firstLine"; ?>

1481. Neimhthinn an galar e an gradh $
Length: short 10qq
Certainty: 5
Period:
  1. 16th ult
  2. 17th early
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. love poetry
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don c. 1631
  2. RIA111 (23/L/32) R.Tipper 1717 Dublin
  3. RIA 11(E/iv/3) Aindrias MacCruitin 1727
  4. Mayn. C21 Seam. O Muireadhaigh 1729
  5. Mayn. C 74 (i) 1718
Prints:
  1. text DG i no. 8
Motifs:
  1. Pains of love
  2. Love ridiculed
  3. riddle
Poet Christian Names:
  1. Cuchonnacht (BOCD)
  2. Seafraidh (RIA 358)
Poet Surnames:
  1. O Cleirigh
  2. O Donnchadha
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Neimhthinn an galar é an grádh


[Tomás Ó Rathile: Dánta Grádha, no. 8]


Cúchonnacht Ó Cléirigh


1 Neimhthinn an galar é an grádh,

bréag a ráidhid cách dá thaoibh;

éinneach riamh ní raibhe slán

ag nách raibhe grádh do mhnaoi.


2 Grádh mná ’gá bhfuilim i láimh,

ní bhiam tríd ag dáil na ndeór;

is fada ó do-ghéabhainn bás,

acht an grádh dom chongbháil beó.


3 Do chongaibh mé m’fheóil is m’fhuil

do ghrádh ainnre an chuirp mar ghéis;

ithim mórán, do-ním suan,

in gach ceól is buan mo spéis.


4 Moille mé ná crann re sruth;

atá mo ghuth ar mo bhreith;

dá mbeidís bruit Leithe Cuinn

fá mo dhruim, do bheith sé te.


5 Is teó an teine ná mo chneas,

dá mbeinn fá eas do bheinn fuar;

dá ndeacha duine seang slán

do-ghéabha mé bás go luath.


6 Toramsa do thiocfadh téad,

is fliche mo bhéal ná an sponc,

dar fia! ní íobhainn an loch,

is cruaidhe cloch ná mo bholg.


7 Aithnim nách oidhche an lá,

aithnim an bád tar an luing,

aithnim an dubh tar an mbán,

tar a bhfuil do ghrádh fám thuinn.


8 Aithnim nách capall an fiadh,

aithnim nách é an sliabh an mhuir,

aithnim an beag tar an mór,

aithnim nách é an rón an chuil.


9 Cuid do dheireadh báid ós tuinn

is seacht gcuill ar nách bíd cna,

an t-ainm fá bhfuilim i mbroid;

is aon do sgoil bheanfas as.


10 Aoinbhean is annsa fán ghréin,-

ní bhia mé níos sia dá cheilt-

ní rug a grádh uaim mo chonn;

dar an Rígh, ni holl mo neimh!

.