Poem in printable PDF format
Ní beag an
léan-sa ar Leath Cuinn
[McKenna, L.:
The book of Magauran, Dublin, 1947, poem 22]
Maol Pádraig Mac
Naimhin fós
1 Ní beag an
léansa ar Leath Cuinn
a dhíoth
d’áiriumh ní fhéadfuinn;
léan ag fóbra
chuir d’íbh Céin
do chuir an
Fhódla i n-aimhréidh.
2 Léan do loigh
ar lacht a chruidh,
léan nach leig
cnuas tre chraobhuibh,
léan dá dtarrla
cor do chách,
nach tarbha crodh
ná conách.
3 Léan ar
bronnudh bhó agus each,
léan dar
heasgradh an t-eineach,
léan ba sgéal ar
fianaibh Fáil,
léan ar
chliaraibh dho chongbháil.
4 Léan do fhás i
gciomhsaibh críoch,
léan do leig fhás
don eissíoth,
léan mór ar
teacht an toraidh
le gcleacht gach
slógh síorfhoghail.
5 Gabháil mheic
Bhriain gá mbí sinn
cúis an leoinse
as léan d’Éirinn;
gor gabhadh
gríobh fhuinn Uladh
gan shíol Cuinn
do chumhsgughadh.
6 Gidh mór
n-oilbhéim uair Éire
re ngabháil chinn
Choirrshléibhe,
ioth Banbha ní
béad [ro] bháidh
acht géag Gabhra
do ghabháil.
7 Tráigh gach
lacha is lán tuile
do ghabháil chinn
Challmhuighe;
do thart ma
n-uair ní fhaghar
acht lacht buair
do bheagaghadh.
8 Tomás Mág
Shamhradhán Sháigh,
nírbh iongnadh
Goill dá ghabháil;
mór dhamhnas an
bhreith do-bhir
a bheith i
ngallghlas Ghaoidhil.
9 Gabháil í
Chraoidhe is crádh leam,
creach as mhó
d’éigsibh Éireann;
creach gach
cléire ad-chím i láimh
tre ghríbh
nGréine do ghabháil.
10 A bhfuil ar
cleith n-Úire d’airc
suaithnidh linn
Dia gá dhíoghailt;
iomdha geall re
géig n-Eanaigh
nach téid tar
ceann cóigeadhaigh.
11 Gan bhuain
dh’fhaisgin is gan ar,
gan lá gréine ó
ro gabhadh,
- créad nar
aisdrigh sgéimh man sgéal ? -
gan ghréin
d’fhaisgin i n-a-éar.
12 Gan luadh
síodhcháine ag síol Chuinn,
gan treabhadh gan
tuar fearainn,
gan bhuing
n-arbha gach achaidh
i mBanbha Chuinn
Chéadchathaigh.
13 Gan díon ag
duine ar dheabhaidh
gan bhac cruidh
re caibhdheanaibh,
gan chlódh
fionghaile nó fill,
ní sódh ionghaire
d’Éirinn.
14 Ag sin n-a
ghioll - déachta dháibh ! -
a-tá ag Dia i
ngioll re ghabháil;
ó chách ní thoill
an torudh
coill n-a bláth
do bheannoghudh.
15 Gabháil Méig
Shamhradhán sheing
do líon
d’urchradhaibh Éirinn,
bheith i láimh do
bharr Bhealaigh
tall a ngráin do
Ghaoidhealaibh.
16 Tnúdh re
maithius mhíleadh Fáil
is é an tnúdh
thug a ghabháil,
is ar flaith
Almhan i n-idh,
nach maith
adhradh an einigh.
17 Tug gabháil
fhir an fhuilt truim
an fhéile i
n-éinidh iaruinn
gá bhfuil
deighfhear Annla i n-idh;
nír gheimheal
adhbha an einigh.
18 Ó’d-chiad i
n-idh fhear nGaillmhe
do-ní gach cliar
comhairle,
tocht ar cuan mar
nar lúdh linn
is cúl man-uar re
hÉirinn.
