Poem in printable PDF format
A bhean lán do
stuaim
[Tomás Ó Rathile:
Dánta Grádha, no. 100]
Séathrún
Céitinn
1 A bhean lán do
stuaim,
cuinnibh uaim do
lámh;
ní fear gníomha
sinn,
cé taoi tinn dár
ngrádh.
2 Féach ar liath
dom fholt,
féach mo chorp
gan lúth,
féach ar thraoch
dom fhuil,-
créad re bhfuil
do thnúth?
3 Ná saoil mé go
saobh,
arís ná claon do
cheann;
bíodh ar ngrádh
gan ghníomh
go bráth, a
shíodh sheang.
4 Druid do bhéal
óm bhéal,-
doiligh an sgéal
do chor;
ná bíom cneas re
cneas,
tig ón dteas an
tol.
5 Do chúl
craobhach cas,
do rosg glas mar
dhrúcht,
do chíoch
chruinngheal bhláith,
thairngeas mian
gach súl.
6 Gach gníomh
acht gníomh cuirp,
is luighe id
chuilt shuain,
do-dhéanainn tred
ghrádh,
a bhean lán do
stuaim.
A fhinnebhean
tséimh shéaghanta shárchaoin tsuairc
na muirearfholt
réig raonfholtach fá a ndíol gcuach,
is iongna an ghné
thaomanach fhásaíos uait;
cé duilig an
sgéal, tréig mé agus tág dhíom suas.
Do-bhirim-se fém
bhréithir, dá mbáití an slua
san tuile do léig
Vénus 'na táclaí anuas,
a bhurraiceach
bhé mhéarlag na mbánchíoch gcruaig,
is tusa mar aon
chéidbhean do fágfaí im chuan.