firstLine"; ?>

1485. Ni ar aois iarrthur innmhe $
Length: long 34qq
Certainty: 1
Period:
  1. 15th ult
  2. 16th early
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. NLS Adv 72/1/30 early 16th cent.
Prints:
  1. text Carney POR no. xxxiii
Motifs:
  1. nobility of patron’s ancestry
  2. patron’s irresistible attractions for women
  3. comparison of patron with own kindred
  4. patron’s liberality to poets
  5. patron’s prowess in warfare
  6. caithreim, battle-list
  7. War with English
  8. Territory as spouse of ruler
  9. fertility in reign of true king
  10. youth no impediment to kingship
Poet Christian Names:
  1. Cearbhall (NLS 72/1/30)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh
Patron Christian Names:
  1. Pilib mac Briain
Patron Surnames:
  1. O Raighilligh d. 1508
Meter Vars:
  1. RannBheag
Poem:

Poem in printable PDF format

Ní ar aois iarthar inmhe


[Carney, James: Poems on the O’Reillys, Dublin, 1950, poem 33]


Cearbhall Ó Dálaigh .cc.


1 Ní ar aois iarrthur inmhe,

a ghnaoi iarrthur ’s a airghe;

gníomh na gCorc os dá chuimhne

suirghe an ríogh re Gort nGaillbhe.

2 Fraoch gliadh ar oidhre Úna,

’na choimhdhe biaidh dhá bhuanna;

acht in t-áth fá fhuil Énna

sgéla ag cách ní fhuil uadha.

3 Mó iná an Bhréifne dhó dleaghur,

do-ghéna ar Cró na gCuradh;

d’ua na mBrian do bhí a ndligheadh

ní nár tileadh d’fhiadh Uladh.

4 Síol bhFilib ann gidh iomdha

fa Fhilib a n-am fhaghla,

cuid dá ghuth ar triath Teamhra

Iath Meadhbha a gcruth a chabhra.

5 Oighre Briain fá fhiadh nOiligh,

a riar ana dhiaidh dlighidh;

in tann bhudh cóir a cabhair

faghail Gall ar Bóinn bhiligh.

6 Fuil Fearghna tre fhuil Eoghuin

do mhuidh ar meanma in mhílidh;

do mhian a n-aithne d’aoighidh

sgaoilidh fian aithle um fhíndigh.

7 Clann Créidhe dó ag dola

a réidhe dhó fá deara;

créd a fháth gu Lios Lagha ? -

fios a thagha ag cách cheana.

8 Guais do chách críoch a faghla

a síoth in tráth nach tiobhra

[mac Briain ar muin a mheanma]

fuil Fearghna a ndiaidh in diomdha.

9 A dhiomdha ar Clár na gCuradh

ní hál nach tiobhra a toradh;

tóir ar fear Cliach gu caladh,

branar sgiath ngeal do goradh.

10 Téid soin ’san áth ar uainibh;

a ghoin ar cách do chaomhain;

do bhí d’fheidhm ar ó nÉibhir

ní fár réidhigh beirn baoghail.

11 Triall Filip gu lios Luimnigh,

minic a fhios ag Almhain,

guais re fóir moighe Murbhuigh

turbhuidh slóigh oile d’anmhain.

12 [D]amhna na heachtra d’Ultaibh,

fearta na faghla fionntair;

don mhóid ler thabhaigh Tailtin

tairgfidh cabhair Fhóid Fhionntain.

13 Dál ríogh ó gCuinn gu Cruachain,

díon an fhuinn is dá fhiachaibh;

beag nár bhean a bhfuil fúthaibh,

dúthaigh a sean d’fhuil Fhiachaidh.

14 Glór cáigh re hoidhir Úna,

doiligh ’má dháil a éra;

as d’aonghuth a n-am ágha

dána clann fhaobhrach Énna.

15 Gu tráth do thogha a dTeamhraigh

bhar bhfola re cách connmhuidh;

fada lat é dot fhadhluibh,

bac ar h’fhaghlaibh Dé Domhnaigh.

16 Minic a díol do dhiomdha

a Fhilip re síol Sadhbha;

cead a gcaithmhe ag cloinn Fearghna

Goill Teamhra d’aithle fhadhla.

17 Beanaidh ciaigh don fhíoch fholaigh

an chríoch ad dhiaidh fá dhoighir;

ní dhligh gan teachta a taraidh

samhail h’eachtra, a fhir Oiligh.

18 Grís mhinic um Chlár Cnodhbha,

a Fhilip, a n-am fheadhma;

a mbí re díol do dhiomdha

iomdha díobh ar tí Teamhra.

19 Do chuirn dhá ndáil ar dámhuibh,

mur tháir do chuirm le cliaruibh;

ad dheoidh ré headh an aonaigh

saoraidh fear h’eoil ar h’iarraidh.

20 Fear h’fhéile créd nach connla

re céile as do mhéd meanma ? -

d’fhior do rúin nach leasg labhra

tarla ar h’úidh, a fhleasg Leamhna.

21 Treabh na Leamhna agá líonadh

ar earla feadh gur fóireadh,

braon donn an tan do téghadh,

gal ag dénamh coll gcnóigheal.

22 Fearthain gráin d’fhiodh ar uainibh,

mil agá dail ’na deoraibh;

grian ar a goil do ghéraigh

d’fhéghain soir fá fhiadh nEoghain.

23 Geall Filip fós ní faghu[i]r,

geall a chinidh dó dleaghu[i]r;

car ’na cheann dámadh cubhaidh

bladh Lughaidh Meann do mheadhaigh.

24 Gabhaid ar tochta ó thánaidh

sadha gonta ara nglúinibh;

conairt gheal d’aithle an fhiadhuigh

iarraidh fear aithle ar uainibh.

25 D’aicme Gall nach tráth trialla,

da rann ar cách a cána;

eagal ’s a síodh ar séna

síol Énna a n-eagur ágha.

26 Róid a chon d’aithle an fhiadhaigh

[sodh ag aithne an óig fhaoilidh]

raoin dearga a ndeoidh í Éibhir,

sealga ag déinimh eoil d’aoighidh.

27 Dá dháil ní hé nach ullamh

gi-bé lérbh áil a earradh:

nír shaoil díon ar do dhonnadh

bronnadh ríogh gaoil ’s a ghealladh.

28 Gar cabhair cinidh Énna

d’Fhilib re haghaidh síodha;

móide a bhladh do bharr th’uama -

nách cuala ar chan Flann Fíona ?

29 Gi-bé dhá riar, do-rinneadh

réir na gcliar sul do cumadh;

mur bu díol béime a bhronnadh

donnadh ríogh th’fhéile as ullamh.

30 Filip ar muin a mheanman

ní fhuil d’Fhilip ’na iongnadh,

neimh a ghona ar géig Almhan,

téid d’adhnadh brogha biodhbhadh.

31 Filleadh ag deirc ’na dheaghaidh

’gá shilleadh dho sheirc fholaigh;

ní do dhol tar fhear n-abhaidh,

gabhaidh bean cor don chonair.

32 D’éis cabhra Cairthe in Chumpuir

tairthe na faghla fionntair;

mac Briain ag triall gu Tailtin,

airgfidh ’na diaidh Fiadh Fiontain.

33 Cneadha ’gá gcora a n-úire,

sleagha ’gá gcora a gcaoile,

laoich a ndáil crann a chéile

le déine áigh clann Craoidhe.

34 Seoid an ríogh ó Bhrugh Bóinne

ag dul a ndíol gach dáimhe:

taobhaid síol Cuinn a chéile

ar síodh céile Fhuinn Áine.