Poem in printable PDF format
A-nois molfam Mág
Uidhir
[Greene, David:
Duanaire Mhéig Uidhir, Dublin, 1972, poem 23]
1 Anois molfam
Mág Uidhir
cóir dúinn an
t-am d’innsoighidh,
do mhuin andsa do
bharr Bhregh
is am damhsa dá
dhéinemh.
2 Mithidh damhsa
co nua a-nois
dénamh dána tre
dhíghrois,
bas díoghainn fan
mín an mhuir,
do rígh an
mhínfhuinn Mhanchaigh.
3 Rand dom dhán
ní dernadh liom
tar énnech
d’uaislibh Éirionn
don té dar dhual
a dhénaimh,
acht mé ag tuar a
thaisbénaidh.
4 Gan moladh rígh
[fh]réimhe Cuind
as hé dob adhbhor
aguind,
gér mhall é
d’fhaghlaidh Uladh,
mé ac anmhuin re
m’ullmhughadh.
5 Sul do-dhénadh
grés molta
dá rígh do dhruim
dhúthrachta,
beith ollamh
d’fhilidh más fhíor
dlighidh gach
ollamh airdríogh.
6 Dá ndernainn
nír dhénta dúind
(’s nach é gach
aon is inrúin)
dán do chleith
ccogthaigh cC!unga
’s gan bheith
fortail bhfhoghluma.
7 Dob é m’adhbhor
re hathaidh
co mbeind ullamh
d’ealathain
gan moladh ríogh
cinidh Chuinn
’s gan a dhíol
d’fhilidh induind.
8 Mur sin tarrla
treimhsi ó shoin
d’ollamh Énrí
mhic Eoghain
fá Chlár sen
bhfeadhumhal bhFhloinn
feadh a ealadhan
d’fhoghloim.
9 Brian Ruadh mac
Meic Con Midhe
dob é ar fedh a
aimsire
saoirbhengán
Tighe Dá Thí
file is
aoinlendán Énrí.
10 Tarrla dó an
uairsin más fhíor
bheith óg mur
ollamh n-airdríogh;
sé d’Ó Néill nír
chéim chubhaidh
nír bhéim é ar an
ollamhain.
11 Brian Ruadh co
raibhe sgagtha
le hiomad a
and[s]achtae
ar saorbharr
dTemhra Dá Thí
ní dherna aonrann
do Énrí.
12 Do dhán,
d’fhoghloim is d’aithne,
d’éis Brian do
bheith ullmhaighthe
fuair flaith
nemhumhal Ó Néill
sgaith a ealadhan
aindséin.
13 Do-níthi
leis-[s]ion an laoidh
an drécht ’sa[n]
t-adhmad d’éntaoibh,
’sa[n] duan
díchill uair oile
don sduaidh
shíthshing sheabhcoidhe.
14 An t-ollamh
’na adhaigh sin
fuair ó rígh
fhréimhe hEoghain,
bos
ghécshoillseach nár char crodh,
tal dob
éccoimseach d’ollamh.
15 Do-gheibheadh
Brian na mbreth dtrom
a bhreth féin
d’fhonn is d’fherann
is d’iolmhaoinibh
Í Néill náir,
céim dob
inmhaoidhimh d’fhagháil.
16 Gá dtámaid ac
toigheacht air -
fuair ó Énrí mhac
Eoghain
gach réir fan
aimsin dob áil
céim do aibhsigh
a anáir.
17 Re hÉnrí agus
re a ollamh
ós hé críoch ar
chanomar,
cosmhail méine
sibhsi is sionn
a chéile indsi
hÉiriond.
18 Anois gur
dherbhus mo dhán
fada meisi, a
mheic Shiobhán,
a rélta chorcra
chnuic Bhregh,
gan molta dhuit
do dhéinemh.
19 Do nós mheic
Mheic Con Midhe
do-ghénsa, a
ghríobh Gháiridhe,
dot dheirc mhálla
dá bhfill fiodh
rind mo dhána fám
dhíchiol.
20 Muna
mhesaindsi mé féin
ollamh, a erla
maoithréidh,
dot bhais tsheing
nár cládh ó chion
do bheinn gan dán
do dhéiniomh.
21 Dá mbeindsi
gan bheith ollamh,
ar n-ullmhughadh
fuaramar
eidir ollamhnaibh
Cláir Chuind
dáigh ro
ollamhnaigh fhoghluim.
22 Do-radus
énchuairt orra
co haipdhioghadh
m’fhoghlomae,
beiti tend as
m’oige ass
gach oide as ferr
dá bhfuarass.
23 Do chaithes
fós, feirrde me,
a ndiaigh na
n-oideadh eile,
a chend cagaidh
fher nUladh
seal agaibh dom
ullmhughadh.
24 Créd fá mbeinn
gan bheith ollamh?
gach oides uaibh
fuaramar
ní hiomdha oide ó
bhfuair sind
ar n-oige uaibh
gurbh inghill.
25 Ní dá rádha, a
rosg málla,
mé dhuit comadh
diongmhála
nó do dhóigh
gurbh ollamh ind
co fóill mur
ollamh fhuilim.
26 Acht an ní ar
tús a dtéid neach
’na chend a
chridhe fáilteach,
co mbí an ní
ollamh amhlaidh,
a rí as orradh
d’ollamhnaibh.
27 A iollánaigh
Indsi Bregh,
a mhiond súla
sluaigh Gaoidheal,
a shúgh na
bhfíonchaor bhfethdha,
a ríchraobh úr
fhínemhna.
28 A lámh fá
luidhid Gaoidhil
a long fa a lán
d’iolmhaoinibh
a sgiath cabhra
braonchlár mBregh,
claochládh h’anma
ní héider.
29 Gécc thoraidh
nár thadhuill locht
Cú Chonnacht mac
Con Connacht,
mór ndámh dá
thogha mur tám
do chlár Logha
bhus lendán.
30 Do gheallus
d’Aodh, aigneadh grind,
rann as gach dán
dá ndingnind;
bos mhaothbhán do
thuair mo thol
mo chlaochládh
uaidh ní homhan.
31 Ní hiongnadh
d’inghin Í Néill
an lá do
thuillfeadh toibhéim,
geall ó mhnáibh
Uladh d’fhoghbháil
an náir umhal
aghadhnáir.
32 Cruth naoidhe
ar néimh na heala,
rún maordha is
maith airrdhena,
bos bharrthana
shoiléir sheng
anmchara oiléin
Eirend.
33 AithÉimher
iarthair Eorpa,
sduadh béilbhinn
breth ccineolta,
slat mhaordha
bhíthe bhannda
aobhdha shíthe
shaorchlannda.