firstLine"; ?>

1488. Ni baoghal feasda fian Luighne $
Length: long 40qq
Certainty: 3
Period:
  1. 16th ult
  2. 17th early
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. O’Hara MS c. 1597
  2. RIA 72 (3/B/14) O Longain trscr. of BOH
Prints:
  1. transl. McKenna, BOH no. xxxiv
Motifs:
  1. envoi to wife
  2. imagery for patron
  3. attractions for women
  4. patron compared with own kin
  5. patron’s feasts
  6. liberality to poets
  7. prowess in war
  8. fertility of land under true king
  9. tribute, cios, cain
  10. medical lore ?
Poet Christian Names:
  1. Domhnall Og mc Aodha mhc Dhomhn.Ch.
Poet Surnames:
  1. O hUiginn (O’Hara MS)
Patron Christian Names:
  1. Tadhg mac Cormaic
Patron Surnames:
  1. O hEadhra d. 1616
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Ní baoghal feasda fian Luighne


[McKenna, L.: The Book of O’Hara, Dublin, 1951, poem 34]


Domhnall Óg mac Aodha meic Domhnoill Chaim Í Uiginn .cc.


1 Ní baodhal feasda fian Luighne;

luibh a gcabhra dá gcriaidh féin

ar dearbhudh a bhfáth ’s a bhfileadh

fáth meanman do chiniodh Chéin.


2 Luibh chobhartha chloinne Féilim,

fáidh dhá ghealladh do ghuth ard

creidthear le cách é as a airrghibh,

gidh bé fáth dho thairrngir Tadhg.


3 Go díol a bhfiach le fuil Éimhir

ní iarr cead a chríche féin:

do chuirfiodh rí a gcóir ’n-a gcoinne

nach bí do chóir chloinne Céin.


4 Geall re comhthoibh chríche biodhbhadh

blodhadh na sleadh, sníomh na gcolg;

an chuid nach bí ar chách dá chomhoidh

as sí a ráth do thobhoigh Tadhg.


5 Caomhnoigh iath ar eighre Cormaic

clann airdríogh a n-uair nar mhair;

leigthear do rígh uaidh gan oighidh

do bhrígh nach bhfuair oighir air


6 Áth troda ’n-a thíthibh corcra

ó chuairt mhílidh Mhoighe Cró;

teacht re sgéloibh uaidh ní fhaghar

ar bhféghoin tsluaidh Dhanar dhó.


7 Do laghduigh Tadhg teisd a chinidh,

clú a mhaicne do mhédaigh sé;

gé rug féin a gclú ar a gcomhair,

ar chrú Céin do fholuigh é.


8 Ar fhuil Chéin nír chuirthe a ndiongnadh

gan dáil cruidh do chor ós aird;

do-gheibh cliar gan fhios dar-oile

a n-iarr ar slios toighe Taidhg.


9 Daoine ’n-a chúirt nar chleacht anóir

don fhuil ríogh ní raibhe a mbarr;

gairid uaidh san tigh a dtiaghair

fir nach bhfuair a n-iarroidh ann.


10 Gá brígh dhóibh gan dol a n-éigean?

d’fhéin ar dTaidhgne tánoig súd,

cáin ríogh a n-aghaidh gach éinfhir,

raghaidh don tsíol Éimhir úd.


11 Go gcaithtear crodh chríche Danar

ní dó as doilghe díol dá bhfuair;

cliar agos í ag anmhoin aige

faghloidh don tí as fhaide uaidh.


12 Fine Chéin go chor an fheadhma

aincidh iad ar fhaobhroibh colg;

go sgur dháibh ní iarr na harma

a ngrian áidh gé tharrla Tadhg.


13 Feitheamh air nír fhada léise

a láibh samhruidh, a sín fhuair;

ní bhí deibhiodh ar mhnaoi mhílidh

a ndeireadh laoi a cíghibh cuain.


14 Do theisd tar chách a gclú mholta,

a mheic Cormaic, cuiridh tú;

do-bhéra barr dh’fhine Éimhir

file an t-am nar réidhigh rú.


15 Caithtear libhse laochruidh Chaisil,

a gclocha buadha, a mbruit tsróill,

ní airigh sgol ar fhuil Éimhir

nach bhfuil crodh dá dhéinimh dóibh.


16 Buadha h’arm dob aithnidh dhósan,

díoghrais eoil an uair do nocht,

do neimh ghona a ndiaigh a dhéanta

liaigh ag cora an échda ort.


17 Tug h’amharc, a oighre Máire,

malairt datha ar dheilbh a gruaidh,

bann asd-teach at orchor aga,

fear le bhfoghthor aga uaibh.


