Poem in printable PDF format
Ní chluinim guth
Filib fós
[Carney, James:
Poems on the O’Reillys, Dublin, 1950, poem 15]
Donnchadh Caoch Ó
hUiginn .cc.
1 Ní chluinim
guth Filib fós,
roibheag a ghuth,
mór a chlú;
ní theasda de
acht a ghuth
ge a-táid cách ag
dul ar ccúl.
2 Do-chluinim
guth cáigh a bhfad uaim
’s ní chluinim
guth ón tsuairc shlán:
iongnadh is Filib
am ucht
’s nach cluinim a
ghuth go bráth.
3 In tráth nach
bhfuil Pilib tinn
[sgél nach misde
linn dá dtí]
fear gan
chlaochlódh ar a chruth,
ní chluinim a
ghuth go mín.
4 Beag a ghuth ge
mór a neart,
ní dhénann sé
cnead ná uch;
gé hiomdha dámha
’na dhiaidh
ní chluinionn a
liaigh a ghuth.
5 Innsim díbh, gé
holc libh é,
dá dtí Filib fein
ón bhás,
dá dtuga Dia dó
gan dul,
go mbia sé gan
ghuth go bráth.
6 In Pilib-si na
ccuach lán
fá mbíd gáirthe
dámh is duas,
a ndénann sé d’ól
nach tur
créd nach béradh
a ghuth uadh?
7 A bhfiabhrus
fhada nó ghearr
in Pilib-si ceann
na ccliar,
dá gcodladh ó ló
go ló,
nír thóg an guth
ceann dó riamh.
8 Beag do chách
dá thinneas téid,
Pilib mo leannán
séimh saor;
rugadh a ghuth
uadh go moch,
guidheadh sé Dia
’s a chroch naomh.
9 A gcuan einigh
tromdhámh dtrom
Pilib an long re
gach lucht;
Pilib caomh na
gcéimeann mór,
trí dheich
mbliadhna dó gan ghuth.
10 Ó mhac Aodha
nár ér scol,
Pilib sgaoilteach
na sgor séimh,
guth go hísiol nó
go hard
ní chluinim a
n-am fón ngréin.
11 Sagart Pilib,
athair rúin,
siad rér sgélaibh
dúinn is bun
ní chreidim ó [a]
liaigh a theacht,
ní chluineann a
bhean a ghuth.
12 Fuarus uirsgél
arsaidh óg
nach sgél fáibhle
fós más fíor
ar trí mnáibh go
modhaibh ban,
mná re muintir
gach meic ríogh.
13 Mná séimhe
síothamhla súd,
mná sgaoilios a
rún gan cheilt;
fada Filib ina
n-ucht,
na mná do bhean a
ghuth de.
14 Ós dár
bhfiachaibh sgaoileadh sgél
[uasol gach bés
is bés dóibh]
nochtfad anmanna
na mban
do mhac Aodha na
n-as n-óir.
15 Uaisle cáich
an chéidhbean díobh
ag Pilib dá dhíon
ar ghuth;
in bhean-soin nár
eitigh cliar,
tug sí dó ciall
agus cruth.
16 Eagna díobh in
dara bean,
bean nach
beirionn acht breath chóir
do mhnáibh Pilib
iad ar-aon,
na mnái-sin is
gaol don óigh.
17 Aithne gan
aonlocht fón ngréin
in treas bean gan
bhéim go bráth;
ag aifrionn cliar
Cláir Dá-thí
do phós Pilib na
trí mná.
18 Na mná
do-chíthear gan chiaigh,
is iad ’na
dhiaidh tar gach aon,
do loc siad do
Philib sgur,
mná lér beanadh a
ghuth d’Áodh.
19 Na mná-sa is
uaisle fon ngréin,
téid siad fóna
réir don dáimh;
sguirim do
sgélaibh na mban,
tuilltear le
Pilib bladh dáibh.
20 Toil mhaith
agus modha ríogh
ag Pilib, más
fhíor don iúl,
an bhean-soin ag
Pilib riamh,
fearr í iná iad
’na dtriúr.
21 Gean go
bhfuilim diomdhach de,
gé maith leam a
bheith gan bhéim,
ge buidheach misi
dá riar,
nár thuga Dia
guth do féin.
22 Nó go rabhaid
subha searbh,
nó go ndeacha
dearg ar dubh,
no go rabhaid na
fiaich bán,
biaidh Pilib go
bráth gan ghuth.
23 Inghean Airt
na síothbhrat sróill
fuair céile cóir
fána coim;
do-chuaidh Róise
leis gan ghul,
fear táinig gan
ghuth as broinn.
24 Ar ndol fán
gcoill d’iarraidh subh,
ní fa ghuth
do-chuaidh sí,
tarla Filib dí
a-réir,
ón chinneadh ní
théid gach ní.
25 Mo shaoradh ar
ifrionn fhuar
[méd ar n-uilc
an-uas do-chí]
go dtí sin do
ghrásaibh Dé
mur do chruthaigh
Sé gach ní.