firstLine"; ?>

1495. Ni breith orm do bhreith a Aodh $
Length: very long 169qq
Certainty: 2
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. bardiccon
Manuscripts:
  1. RIA 784(23/G/9) Aind. McCruitin 1708
  2. RIA 785(23/G/8)T.ONeachtain et al 1711
  3. RIA 1183(24/C/53) Pol Ruillis 1726
  4. RIA 11 (E/iv/3) Aind. McCruitin 1727
  5. NLI G 130 Michael O Broinn 1725-7
Prints:
  1. transl. McKenna Iom. no. xviii
Motifs:
  1. education of poets
  2. prowess in war
  3. caithreim, list of triumphs
  4. cooperation with English
  5. reim rioghraidh, regnal list
  6. cios, cain, tribute
  7. legal terminology
  8. named works cited qq 113, 117
  9. historical allusions
  10. biblical reference
Poet Christian Names:
  1. Tadhg mac Daire (RIA 784, 785, 1183)
Poet Surnames:
  1. MacBruaideadha
Patron Christian Names:
  1. Aodh Og mac Aodha [Dhuibh]
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill
Apologue Subclasses:
  1. Battle of Crionna
  2. Birth of Niall Frasach
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Ní breith orm do bhreith, a Aodh


[McKenna, L. Iomarbhágh na bhFileadh (Irish Texts Society, vols 20, 21, 1918); no. 18]


Tadhg Mc Dáire cct.


1 Ní breith orm do bhreith a Aodh

do nochtais t’aigne d’aon-taobh

teacht fam cheann do léigis ris

ní breitheamh thú acht fear aighnis.


2 Dá dhearbhadh nach é as mheasa

ní fhuighe-se im aighneas-a

a bhfuair mé i dtagra Torna

ná a luach d’éagcóir agallmha.


3 Go mbé a mhairg don tí as chionntach

re heissíodh d’adhnadh ionnta

triall éigceirt i nglór nó i ngníomh

ós é adhnas gach eissíodh.


4 Tús gníomh n-éigceirt do dhéinimh

maoidhtear libh le goin Éibhir

tús éigceirt briathar a-mach

do thionnsgain Niall mac Eachach.


5 Ní cúis do dhul fá chéile

don dá dhreim dár dhual Éire

fios a gceirt féin ag gach fhear

nó fios soi-ghníomh a shinnsear.


6 Gidh gur throidsead a sinnsir

rompa fa Éirinn innsigh

ní throidfid uaisle dom chead

go bhfionnaid créad fá dtroidfead.


7 Anaid na huaisle go ciúin

go bhfuighead uainn fios a n-iúil

faobhar a sleagh ná a lann nglas

ní hiad na hairm don tseanchas.


8 Ós ar lorg dána an bhráthar

atá an glór sin id dhán-sa

tugtha dhamh na aghaidh soin

cuid dom fhreagra ar an mbráthair.


9 Acht go labhrainn go ceart fíor

is tabhairt ughdar dom dhíon

níor mhaith an teisd ar chloinn Chuinn

sgáth fam ghlór do chur oruinn.


10 Ní héin-neach dá ndeachaidh soir

fa heolach sa tagra-soin

acht sibh-se an drong atá i bhfus

ghabhas do láimh an t-eolas.


11 Ag sin agaibh cead freagra

anois gan sgáth gan eagla

’s gan ní dhé do chur ar gcúl

muna mbeith cóir dá chlaochlúdh.


12 Iongnadh an cúis náire a Aodh

tagra fheasach gan bheith claon

do thagras ar cheann Mumhan

nach tig dhíbh-se a bhréagnughadh.


13 Níor mhisde an fhírinne riamh

follus don druing do char Dia

beag bhfoirne dá síoladh soin

mórán puibleach na n-aghaidh.


14 Ní meath orm-sa an chóir do ráidh

do cosg iomad labhra láin

’s do dhíorghadh seachráin fa seach

chuirthi-se i gcluasaibh puibleach.


15 Aithcheodh na leabhar go léir

ní triallta do neach fan ngréin

triallta do neach dá mbadh eol

gach ní badh ainbhfíor d’aithcheodh.


