firstLine"; ?>

1483. Nell longphuirt os Loch Eachach $
Length: long 41qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. House mp
Manuscripts:
  1. RIA1076(24/P/33) L.Cl.Aodha B. 1680
Prints:
  1. text LCAB no. xxv
Motifs:
  1. envoi to wife: Martha
  2. imagery for patron
  3. Battle phantoms ?
  4. prophesying by clouds
  5. Classical allusion
  6. house and/or furnishings
  7. female occupations (tapestry?)
Poet Christian Names:
  1. Fearflatha (RIA 1076)
Poet Surnames:
  1. O Gnimh
Patron Christian Names:
  1. Enri mac Seaain mhic Bhriain
Patron Surnames:
  1. O Neill d. 1638
Apologue Subclasses:
  1. Aed Craibe Telcha v.Eochaid mc Ardgail
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Néall longphuirt ós Loch Eachach


[Ó Donnchadha, T. Leabhar Cloinne Aodha Buidhe, Dublin, 1931, poem 25]


Ó Gnímh, .i. Fer Flatha .cc.


1 Néll longphuirt ós Loch Eachach;

do chíd adhbha aoilcheathach,

na fáidhe dá nochtair neóill,

ar ochtaibh áilne an aieóir.


2 Éirghis i n-ionadh chinnte

stuagh neoill niamhdha firminnte

’na ghríos loinneardha ós an loch

mur bhíos coinnealbhra cathrach.


3 Ní tairis atá ag déanaimh

do chiú ag tabhairt taispéunaidh

ós cionn sheanroighléin shíl Néill

an dealroidhnéil sídh soilléir.


4 Ag súd go slios longphuirt,

láimh re ciumhois gcaladhphuirt,

néll an tslóigh ó iath Oiligh

go mbróin sgiath dha sgiathroidhibh.


5 Atáid san taisbénadh tug

gaoi chorra ar guaillibh galghud;

atá ar lorg na gceischleath gcorr

breisleach cholg agus chathbhorr.


6 Iosdadh flatha ’na bhfoilit

néll dorcha nach dealroighit

ealtain óir a buabholl mbláith

nuabharr sróil agus sennáith.


7 Neóill éigneadh ós an iostadh,

éinbhreac, fa dtá an toichesdal,

ag breith chéime ar gach lionn lán

ós cionn an bhéine bradán.


8 Do haithneadh éifeacht an neóil;

ar lár as léir da chailleóir

néll an tighe d’fheugoin úaidh

tar Line sédoigh siardtúaidh.


9 Toichim shleachta Briain Bhallaigh,

ag soighin ’na saorchlannaibh

don ráith innillte d’ól fhleadh,

an imirce mhór maighreadh.


10 Éigne d’fhuil Aodha Buidhe;

diormadha Dál Araidhe

is Dáil Bhuinne ag tochta ’steagh,

uime san bhfochla bhféindedh.


11 Mac Seaain, subh da sgathaibh,

breac d’iochroibh Cuinn chédchathaigh

tug an céidghleo um chró a sinnsir,

éigneo as mó ar na maighribhsin.


12 D’fhuil Aodha Buidhe as breath cháir

éirghe um Énrí mac Seaáin;

fíortha dhóibh foirmlitre fádh

slóigh as oirdheirce iomrádh.


13 Taispéanta a dtuaruma sin:

táinic lá dona laithibh

neull re taobh an lacha ale

ós Aodh catha na Craoibhe.


14 Sluaigheadh mór ar mhac Ardghoil

tegoid ar tí a ionnarbuidh

le ríodhamhna fhréimhe Cuinn,

méine ríoghamhla ó Fhreumhoinn.


15 Ar Eochaidh do fhógair cath

dar ghabh láimh re Loch Eachach,

ar síneadh a hOileach d’Aodh

broineach míleadh is macaomh.


16 Fásoighther ann Oileach Néid;

triallois Aodh, urra a choimhéid

múr stéudghroidheach na stuagh nglan,

uadh sa chédbhruineach curadh.


17 Clanna Néill is Aodh Oiligh

tógaibhthior ’ga dteaghloighibh

puible suaithionta sróil ghloin

ar chóir nuaithiochta analloin.


18 Tionnsgnuis go dtóigébhadh teach

abhus d’Aodh nárbh fherr Oileach;

do chinn sé déirgheadh an dúin,

acht sé d’éimhgheadh ón fhortúin.