18 Dod lucht othair a n-am deabhtha

daingean dóibh fa dhíon do chrann;

laoich ar dho sgáth re headh n-éigin

táth a gcneadh gurb éidir and.


19 D’éis chumhdoighthe a chúirte bláithe

bheith innte ní hé gur shaoil;

ceandchor do hsíodh le fear bhfaghla

gur bhean a díon d’adhbha aoil.


20 Gan ghuais ghliadh gan ghealladh chomhadh

ceann cóigidh ad choinne thug

leigthior le cách é dot araidh

gidh bé a ráth dho raghain rug.


21 Slighthe cumhga ó chornoibh buadha

ón bhais go chéile ag cloinn ríogh;

cuid do chaoroibh bruaigh do bhleidhe

ar craobhoibh chuaigh eile um fhíon.


22 Ní mór mhaireas, a mheic Cormaic,

don cholg bhaodhluch bhuaileas troid;

tairnig deiriodh na sleadh sénta

deibheadh cean gur dhénta dhoitt.


23 Fríth tre chraobhoibh do chuach n-órtha

iul go síodhbhrugh na séd mbuaidh;

tig d’fhéaghoin ar bruach do bhleidhe

déanaimh ar chuach eile a n-uaimh.


24 Do bhac anmhoin re hucht tuile

tairthe ag éirghe dh’áitibh sriobh;

do chuir roimhe a dtrágh do thoradh

lán mara nar omhan d’fhior.


25 D’éis chuartoighthe chríche Meidhbhe

do mhadh Luighne leanoidh sí;

nír shaoil adh a cor ó a céidghein

gail an tan do éignigh í.


26 Ní léir eas ó h’éignibh corcra,

’n-a gcnuas féin ní faicthear croinn;

dob fhiu a foghail ó gháibh gréine,

gonoidh táin a chéile a gcoill.


27 A ndeoigh cliachdha doinne Sadhbha

sleachta feadhma a bhfhaothroibh colg;

tig do ghleodh na seanlann sídhe

mearbhall fa eol tíre ar Thadhg.


28 Ní mór gur mhothuigh mac Cormaic

ar chuir dh’fheidhm ar fhaobhroibh bas;

nír leig braon tar bruach a bleidhi

is fuath dhon taobh eile as.


29 Tug a arma ar iomlaoid datha,

deargais cathbharr, corcrois gó,

deargthor colg gan chora a gceardcha;

Tadhg as gobha deargtha dhó.


30 Go dtug a ainm go hiath bhFódla,

fonn toirtheach na dtoluch n-ard,

tearc le bhfaghar fios a anma

slios caloidh a dtarrla Tadhg.


31 Meinig aincid eighre Máire

mná sídhe re seodoibh buaidh;

do-gheibhthear lá a dtoloidh throda

cobhair mhná dob fhoda uaidh.


32 Ní guais áidh, ní heagla bhiodhbhadh,

do bheanfodh dhe dol ar ard;

do-chíthear tolcha bheann mBanbha

san ghleand dorcha a dtarrla Tadhg.


33 Mar sin chaithid cuid dá n-aimsir

d’oighre Cormaic san chrú sleadh;

cuirid oidhche tar fhéin Luighne

a ngéill fhoirfe ag cuimhne a gcean.


34 Orrtha chodoil chríche faghladh

fiadha í Chéin do chor ar aird;

mall do réidhigh re rígh oile

tír ar ndéinimh thoile Taidhg.


35 A ghlés troda ar dteacht a n-iorghoil

do ísligh síos a seol ard,

saoilidh tóir dho iarr a harma

do chóir ghliadh nach dtarrla Tadhg.


36 D’éis a loitfe fa leith Modha

do mhac Cormaic creidfidh sí;

urradh críche Céin do chabhoir

tríthe féin do aghoin í.


37 Go riar éigeas d’inghein Chathoil

ní char bleidhe ná brat sróill;

ní bheir an chliar ar a chéile,

’s do-gheibh riar fa a ndéine dóibh.


38 Suil do-chí é - as cuid dá ceardoibh -

Caiteilín gá aithne uaidh,

’s an éara nach bhfuair an file,

do bhuail séla a ngile an ghruaidh.


39 Beag a maoidhimh, mór a bronnta,

a bláth tar chách cuiridh sí;

ní chuir seadh ’n-a mair dá maoinibh,

bean ar toil gach aoinfhir í.


40 A Chaitilín, a chneas mínsheang,

gidh mór taobh a dtigthear thort

- acht do mhaorrdhacht re dáimh ndoilidh -

ní dóidh aonlocht oinigh ort.