16 Aithcheo a mbiadh na mbréagaibh dhíobh

cothughadh gach neith bhadh fíor

fearr d’fhior ioná bheith ná thosd

’s a mbeith lé chéile i gcomosg.


17 Díoth eoluis fa-deara a rádh

go bhfuil seanchas cam im dhán

slán a shuidhighthe orm d’fhior

agaibh d’uasal ná d’ísiol.


18 Is dearbh gur léigheas díobh sin

ní as mhó ná mar as mhaith libh

dearbhadh ar a léigheadh dhamh

toghaim cruithneacht is cogal.


19 Dá ní as lia ar a mbí dearbhadh

gach ní neimh-dhearbhtha neamh-ghlan

na leabhair na dteagmhaid so

eatorra do ním togha.


20 Cosmhail nár léigh tusa féin

na leabhair áirmhe go léir

cuid dá gcuir bhar ndáil na n-ucht

is í an taidhbhse gan tábhacht.


21 T-iomad leabhar t-iomad naomh

do shlán as a n-ucht ar aon

im fhreagra idir Niall ’s Corc

fa bhréagnughadh a ndubhart.


22 Ní fiú allghlór an tsaoghail

bréag do chur ar na naomhaibh

ní fhéadfa a thaisbéanadh dhamh

an bhreith cáit cia le rugadh.


23 Dar liom a Aodh ’s é as náir

tógbháil móir bhfiadhan ar dáil

’sgan a bheag díobh do theacht leis

i n-am cruthuighthe an aighnis.


24 Ní chreidim-se sin go mór

acht mar chuid eile dod ghlór

diomdha an dá thaobh thuaidh is theas

cuirfead oraibh go hoircheas.


25 Diomdha na dtuigfead d’fhuil Chuinn

bíodh oraibh fam fhreagra thruim

óir ní orm-sa bhias a throm

fa bhuain dom aim-dheoin asam.


26 Sliocht Oilealla móide a searc

dom bheith ag dídean a gceart

is nochtadh a soi-ghníomh soin

múchtar libh-se na n-aghaidh.


27 Mar sin fós nach creidim uaibh

binneas im ghlór don taoibh thuaidh

ní dearbh leo is ní dearbh dháibh

clódh nach fuil aca d’urláimh.


28 Ní bristear orm le bagar

ní bhiodhgaim lém dhíubhragadh

le harm arab eolach mé

ní as mhó ná fear mo chaithmhe.


29 Más dearbh leat briathra dom chlódh

amhail chuire amach id ghlór

dar liom ní maith an mhalairt

cur do chuirp i gcontabhairt.


30 Cúis seanchais do chur ar arm

ní ciall do neach nach biadh balbh

cosmhail go dtuigthear as soin

gur sgar do dhóigh réd bhriathraibh.


31 Na leabhair sin labhras sibh

tuigidh ar aird má táid libh

riú bhaineas bríogh ar seasaimh

is iad airm ar n-imreasain.


32 Dúthchas re gaisgeadh a Aodh

atá agaibh as bhar ngaol

ní bhéarthaoi a ngeall i ngníomh gha

Murchadh Eoghan Lugh Lágha.


33 Dóigh gaisgidh do neach dá fhréimh

níor dhéanta dhuit asat féin

an tobar ór shil an sruth

ní hé as dhóigh do bhiadh folamh.


34 Mar mhaoidheas tú saobh an nós

oirne an t-éacht nach dearnais fós

gach masla nach bia ar do chur

ro-luath mhaoidhe léd bhagar.


35 Dá mbeath an ní láimh ar láimh

idir Eoghan is Conn cáidh

ní iarrfadh Conn air ré linn

braon dá fhuil ná a chuid d’Éirinn.


36 Muna mbeath a shluagh leis go léir

níor shlán ó láimh Eoghain féin

gion go ráinig na hairm ann

Conn agus Goll is Conall.


37 Ag soin na briathra searbha

chuireas d’aimh-dheoin mo mheanma

dá bhfreagra mar as éigean

mé do labhra a leithéideadh.


