Poem in printable PDF format
Ní beag easbhaidh
Inse Fáil
[McKenna, L.:
The book of Magauran, Dublin, 1947, poem 31]
Maol Seachluinn Ó
hEoghasa .cc.
1 Ní beag
easbhaidh Inse Fáil,
ní headh nach
easbhaidh anbháil;
tug an Coimdhe do
chách cor
[a fháth] nír
dhoilghe dhosun.
2 Ar n-easbhaidh
n-a heasbhaidh truim
ní heasbhaidh í
gan fhochoinn;
do-bheir soin
chách gan chuimhne
an fáth fhoil gar
n-easbhaidhne.
3 Re luadh na
n-easbhadh uile
mó d’easbhaidh an
t-aonduine;
trom an béad rer
samhladh sain
a éag as adhbhal
d’easbhaidh.
4 Mág
Shamhradháin an bheoil bhinn
ní beag an
easbhaidh d’Éirinn;
mé [go] croidhe
[gum] chneasghuin
[is é] oile ar
n-aoineasbhaidh.
5 Doirbh
aoinfhear mar é dh’agháil
d’éis mhúinte
Méig Shamhradháin;
gan a bheith, a
Dhé, gar ndíon
nocho cleith é
dhar n-imshníomh.
6 Bás meic
Bhriain rub úr n-ochta
tug fúinn fuath
an ábhochta;
dul do sgaith
Chorainn a curp
do aith orainn ar
n-ábhocht.
7 Tomás mhac
Briain bruinne geal
rob é coimhéad
críoch nGaoidheal;
an tráth ro mhar
flaith Feabhail
maith do ghabh ó
Ghaoidhealaibh.
8 Do thoit
eineach Inse Fáil
ar ndula mheic
Bhriain bhonnbháin;
nuair do-chuaidh
ceann Feimhin
do-chuaidh gach
dream dheigheinigh.
9 Tomás Mág
Shamhradhán shaoir
ba mhinic inn n-a
fhochraoibh;
truagh mar
ro-chuaidh fear Finne
uainn re headh na
haislinge.
10 Nír lamh
aoinfhear thiar ná thair
theacht dh’argain
mheic Bhriain Bhreaghaigh
do bhí ar bhreith
dó go ndeachaidh
breith a mbó ó
Bhréifneachaibh.
11 Goill is
Gaoidhil ag guidhe
ar anmain fhir
Aolmhuighe;
maith fian
Bhanbha re gach mbocht
re mian [a] anma
d’fhurtocht.
12 Maith do thuar
thaighe nimhe
[a] almsa is a
aithrighe;
a dtug flaith
Monaidh a-maigh
maith ro fhoghain
dá anmain.
13 Gach neach
rerbh áil a fhagháil
fuair maitheas
Méig Shamhradháin;
ba mian le sgaith
bhféil bhFeabhail
a mhaith féin ag
fileadhaibh.
14 [A-]déar ris -
gá huair as fhearr?
dh’éigsibh Alban
is Éireann
a-tá líon catha
dhá chur,
a ghríobh Mhacha,
gud mholudh.
15 Táinig rinn ar
dtreise id thaigh,
a mheic Bhriain
an bhairr leabhair;
ar dtreise, a
fhir Fhinne, ort
do-bhir inne gan
fhurtocht.
16 Do chrích
Bhréifne leath ar leath
do chaithfeadh
uile a eineach;
ní chaitheadh sé
acht réidhe rinn
[is re a ré]
fhéile i n-Éirinn.
17 Ní fríoth
orraim d’fhior uainne
i nGlinn Ghaibhle
ghéaguaine
re ndul do ghríbh
Chunga ó chách,
do rígh nírbh
urra a óglách.
18 A mhac féin
táinig n-a theach
mar ro orduigh
Dia dúileach;
do sduaigh
Bhoirne nochor bhás
an t-oighre do
thuair Tomás.
19 Tomás mhac
Briain barr naoidhe
’s sluagh Éireann
gá éagcaoine
tug a chumha do
chách cor
go bráth ar ndula
dhoson.
20 Iomdha tír
a-tá go sé
i leon uile dhá
éise;
do thraoth méad
borrfaidh Bhanbha
ar n-éag
d’onchoin Eachlabhra.
21 Gidh iomdha
anbhuain eile
do dhíoth churadh
Caoinrighe,
gidh doirbh gach
ní ar ndula dhó,
an chumha ní hí
as oso.
22 Do thoirrsigh
daoine an domhain
cumha ghéige
gormChodhail;
dubhach slógh
Banbha dhá bhás,
ba mór a dtarbha
ó Thomás.
23 Ar chan cách
nír cheilte dhúinn
re mac mBriain an
bhairr chladhúir;
“Toirseach bean
ar muigh Mhumhan,
a thuir Bhreagh,
ód bhaoghlughadh.”
24 Fa-ríor ní
[bharr] sinn go sé
ar éis aoncharad
fíre;
a-tá sinn ar
ndola dhuid,
a chinn Chobha,
gan charaid.
25 Ach rob iomdha
ag teacht dod thaigh
dámha a hÉirinn
’s a hAlbain;
beith ar
th’uaigh, a fhir Oiligh,
do-bhir uainn gan
t’ionnsoidhidh.
26 Do chumhasa, a
fhir Fhearta,
tug oirne
easbhaidh imdheachta;
mór dhom neart
do-chuaidh ar gcúl
ód leacht [bu]
thuaidh ag tiompúdh.
27 Mairg a-tá mar
tú dhá éis
a dtug dhúinn inn
gá fhaisnéis;
fuarus gach ní ar
dán a dhuan,
gé dho bhí a ndál
go diombuan.
28 Diombuan bó,
nír bhuaine each,
ag mac Bhriain gá
mbinn buidheach;
[fuair] ba thoil
ar chaith don chrudh,
maith do chaith
soin an saoghul.
29 Seasg gach bó
chríon i n-a choill
d’éis Mhéig
Shamhradhán shúlchoirr,
uathadh gort ar a
bhfuil fás
do bhuin ar
dtocht do Thomás.
30 Tomás mhac
Briain, barr corcra,
leannán [is] barr
bantrochta,
maith a chuing do
chraoibh Dhuibhe,
nír thuill aoir
ná heasguine.