firstLine"; ?>

1486. Ni ar aois meadhaighthear mac riogh $
Length: long 34qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Cambr. Add. MS 3082 O’Reillys 1598-9
Prints:
  1. text Carney POR no. xiv
Motifs:
  1. liberality to poets
  2. War with English
  3. youth no impediment to kingship
  4. Hostages
  5. submission, tuarastal, coimirce, umhla
  6. keening women
  7. echo of another poem ‘Ni ar aois iarrthur..
  8. allusion to Ruaraiocht
  9. Classical allusion
  10. importation of wine in ships
Patron Christian Names:
  1. Pilib mac Aodha
Patron Surnames:
  1. O Raighilligh
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Ní ar aois meadhaighthear mac ríogh


[Carney, James: Poems on the O’Reillys, Dublin, 1950, poem 14]


1 Ní ar aois meadhaighthear mac ríogh;

rath as teachtaire don triall;

gibé tí do thogha ríogh

an gníomh do-ní rogha riamh.

2 Mac Aodha ar airrdhibh do shín

re hairdteisd in taobha tuaidh;

mó ná a ndubhradh a chlú a ccéin,

reidh is dú cunnradh in chuain.

3 Ní bérthar le daoinibh díobh

a sgéla a n-aoinfheacht ón ágh;

tóir Danur re a ghleo gan ghaol,

in raon falamh dar leo is lán.

4 Rug Filib fá chabhlach cuain

anlucht ’sna slighthibh re sín;

tarla ’na líon urra a hóil

sul róigh fíon tunna fa thír.

5 Bro fhéinneadh gan eiteach ngliadh

[éntreas ní leigid fá lár]

lucht lér mhínigh meanma ríogh,

sínidh do shíol Fhearghna a n-ágh.

6 Laoich fhearrdha ’na n-échtaibh uaidh,

béraidh a ndeaghbhladh ’na ndiaidh;

clú mílidh ó ’d-chluin a ccéin

sínidh féin dá ghuin a ngliaidh.

7 Rug Pilib tromlucht a dtrágh

a chonnradh nach sirfe saor,

faghlaidh suain do raghain ríogh,

fíon cuain do thanaigh re a thaobh.

8 Re neart lámh tathaighid tír,

Raghallaigh ’na lár dá léim;

gur bhlagh cairthe diamhra in dúin

d’fhaithche múir iarla ní éir.

9 Do thonn diomdha a ndoimhne gliadh

fá oighre biodhbhadh gur bhual;

mairg fá mbualtair t’fhala a n-ágh,

lán mara do chuartaigh cuan.

10 Ní tearc laithe a mbeire a bhuaidh,

meinic do raibhthe ’gá rígh,

rí nár chleacht righe re a fhréimh,

do shlighe réidh teacht ’na thír.

11 Sí a n-aoinfheacht ar teacht as-teach,

gérbh fhada a ríoghacht fá rath,

rí ar h’omhan do-cháidh a gcruth

nár ghuth dáil comhadh a gcath.

12 Mó is meinic do ghníomh-sa a ngliaidh

mur dhídean ar deireadh slóigh;

gach snaidhm dá sgaoilfe a ngurt gáidh

ní mhaoidhfe ar mhnáibh re hucht n-óil.

13 Traoi chédna sgaoileadh do sgél,

sgéla do ríthreas re a rádh;

mur thasg mbainnse a mbroghaibh ríogh

romhaibh do shíol h’ainm-si a n-ágh.

14 Buain dá iomghuin gér dhál doirbh,

a n-ágh nír ionnsaigh in t-ainm;

rí riamh dob fhéinnidh ar fheidhm

téighidh a mbeirn gliadh red ghairm.

15 Sluagh fíochmhar lé ttéighe a dtír,

ní hésgaidh díorma ’na dheoidh;

laoich budh lucht tobhaigh don Táin,

nír tháir oraibh a ngurt gleoidh.

16 Ní measda ar ríomhnáibh a rún

fá a ndíoghbháil a ndeaghaidh gliadh;

d’eis do chean im chathraigh ríogh

do shíol bean athghuil fá fhiadh.

17 Ceo aidhbhsioch togbhuid ós tír

gur folchadh na hairde ar t’fhéin,

dé ós caithir ’sa rian róibh

trian slóigh a laithibh nach léir.

18 Ceann sluaigh fá suaithnidh a dhíoth,

fá bhuaidh a nguaisbheirt gér ghnáth,

sí romhaibh ag teacht gan triath,

sgiath do chleacht conair tré chách.

19 Rug daoirse don deoraidh géill

[eolus a dhaoine ag gach dáimh],

giall a ndrud fhuairidhe uaibh

nach bhfuair guaillidhe ar fhud n-áigh.

20 A ló taisdil tíre in ríogh

[go síne tairse ar gach taobh]

rí dár chóir geimhiol ar giall

ar deireadh gliadh róibh ’sa raon.

21 Léim a tachar deit gér dhoirbh

ní hantar a ngleic red ghairm;

sénaidh rí a uaisle ót fheidhm

do bhí a mbeirn uaibh-si gan ainm.

22 In lá is truma a theaghlach ríogh

níbu hurra deabhtha ad dhál,

rí narbh aoighe a n-uaisle gníomh

gan líon daoine uaibh-si ón ágh.

23 Fiú in umhlacht do-gheibhe a ngliaidh

gur umhlaigh fá dheireadh daoibh

rí do chéimibh fá ceann sluaigh;

ní fhuair geall tréinfhir red thaoibh.

24 Guais biodhbhadh ghabhus re a ghuin

do thathamh nach tiobhradh tail;

guais cean in Bhréithnigh do-bhir

nimh a bhfear gan éinchneidh air.

25 Ó fhuil Fhearghna do chleacht cliar

breath a meanman gémadh mór;

beanaidh caoilshlighe crodh díobh,

sgol ór Síol Craoidhi-ne ag clódh.

26 Seoid Raghallach rachaidh dóibh

a thaithrighe a tagha in chuain;

fada is léirchreach ar crodh cáigh

sgol a ndáil Bréithneach do bhuail.

27 An lá is truma a theaghlach féin

rugadh a mbearnaidh a bhuaidh,

rí fár bhean a n-ionadh áigh;

ceadh dob áil re siobhal sluaigh ?

28 Tug ar fod ardluisne ós iath,

mur so do snadhmadh an síoth;

tig do ghníomh Fhilib ar áth

nach sirid cách díol ’na ndíoth.

29 Mná ríophuirt ar rochtain sgél

ag síoladh a ngola ón ghleodh,

gan teirce tuirse a dtigh ríogh,

ag sin ón Shíol Cuinn-si a gceol.

30 Líon sluaighidh bearor go Bóinn

[a nguasacht ní dheachaidh díbh

d’eagla in Bhréithnigh re seal suain]

re fuaim a sreabh téighfidh tír.

31 Buaidhridh an ógbhaidh fán iúl

[a nuaghoil tógbhaidh go trágh]

Magh Teamhra fá thighe diadh,

ag triall d’fhine Fhearghna ón ágh.

32 Fada ó Fhilib aighthe a shlóigh

raibhthe mur thigid dá thír,

tug d’aire dá uamhan féin

réim sluaghadh nach raibhe ag rígh.

33 Laoich fhearrdha um Fhilib re n-ágh,

minic nach snadhmthar a síodh;

cion oidhche ní headh do iarr

roibhthe fá fhiadh mBreagh nach bríogh.

34 Gur cuan torchair d’oineach é

re coigil mbronnta ní bhí

iomrádh rér dheiligh a dhlaoi,

gnaoi in einigh gur iomlán í.