38 Dá ndearna orm am tualaing

maoidheamh éacht ar a ngualainn

gach neach le mbadh doi-bhinn so

oruibh-se as chóir a dhiomdha.


39 Tuig gurb é an díol sin labhra

thugsad clann Éibhir amhra

gér liach a bhuain don deagh-fhóir

ar trí macaibh Éireamhóin.


40 Is é an díol soin shloinnim daoibh

thug ar Fhollach lámh Chonmhaoil

tug an díol céadna cneadh throm

Eochaidh Faobhar ar Smiorghall.


41 An díol céadna-sa a los gliadh

mac mhic Éireamhóin Eitrial

dá dhúsacht níor dhulta dhaoibh

fuair ó láimh chosgraigh Chonmhaoil.


42 Eochaidh Mumho tolg tuinne

tug ar Fiachaidh Labhruinne

bhar rígh Éireann go n-aoibhe

an díol céadna comhmaoidhe.


43 An díol céadna cruaidh an bhreath

tug an fhlaith Eanna Airgtheach

ar bhar rígh Éireann iar soin

dárbh ainm Aonghus Ol-mhuchaidh.


44 An díol céadna céim díoghla

ar bhar rígh shochruidh Síorna

mar leantar lorg an chleachtaidh

tug ar rí-ne Roitheachtaigh.


45 Bhar rí Éireann aithne dhaoibh

Giallchaidh mac Oilill Olchaoin

an díol céadna sgéal do leath

tugadh air le hArt Imleach.


46 Bar rí oile bhar mbarr ráidh

dar bha hainm Nuadha Fionn Fáil

fuair díol a mhac-samhla sin

le Breisrigh mac Airt Imligh.


47 A-dearuinn go mór ní as lia

acht nach leanaim air níos sia

olc liom do bhriathra dom chur

do luaidh a leithéid d’adhbhar.


48. Briathra nach briathra séimhe

cúis cuirthe cáich fá chéile

uaibh-se a dtuaidh triallaid soin

éigean freagra na n-aghaidh.


49 Ní fuighthear id leabhraibh libh

ainm aon duine d’fhuil Éibhir

do mhionnuigh an mhóid labhra

fa mhaitheamh a n-athardha.


50 Sompla ar nach tugsad luighe

Meilge mac mhic Iughoine

rug rí d’fhuil Éibhir dhé a cheann

mar aon is ríoghacht Éireann.


51 Rí gach éin-fhear maith an iocht

feadh sé nglún na dhiaidh dá shliocht

gan agra i gcás luighe

’s gan cead d’aicme Iughoine.


52 As soin as tuigthe do chách

nach éidir gur fíor a rádh

gur d’ísligh fuil Éibhir Fhinn

do shíol Iughoine i nÉirinn.


53 Níor sháith d’Iughoine d’eighre

rí do roinn leath a sheilbhe

re comh-fhlaith tar chlár a-nonn

’s nach coisgfeadh ainbhreath eachtronn.


54 Na flaithe uaibh do níodh sin

níor sháith d’Iughoine d’oighir

má deire nach fuilid ann

do bhéar uaim fios a n-anmann.


55 An rí deire Dia dhá dhíon

fada go léigfinn duit díom

d’fhuil Mhaine Leamhna mhic Chuirc

Leamhnach Alban go hordhuirc.


56 Linn go hiomlán gan buain ruibh

do thaoibh a athar a fhuil

muna leantaoi iar máithribh soin

comh-fhogus dúinn a mháthair.


57 Mairg dhuit a Aodh nach cumhain

leat ar labhras le Lughaidh

im cheann Fiachaidh Fir mara

is fa choimpeart Chonaire.


58 Cuid do na críochaibh ráidhe

d’fhonn críoch do chur id tháille

ní do shíol Iughoine a-nos

a n-uaisle sin go follus.


59 Déisigh Músgraidhe is Baisgnigh

a n-anmanna ré gcloistin

is é a bhfuil dá ngaol uile

anois le sliocht Iughoine.


