an chéaduair, a
Chonchubhuir,
a ghruaidh
chraobhnár mar chrithre;
saobhghlár uaim
níor bh’airighthe.
7 Dá mbeith fós
t’aithne aguinn
níor gheall mé, a
óig abhradhduinn,
gan bhuain go
radhána ribh,
a bharánda
sluaigh Sligigh.
8 Gnáth aguinne
an t-aos dána
bheith
aindlightheach andána
ar shluagh Mhúir
mheidhealtruim mBreagh
is eineaclainn
dúinn fa dheireadh.
9 Dá leantaoi ar
n-éagcóir oruinn
feadh Bhanbha an
bhruaigh ealamhuill
tearc nach biadh
go diomdhach dhíom
riamh tre
ionnlach na n-airdríogh.
10 Mór ngríosacht
a ngruadh gcrithreach
tug ollamh go
haindlightheach
feadh
sróllBhanbha na síon mbog
do mhórdhamhna
ríogh romhod.
11 Mac Liag nach
lór dod chealgadh
minic tráth tug
imdheargadh
do Bhrian go n-a
mhórchlainn mhir
na lóchrainn ó
iath Fheimhin.
12 Minic bhós do
bhean Cathbhaidh
- creidte dod
chéibh órbhachlaigh -
luisne i
ngruadhaibh fhian Uladh
riamh d’uamhain
na healadhan.
13 A mhic Taidhg,
nach tuigeann sibh
ar mbeith riamh ó
ré an chéidfhir
cuire seang do
uaisligh ionn
teann ar uaislibh
na hÉirionn.
14 Go háiridhe
t’fhuilse féin
tearc aoinneach
do fhás díbhséin
laoich ón Bhóinn
bhailbhrighin mhir
nach dóigh
aindlighidh d’éigsibh.
15 Mar sin as
seachanta dhuid
mise mar chéile
comhruig;
ná lean díom i
n-a ndearnas
gidh eadh bíom
fad bhreitheamhnas.
16 Córuide
dhúinn, a dhearc mhall,
gan dul ó chéile
i gcumann;
ní fhuil lí
mh’imdheargtha ort
ní ní as inleanta
a n-éabhort.
17 Nír cháineas,
a chruth gealtais,
clú th’oinigh ná
th’oirdhearcais
- cár bheag so
uaimse dh’umhla? -
nó no uaisle
th’athardha.
18 A bhuidhe re
Dia na ndúl,
nír cháineas an
cúl barrúr
ná an aghaidh mar
chaoir gceardcha
ná an malaidh
gcaoil gcoinneallta.
19 Ná an súil
gcuirr chealgas maighdin,
ná an ghlún nar
fheac d’easgcairdibh,
ná an taobh
soghráidh slisgheal slim
mar shlisneadh
orláir fhuinnsin.
20 Aithnim
adhbhar do throda
riom, a mheic
Mheic Diarmoda,
ní fhuil acht ag
seilg mholta;
ná bí ret fheirg
n-ábochta.
21 Dáilfiod duit
- bidh díol cubhuidh -
sgoth mo cheirde,
a Chonchubhuir,
mar dhíol im
anachuin ort,
a ghríobh
chladhachuidh Chonnocht.
22 Buain
t’fheirge dot aghuidh dhuinn
biaidh uaimse ar
inghin Domhnuill;
’s í aineoghas ar
t’fheirg mhé
gan cheilg
laibheoras linne.
23 Déanta dhuitse
a ndéanadh sin
nír ghnáth re
hAodh Mhág Uidhir
bheith i bhfeirg
dá ríribh rom
mílidh gan cheilg
’n-a chumonn. Neimhchiontach.