19 Do bhí ag
éigsibh Inse Fáil
d’éis dreagoin
Ghaoil do ghabháil
ag triall tar
searbhsháile soir
mian dearmháile
ar na dámhoibh.
20 Dámha Fódla
láimh do láimh
do-niad
chomhairle an chéadáir;
druim re
braontaradh chláir Chuinn
rob áil
d’aontaghadh aguinn.
21 Gluaistear le
fileadhaibh Fáil
imirche
aidhbhseach anbháil,
gan rian coinnmhe
[sgeanma] ar sgoil,
go ndearna an
Coimdhe a gcabhoir.
22 Gach neach
uainn ’s a cheann ma choim
ag faisgin an
chuain chugoinn,
do fhuair a
moludh an mhoir
uainn re homhun
an anfoidh.
23 Mar dob áil
linn tocht ar tuinn
táinig glaodh
cudhnóidh chuguinn;
snaidhm do tháth
na dtuath ag teacht,
gairm chuach re
cách a chloisdeacht.
24 Éisdmid ann
sin suairc an glór
neach gá rádha
rinn iompódh;
binne an ghlóir
do labhradh leis,
ba cóir adhradh
dá aithris.
25 Tugsum
beannacht ar a bhéal
ó do innis mar
uirsgéal;
teacht a láimh do
fhlaith Ghaoidheal
maith bhadh cháir
a comhmaoidheamh.
26 Buain a
geimhle do ghéig Dhruing
tug sluaigheadh
iompóidh aguinn;
teacht d’eighir
Theamhra dá thoigh
meanma an einigh
do ardoigh.
27 Tug broghudh
ar bláth mBanbha
buain a ghlais
d’fhior fhionnGhabhra;
sgaoileadh
géibhinn do ghéig Cláir
do léig d’Éirinn
a hanáil.
28 Ciodh nach
badh fháilteach Éire
re teacht
chraoibhe Coirrshléibhe,
lionn táith ó
gColmáin do chách
do chongbháil
cháich i gconách.
29 Taoiseach
Theallaigh úir Eachach
beodha coitcheann
ceirtbhreathach
ní traothar lé
neach gan neart
breath agus é gá
héisdeacht.
30 Tomás Mág
Shamhradhán sheing
gan ghiall dó is
doirbh a [aichill];
geall d’ú Chonnla
ar cheann na gcríoch
comhla as fhearr
risin eissíoth.
31 Re mac meic
Mhóire as mhion troigh
cia as coimhfhial
do chloinn Ádhoimh?
ní hiomdha acht
cleath fhial Eine
neach nar iarr a
oirbheire.
32 A ghille
ghabhas do láimh
nós einigh gach
fhir d’admháil,
dá n-abra “is
fearr [im ní] neach
iná ceann Lí”
budh leithbhreath.
33 Ní fhoil ar
deighfhear nDala
locht einigh nó
heangnamha;
ní thug séad
maith do mholadh
ar flaith nGréag
a ghrádhoghadh.
34 Cairde im ní
’s gan ní n-a láimh
ní chuinngheann
cuingidh Gabhráin;
ní cheis ar crodh
cleath Gháille
ar ndol i dteach
tromdháimhe.
35 Tomás Mhág
Shamhradháin Sháidh
is iomdha cliar
n-a chomhdháil,
teacht gan riar
nocho dóigh dhí
gach cliar
do-chóidh n-a choinne. Ní
36 Ní beag an nós
ar Nualaidh
an fhuilt
chleachtaigh camdhualaigh;
ar mnaoi Chál
nocho léir locht,
is lán do chéill
’s do chunnlocht.
37 Inghean Mhéig
Uidhir fhuair bladh,
gnaoi na mná is
maith re moladh;
ní thadhaill géag
úr Fhinne
tnúdh ná héad ná
haininne. Ní.
38 Sitriug mhac
Briain bruinne slim,
geall gach fhir
dó do dhlighfinn;
neach [nach ceis]
ar a gcaith dí,
cá maith as leis
nach leinne ? Ní
39 A tigh nimhe
as naomhdha clár
cuireadh Phádraig
phuirt Ghabhráin
teachta chugam re
ndol dí
go dtugam chor
don chruinne. Ní