60 Fíor gur threabhsad uair oile

an sliocht shloinne ó Iughoine

na críocha soin luaidhtear libh

ar throim-chíos ó rígh Caisil.


61 D’eagla nach creididís cách

gur fíor an glór soin ré rádh

do bhéar fios a gcíosa soin

mar do sgríobhadh i leabhraibh.


62 Cíos na nDéise trí céad brat

trí céad agus leith-chéad damh

trí céad go leith muc go meadh

trí céad is leith-chead loilgheach.


63 Cíos na mBaisgneach is é a ríomh

trí caogait da gach short díobh

mairt daimh is méath-thuirc breaca

is loilgheacha lán-lachta.


64 Músgraidhe Deas-Mumhan thiar

trí céad bó trí céad damh ndian

trí céad brat a gcíos cána

do rígh Chaisil comh-shlána.


65 Seasga loilgheach seasga brat

seasca muc is seasga mart

cíos ríogh Chaisil na gcuire

ó Músgraidhe Órbhuidhe.


66 Trí céad da ghach sort díobh

mart brat loilgheach badh lór líon

trí céad go leith torc mar sin

cíos na Músgraidhe oirthir.


67 A fhir do ní taidhbhse thuaidh

a los críoch do sloinneadh uaibh

treabhadh críoch ar chíos mar sin

dom aithne ní cúis maoidhimh.


68 Do bhádar linn san taoibh thuaidh

críocha mar sin sloinntear uain

Cuircne Dealbhna gan lochta

Gaileang Luighne Ciannachta.


69 Sul do chéid-bhris cuing a ngaoil

síol Laoghaire is Cobhthaigh Chaoil

comhthrom is iomáin a sean

do bhain ar fhás ó Éibhear.


70 Lia rígh tháinig don taoibh theas

lia a soi-gníomh badh cóir a mheas

do rónsad na rígh ré linn

lugha d’olc do bhean d’Éirinn.


71 Níor choisgsead Laighnidh díobh féin

neart na Muimhneach ba mear méin

dol ré gcosg do chlannaibh Cuinn

fa feidhm ós cionn a bhfuluing.


72 Coimhmeas airde idir naomhaibh

níor mhol mé i gcúis an tsaoghail

fios cia dhíobh as airde ar nimh

ní fhuil ar talmhain thoinnghil.


73 Acht gairm Ard-mhacha go mbuaidh

tré theacht Pádraig ar dtús thuaidh

féach cá ceall gá dtiubhradh fear

gairm chinn-litre tar Chaiseal.


74 Más iad t-ughdair léd rannaibh

t’éighis anois ’s an-allain

mór an toibhéim ar bhfios

a gcluintear uaibh-se d’ainbhios.


75 Gach ar labhras ima raon

ar an dá leith-sin a Aodh

fa hé bríogh ar labhras ann

dá chur i gcéill nárbh ionann.


76 Séanaim do bhéar bunadh ris

an glór sin labhra i riocht fir

do bhéar uaim dearbhadh gur mhair

an roinn níos sia ná bliadhain.


77 I dtreas bliadhain ríghe Cuinn

tarla Éire do roinn ruinn

cúig bliadhna déag na dhiaidh sa

moch-amus Maighe Léana.


78 Bíodh go bhfuil ré léigheamh libh

ní i nbhar sdair na aghaidh sin

ós é a cheart coimhéad na bhfios

córa creideamh don oireas.


79 Do ghéabbhthar uaim ní fios díosg

i n-am na ranna aois Críost

i gcairt ionmholta fhollais

is aois trátha an mhoch-amuis.


80 Teachta Chuinn ar dteacht ar séad

gibé fáth fár tuillsea éag

fógra catha san madain

re hEoghan níor labhradair.


81 Mar sin nach oircheas cath

d’ionnsaighe Chuinn ciabh na sgath

i gceann Eoghain na gcuradh

’s é na shuan gan ollmhughadh.


82 Níor thriall mise táinseamh riamh

ar shíol gCuinn na gcroidheadh bhfial

acht tagra ceart dhá gclódh soin

éagcóir glór gach aoin agaibh.