19 Ós Craoibh Tulcha i dtug an cath,

ós muigh Line ós Loch Eachach

atá a néll is néll Oiligh

sgél atá sna tarrngoiribh.


20 Tógbháil longphuirt an lacha

gér bhé rún an ríoghfhlatha,

gur dhúisg gég Mheana a mheadhoir

nír fhéd chena ón chinnemhoin.


21 Oileach i suidheadh síol Néill

baile i mbaramhail doiséin,

’s an trían thuaidh ’na cosair chró,

abhosoin fhuair a n-iarmhó.


22 Dó atá i ndán a chur i gcrích

ar tionnsgnadh tráth i n-eisídh;

ar nAoidhne an tÉnríse Ó Néill;

aoibhle éinghrísi iaidséin.


23 Abhus fríth leighes a luit

senráith gille an ghlúin ordhruic

mac mic Briain aithreighis hí:

liaigh a haithleighis Énrí.


24 An rabhadur san ráith tall

sreath ghabhlach go ngrés uamann,

gloin ón doirche dath bugha,

froighthe clach ’na gcréadhumha?


25 Sreath dhoinnlíog, nach deirge an smual,

ar ghné ghrísi is iad ionnuar,

goirmleaca ag téaghadh an tuir,

dénamh oighreata orthuibh.


26 Sreath clár ós clochaibh díona

ar nach goillid gairbhshíona;

cosg fleachaidh an falach cruinn

do shreathaibh darach ndioghuinn.


27 Sreath leabthadh ar lár an lis;

tuighe re dtéighid fúairchnis

in gach colcoigh réidh roithe

’ga béin d’ochtoibh eunloithe.


28 Peall sróil ar slios an tighe;

tairrngid meura maighdine

grés gacha pill chaoin chuige

le rinn saoir a snáthuide.


29 Ní chuir breaghacht da mbí a seód

i ndimbrígh dath a huinneóg;

séd búaidh ní bheanfa a maisi

do stuaigh dhealbhtha a doruissi.


30 Do cumhduigheadh cupla tor

go déidhionach mun dúnadh,

sliocht láimhe Argo níorbh fhearr

táille arda a dá uilleann.


31 Ní hiongantach ortha so

meas an áilleagáin fhallso,

stuagha déudamhla an tuir thigh,

ní fhuil éadtarbha inntibh.


32 Ní tarcuisne ar teach sinnsior

do bheir d’Énrí a aithdheilbhsion;

ní maoin gan fheidhm ní tnúidh tug

deilbh an dúin mur nár dhearbhsud.


33 Do níthior foirgniomh fiodhroidh

go dtrásta da dtighernoibh,

gnáth d’fhine nóisdírigh Néill

lighe i lóisdínibh leóiséin.


34 Tuir chorra le ceart prionnsa

athchumaid an fhoirionnsa;

puirt na ríoghthána ó Bhóinn bhuig

le cóir síodhchána seasuid.


35 Ní mur do bhí bhias an brugh;

anois bhus daingne a dheunamh,

dá mbeath rún cliachdha um chaislibh,

’s budh sciamhcha an dún dealbhaighsin.


36 Bíaidh sgim aolta don adhbha,

biaidh dhi dealradh corcardha,

biaidh gormthaitneamh ar a gloin

longphairrtreabh í Bhriain Bhallaigh.


37 Gairm Euduin Dubhchairrge dhe

as ainm i n-aghaidh toile;

do chuir rífhrémh fhíonmhur Airt

mun síodhbhrugh lí-néll longphuirt.


38 Bantracht go mbrataibh datha

ar slios rátha an ríoghlacha,

ar ndéirgheadh an chloidhe chuirr

ó bhfoighe éinbhean urruim.


39 Inghen Sir Framsaoi fúairsi

tús suidhe an mhúir mhiodhnuaidhsi;

taibhghidh a méin tar na mnáibh

céim eidir aindribh d’fhagháil.


40 Ná cuirid uirthe i n-iongnadh,

ná haidhbhsighid inghenradh

maith da ndingne a déd mur chlá,

inmhe da mhéd ag Marta.


41 Barr uaisle is doibheanta dhi

ní bearar a barr céille

ní fuighthe ar néimh gruadh a geall

dual mur a céir gach coinneall. NEULL