firstLine"; ?>

1490. Ni bas ach deaghailt re Dia $
Length: middling 29qq
Certainty: 0
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. RIA 8 (24/L/6) Eoghan O Caoimh ?1679
  2. NLI G 117 Art & Eoghan O Caoimh 1693
  3. TCD 1411 (H.6.7) Donn. O Conaill 1737
  4. RIA 256 (23/G/23)M.Og O Longain 1800-
  5. Mayn. M 9 Sean O Mulain c. 1818
Motifs:
  1. Envoi to BVM
  2. clothes
  3. Hell
  4. sin and repentance
  5. the equality of all men before God
  6. renunciation of the world
  7. decay after death
Poet Christian Names:
  1. Colman (RIA 256)
Poet Surnames:
  1. Saint
Apologue Subclasses:
  1. Dives and Lazarus
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Ní bás acht deaghailt re Dia

[RIA 8 (24/L/6), 47]

{Authorem huius nescio/Colmán}

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Ní bás acht deaghailt re Dia

mairg dheaghlios re mac Maria

iomdha fáidh dhamh [dá] dhearbadh

ó a thoil ní cóir ceileabhra[dh].

2 As é as bás dár-íribh ann [48]

tréigion Dé dul a n-ifrionn

beag cás tighe acht an tig-sin

bás eile ní huireasbaidh.

3 Móide as doilghe deaghuil ris

Rí(gh) fíor ar nach fuil eisleis

níor chinn [leg. ghein?] rí(gh) as cóir ’na chonchlann

rí(gh) d[o] fhóir (ghlan) an Ádhamhclann.a

4 Iomdha a n-ifrionn ar chionn cháich

piana troma as tuar orchráidh

éag gach luibhe dá leighios

duine sa[n] chéad chuímhnigheas.

5 Fear cúmhdhaigh na ccúirtionn ngeal

ní thuig mar théid a dheiredh

ní thuig fer an óir fhallsa

nár choir séd [leg. seadh?] san saoghal-sa.

6 Ní thuig breithiomh na mbreath cclaon

nac bí ann gac aonchúis ionntaobh

nách é san bhráth bhús bhreithiomh

sé acht mar chách ní creidf(u)ígher.

7 Ní fhidir fer an tshleachtaa

bhíos a n-áilgheas (a) oighreachta

dá mbiadh aige céd do chloinn

nach fada an t-éag ón ursai[n]n.

8 Mairg a bhean na beirte sroill

’s na calla díomsuíghe dergóirs

nách smuain(eann) a ndiongna [leg. ndingneadh?] an daol

san uaigh a inghion fholtchaomh.

9 Mo thruagh nách tuigim-se féin

mo chionnta dia do dhíthchéill

móide as cóir m’olca d’aithfer

lochta cháich cé cronaighther.

10 Ní bhfuil neach dá uaisle d’fhuil

dá mhéid f[h]uair d’innmhe an tshaoghuil

nách féd tocht go tig [leg. teach] nimhe

acht neach bhús olc aithríghe.

11 Gíodh cómhdheas don uile fear

tocht don tig (g)a ttá an Dúileamh

don bhocht as edh as usa

tocht as-tech [leg. -gh] don turus-[s]a

12 Sgéal diadha dá dherbadh sin

fuarus ar dhí(a)s do dhaoinibh

a ngaol na ccros [leg. na ngrís?] dá mbáthadh

fá saobh don dís derbhrathar.

13 Tárla dhíobh duine daidhbhe[i]r

is fer rathmhur róshaidhbhir

géarbh iongna[dh] dáil na deise

cáir ionnramh na haindeise.

14 Ní bhfaghadh géarbh olc an modh

fuíghl[e]ach bídh búird an bhráthar

fer snassholus go ngairm ngúidhe [leg. ngaoil?]

Lazarus ainm an oglaoich (mhacaoimh).

15 Gíodh fada do fuilngthí leis [49]

méd a íota ’sa ocrais

ní hamhgar don bhrathair bhocht

do ghnáthuigh(eth) adhradh d’úmhlocht.

16 Suíghter a n-ucht Abrah-áim

d’éis a bháis fá beart neamhná[i]r

gnúis naomhtha gan chorp ccollach

an bocht aobhdha ocarach.

17 Cend a ré(idhe) táinig(h) as-teach

fuair an t-acfuingeach uaibhreach

an teach [leg. teagh] do dhligh fá dheredh

dá thig do lean Lucifer [leg. -bhear?].

18 Do-chí a-bhus a bhrathair féin

do réir oibreacha an Fhíoraoin

an cédfhear do-chóidh ar ceal

san ghlóir nách éidir d’áiriomh.

19 Sirios mar athchuinghedh [leg. -idh] air

braon do bhárr meoir dá mhéaraibh

bíodh go ndáilfedh eas don fhior

ní bháithfedh teas na teine[adh].

20 Ann-sin do thuig an toic[th]each

gan bheith diadha deárlaigtheach

nár ghabh gaol an fhir eile

’s nár dhlig taom don trócaire.

21 Nách mairg duine ’na dhiaig sin

do bhiadh gan bháidh ré a bhrathair

truagh ár ttoil gan inn d’aontoil

’s nac linn an crodh coigealtar.

22 Dá madh linn buar an bheatha

ór 7 eich uaibhreacha

’s gach ní ar domhan budh áil d’fhear

folamh ár ndáil fá dheredh.

23 Truagh dhíbh-se a dhaoine an domhuin

caoinedh an chuirp chriadhamhail

na cuirp madh mór[a] a maoine

córa na huilc d’athchaoinedh.

24 Toisg an anma d’éis an bháis

ann a-tá ádhbhar uathbháis

ní hé bhús uamhan oruinn

acht síghinr uamdhar ifrinnr.

25 Iomdha ’nár ccionn cúis truaighe

lá na breithe bithbhuaine

breatha díorga Dé atha(i)r

nár dhíorga mé ar mearachadh.

26 A-tá r(e)ó(mha)inn go soichiom sin

flathas glórmhur Dé dúilig

teagh mur é as fearr innmhe

a ccend Dé go ndeachaim-ne.r

27 Nár dheaghla mé ré Muire

bean tíodhlaic[th]e (na) trócaire

grian na ríogh[bh]an ár roighrádh

an fhial fhíorghlan iodhannar.

28 Sí r(e)o(mhu)inn ’na réaltain mhara [50]

(a)s í uair eile ár n-anncaire

(a)s í ár stiúir a n-am anfa[i]dh

(a)s í craobhshiobhail [leg. crann siúil?] ár seoilárthuig.

29 As í luibh leighis ár locht

as í an [leg. as?] innilte ár n-úmhlocht

bíodh mo threoir a ttaom Mhuire

as (í) craobh (ch)eoil gach aonduine. Ní...