83 Gibé táinseamh thig dá thaoibh

gach freagra do bheirim dhaoibh

sibh-se as chiontach re buain ris

ní dom dheoin thigim thairis.


84 Gidh fogus bhar ngaol dóibh sin

d’éis gach saobh-ghlóir dá gcan sibh

ní nár do mhaithibh Muimhneach

gan tú orra id chomhairleach.


85 Ní im leith-se ba churtha bréag

acht i leith cáich uaibh nach féad

bar nglóir do bhreith go bunadh

badh bun cóir re cothughadh.


86 Ní abraim ní hionrádha dhamh

ní acht do réir leabhar nglan

dod nós féin ní fhuighe im beol

ughdair nach ceisd a n-aithcheodh.


87 Madh áil leath mo bheith im thosd

is é a dhéanamh sibh do chosg

do mhóir-bhriathraibh ar bheag bhfis

ag tagra i n-aghaidh oirchis.


88 Lughaidh Torna ar dhoimhne a bhfis

leasg leo buain acht go séimh ris

sibh-se an taobh tana don tsruth

uaibh do chluintear bhar dteann-ghuth.


89 Torna is Lughaidh fa leasg dhóibh

bheith ag tagra neith ón gcóir

sibh-se ’s an drong nuadh ag teacht

cuma libh ceart nó éigceart.


90 T-athair is Lughaidh a Aodh

ní ar sgáth a máithreadh ar aon

téid díon onóra an taoibh theas

ní hé a gcosnamh bhar gcairdeas.


91 Éisdeacht do neach do badh ciall

re glór nach ró a fhios go grian

gomadh feas dó créd an chóir

ní fheadair créad an éagcóir.


92 An bhreis mheasaid cách do rígh

ón lucht bhíos ré linn i dtír

dá ndeachainn a meas orra

ní shéanaim í eatorra.


93 Do bhí ag Conmhaol breis mar sin

ó bhar bhFollach ór fhás sibh

’s do bhí aga mhac Eochaidh barr

ód Sheanbhoith is ód Shmiorghall.


94 Do bhí dá bhféachthá ar gach leath

breis mhór ag Eanna Airgtheach

tar an tí ór fhás tusa

dárbh ainm Maon mac Aonghusa.


95 Do bhí breis mar sin ré linn

ag Roitheachtaigh ’s ag Féidhlim

gidh searbh leat a sloinneadh dhaoibh

ód shinnsear Oilill Olchaoin.


96 Macsamhla don bhreis chéadna

do bhí ag ar sinnsear Séadna

créad fá n-iarrthar orm a rádh

ó bhar n-athair-se ó Aodhán.


97 Mar sin do bhádar a Aodh

gach rí againn ar gach taobh

mar nárbh iongnadh ag breith ghill

ó mbíodh ré linn i nÉirinn.


98 Tugas ceirt-fhreagra cubhaidh

i gcás Tuathail ar Lughaidh

ós aon-chúis labharthar libh

is éin-fhreagra dhíbh dlighthir.


99 Maoidheamh Conaire is Cuinn

mar do níthí druim ar dhruim

gár bheag dhaoibh dá maoidheamh soin

thú féin a Aodh nó Lughaidh.


100 Cuiridh bhar maoidheamh mórdha

na luighe ar dhaoinibh ónda

aithne dhamh réim na feadhna

a mbáis is a ngeineamhna.


101 Dámadh libh Eanna Airgtheach

do bhronnadh mór sgiath d’airgead

cosmhail go maoidfeadh sibh soin

nó an drong a-déar im dheaghadh.


102 Ó nach áil sgur dá maoidheamh

sloinn-se uait d’uaislibh Gaoidheal

na gníomha a ndearnsad ré linn

sochar ná onóir d’Éirinn.


103 Muineamhón na muincheadh n-óir

nó an t-ór-fhailgheach Aill-deargóid

do thuill onóir dá sleachtaibh

nó an roth-chairptheach Roitheachtaigh.


104 A maoidheamh do b’fhiú a ngníomha

nó Breisrigh rathmhar ríoghdha

dá ndiongbháil tar bhroinn mbóchna

tug iol-chatha ar fomórcha.


