Poem in printable PDF format
Ní buidheach mé
do Mhág Craith
[Mac Niocaill,
Gearóid: Duanaire Ghearóid Iarla (Studia Hibernica, 3, 1963,
7ff.), poem 24]
1 Ní buidheach mé
do Mhág Craith
gion gur aor sé
go maith mhé;
an rann beag do
rinne dham,
ní do mholadh is
gar é.
2 Dá dteagmhadh
tocht ar a fheirg
agus beith dá
cheird go deo,
snoidheadóireacht
nach maith uaidh
casnaidhe do
bhuain den bheo.
3 Dá mbeath dealg
fá thuinn im’ throigh,
giodh tréan é ar
gach scoil i mbí,
do bhuain
chasnaidhe dom chais
do Mhág Craith ní
thiobhrainn í. Ní.
4 Ní bádhach do
rinne Ó Cuill;
caraid do thuill
Ráith Í
acht más fíor
gurub é sein
léigeas leis gach
ní do-ní. N. b.