105 Nó Cas do chumhdaigh caingne

filideacht gacha buidhne

nó fear na bhféineadh d’fhosdadh

Séadna ar dtús thug tuarasdal.


106 Nó Eoghan do fhóir gorta

nó Brian lér díbreadh docra

méad a ngníomh soin féachtar libh

ón droing ataoi do mhaoidhimh.


107 Ní labhraim gabhail coire

gidh eadh fa bhreith a thoile

rugadh géill Chormaic go a thoigh

le mac Eoghain le Fiachaidh.


108 Cormac acht cuid dá labhra

ní hinghill d’uaislibh Banbha

gar go bhfuighthí a dhí-mhiadh soin

i gcuid oile dá ghníomaibh.


109 Tuigfid an lucht léigheas é

leigheas Lughaidh ’s Taidhg mhic Chéin

iar gcath Crionna le hua gCuinn

nach glór gan fháth a n-abraim.


110 Dearbhadh as a dtuigfid cách

nach glór gan adhbhar mo rádh

do ghéabhtha má léaghthar lat

tagra Fhíthil le Cormac.


111 Gach ar thriall na thoigh gaoise

d’inntleacht fa hinntleacht baoise

níor ghníomh flatha inghill soin

a gheall ainbhreath ar Mumhain.


112 Gach ní ainbhfíor dár léaghas

a mbunadh mar do fhéaghas

ní díobh ní droch-aithne dhamh

do ním rém aighneas bunadh.


113 Ní bhíom dá cur i bhfad-dháil

duain Cionnaoith Uí hArtagáin

don ghlór sin ós í as bhunadh

lór í féin dá bhréagnughadh.


114 Muna meastaoi Cairbre a-mháin

ar mbeith na mhac ag flaith Fáil

ní raibh i nbhar dteaghlach thoir

éin-neach comhmaith re Fiachaidh.


115 Moladh budh mhó réd linn féin

tug fear dána ar fhear d’Íbh Néill

mar sin nach cúis iongnaidh dhuit

file do mholadh Cormaic.


116 Do bhris Fiachaidh fada an ruaig

cath ó Ghláire go Sliabh Fuaid

do chosg bhar n-ainbhreath-se dhé

do stiúir go sámh a ríghe.


117 Gidh ard labhra do theann-ghuith

nach fríth i Saltair Caisil

do ghéabhthaoi níor dheacair dhí

ní innte gan fhios duit-se.


118 Ní mheastaoi-se ar rígh mar rath

acht buar toghail adhnadh cath

ní mheastaoi a mbí do mhaith

idir thár-fhlaith is fhíor-fhlaith.


119 Don tár-fhlaith is eadh as ghnáth

ruagadh ruathar gach ré dtráth

claoitear é agus claoidh neach

a ríghe ní sámh suaimhneach.


120 Fíor-fhlaith ní déantar dhé dóigh

ní dhóighidh sin neach tar chóir

ceirt-riaghladh a chríoch mar soin

dá réir sin do níodh Fiachaidh.


121 Gach siabhradh dár trialladh ann

ós é bhar gCormac-sa thall

do thionnsgain é misde a bhladh

do bhris dá ruaig dá shiabhradh.


122 Criomthann rí d’fhuil Éibhir Fhinn

do chuaidh roimh Niall soir tar linn

dá dtug leis anoir dá thoigh

maoine bráighde buaidh cosgair.


123 Ar aithris Chriomhthainn go lí

do chuaidh Niall soir is Dá-Thi

ní thangadar beo tar ais

níorbh ionann a dtrí turais.


124 Muna marbhthaoi do neimh féin

Criomhthainn le mnaoi athar Néill

ní bhiadh Niall i bhfus ná thoir

ann san oirbheart a ndeachaidh.


125 A Aodh cá fáth fá maoidhe

Conall Eoghan go saoire

cá breis rugsad ón dtaoibh theas

féach a ré is a reimheas.


126 Na sochair iomdha áirmhe

do rinne ar dtréin-shliocht Táil-ne

deacraide dhaoibh coimhmeas rinn

maith nach dearnadar d’Éirinn.


127 Triath d’fhéin Danar ar gach tuaith

loingeas uatha ós chionn gach chuain

maor gach bhaile ab gach chill

gur sgrios Dál gCais iad d’Éirinn.


128 An seanchas do labhair mé

ar dhruing ria dTorna is Néill

teacht tar druing mhaireas a-niogh

mar fhreagra dhomh ní dlighthear.


129 Súil lém bhreith aith-fhreagra truim

áirmhe saoir-ghéaga clann gCuinn

dá dtíosadh as aon-ghlór uilc

níorbh í m’intinn a fhóbairt.


130 Ós é an seanchas fios na sean

is í a gcuimhne dhíom dlighthear

is ní coimhmeas drong mharas

dá mbrosdúdh i bhfaltanas.


131 Ar áireamh ní fhaghaim blas

d’eagla buaidhreadh do theacht as

na géaga mhaireas a-niogh

d’fhuil an dá mac-soin Míleadh.


132 Aithne d’eolchaibh Fóid Fhéidhlim

fios clann nÉibhir fo Éirinn

dá leantar a lorg tar muir

níor dearmadadh iad i nAlbain.


133 Binn liom-sa gach maith dá mhéad

do rádh re sliocht Cuinn na séad

acht nach chuige a-déarthaoi sin

do tháinseamh fola Éibhir.


134 Na frasa ó n-ainmnighe Niall

nár liom mar eolus uait iad

ní hiad-sin na frasa fagh

’s ní i bhflaitheas Néill do fearadh.


135 Níor fearadh fós ar gach dionn

na frasa mar ráidhe riom

acht fras d’fhuil is fras do mhil

ar ghleann laighean ar Fhoithin.


136 A-deirim fós gur chríochnuigh

flaitheas sé ríogh dod ríoghraidh

ó chur na bhfras sin ad feas

go teacht do Niall i bhflaitheas.


137 Cúis ainmnighthe Néill Fhrasaigh

oidhche cora na bhfras-soin

Niall is innte do geineadh

’s é uatha gur hainmnigheadh.


138 Dubhadh éasga na cúig déag

meas it aigne féin is féag

tarla i dtráth na bhfras do chur

an é fuair é mar shochar.


139 Mar sin nach déanta acht go réidh

maoidheamh mór a frasaibh Néill

ó nach sa modh maoidhtear libh

fuair sé ainmniughadh uaithibh.


140 Ughdar mór agaibh-se thuaidh

bliadhain do chuala cian uaibh

ughdar oile a shamhail soin

áladh baichle i mbonn Eoghain.


141 Tagra a hucht ughdar n-amhghlan

nach amais préamh na n-adhbhar

mairg bhíos i dtráth an chosnaimh

taobh re díon na n-ughdar-soin.


142 Tuig gur ghlac Aonghus gan chiaigh

tuarasdal Murchadha mhic Bhriain

níor mheadh Murchadh dho mar chuing

’s níor mheadh do Bhrian Maoil-sheachluinn.


143 Acht gér dheacair geall Guaire

ar dháil séad do bhreith uaidhe

ní faighthear leat a chara

oineach mar fhuil Eochadha.


144 Mar fhéacha ar do shinnsear féin

Éigneachán go n-aigne séimh

créad nach tugtar leat mar sin

súil ar Cheallachán Caisil.


145 Nocha n-aicthear dhuit-se a Aodh

tug th’aire nach amharc claon

maith ó neoch fo neithibh

acht ó neoch dot shinnseiribh.


146 Dámadh seanchaidh a-déaradh

do bhéarainn air a shéanadh

mar dearbhthar libh-se nach fuil

dár ríoghaibh acht seacht gceathrair.


147 Ar son seacht gceathrar do luaigh

dhamh-sa ní beartha dhuit uaim

nach féadfainn ní do chur ris

fáth mo labhra níor thuigis.


148 Mo fhreagra is an gcás soin

ar Lughaidh ’s ar an mbráthair

saoilim dá léighe tú soin

gur lór uaim é ar do ríoghraidh.


149 An t-ughdar ó labhra an glór

ós í sin an Éire ógh

mór ndearbhadh na haghaidh sin

i nGaoidhilg is i Laidin.


150 Atáid liom fiadhain i gcéin

as fhearr ’s as lia ná í féin

as a n-ucht soin mar bhunadh

téighim dhaoibh ré bhréagnughadh.


151 Do ghabhsad rígh nach iad sin

Éire iar dtoigheacht creidimh

do réir fiadhan ughdar nglan

nach tiocfadh dhíot-sa a ndiúltadh.


152 Gibé do bhiadh na n-ainbhios

na rígh labhraim im aighneas

fios a ré ’s a n-anmann soin

do ghéabha im fhreagra ar Lughaidh.


153 Taosga m’Eochaidh m’Airt m’Fhéidhlim

romhaibh na ríoghaibh ar Éirinn

dearbh nach fuair an inis-se

gairm tarrsa ó bhar bhfuirinn-se.


154 Do bhréagnughadh a n-abra

gion gurbh fhiú an chúis a tagra

gairmthear ór ríoghraidh mar sin

Banbha Briain Inis Éibhir.


155 Anmanna ghairmid fili

mar fhairsinge dá slighe

mó as anbhfann an tagra soin

mar aighneas ceart ar dhúthaigh.


156 Do nós an dána a Aodh

ós aos dána sinn ar aon

do fhéadfainn dámadh áil linn

Tír Aodha do ghairm d’Éirinn.


157 Mór an seachrán sin a Aodh

mar as ghnáth an seanchas claon

ní i dtreas aois an domhain duibh

do rinneadh teampall Solaimh.


158 Mó do roinnsead bhar rígh féin

tháinig romhaibh do shliocht Néill

Banbha ionás do roinn Brian

ní ná fhlaitheas fuair dí-mhiadh.


159 Níor díbreadh síol Mogha riamh

libh-se aicme Chuinn na gcliar

gach tráth nár leo thall ’s i bhfus

ba leo an Mhumha a ndúthchas.


160 Fa rí Mumhan na múr gcorr

mac Mogha Oilill Ólum

rígh na dhiaidh a mhac ’s a ua

a iarmhua fós ’s a ionnua.


161 Mar sin dá shíol diaidh i ndiaidh

go teacht Chriomhthainn go teacht Bhriain

cuid ar Mumhain na magh bhfionn

cuid oile ar urmhór Éireann.


162 Iar dteacht Chriomhthainn iar dteacht Bhriain

iar dteacht Toirdhealbhaigh na ndiaidh

iar dteacht Mhuircheartaigh go n-ádh

fa leo Éire go hiomlán.


163 Mar sin gur follus an bhréag

ceithre fichid ceithre céad

gur díbreadh sliocht Mogha amuigh

libh-se síol gCuinn Chéadchathaigh.


164 Do díbreadh ó thoigh Teamhrach

sibh ’s bhar gCormac móirmheadhrach

muna mbeith bhar bhfurtacht rinn

ní bhiadh bhar mbuain re hÉirinn.


165 Do fhóireamar dána an chuing

sibh trér ngaol re hinghin Chuinn

tar bhar gceann ar gcur trí gcath

nár thuitsead trí rígh Ulltach.


166 Do haithleagadh bhar gcríoch féin

daoibh le Lugh ’s le Tadhg Mac Céin

olc an luach fuairsead air soin

cur daoil is cuilg na gcneadhaibh.


167 Má bhí ní nua leat ré rádh

créad nach é do chuir tú id dhán

i n-áit glóir do chansad soin

Lughaidh romhaibh ’s an bráthair.


168 Cuir do bhagar i gcéill thuaidh

más ann creidfidhear é uaibh

bríogh sonn id bhagar ní fhuil

ard-fhuaim an tsrotha fholaimh.


169 Ní fearr a fhios agat féin

a bhfuil ar do chur go léir

ré rádh san modh soin mar soin

ná dhamh-sa ar mo leabaidh.