firstLine"; ?>

1500. Ni chongmhann inbhe acht oidbheart (or oirb.. $
Length: very long 51qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA1076 (24/P/33) L.Cl.Aodha B. 1680
Prints:
  1. text LCAB no. xxiv
Motifs:
  1. envoi to wife: Martha Stafford
  2. imagery for patron
  3. qualities of patron’s character
  4. patron’s intellectual achievements
  5. youth no impediment to kingship
  6. prophecies of ruler
  7. legal terminology (aighne)
  8. citation of historical precedents
  9. Classical allusion
  10. Pun ?
Poet Christian Names:
  1. Gofraidh mac Briain (RIA 1076)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Enri mac Seaain mhic Bhriain
Patron Surnames:
  1. O Neill Buidhe d. 1638
Apologue Subclasses:
  1. Cicero: poverty guarded, power=danger
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Ní chongmhann inbhe acht oirbhert


[Ó Donnchadha, T. Leabhar Cloinne Aodha Buidhe, Dublin, 1931, poem 24]


Gofraidh mac Briain Meic an Bhaird .cc.


1 Ní chongmhann inbhe acht oirbhert

da marcach as mórchroibhnert,

anamhain suil tí ara thoil

’sí ara haradhain d’iarroidh.


2 Meinic chorus a cairptheach

an inmhe is each fíorchaillteach;

ní haoinréim dha heurma soin

taoibhléim deunmha ’na deaghaidh.


3 Caitte don tí da dtiocfa

a sníomh le srían n-oirbhiorta,

nó go dtabhair í i n-umhla,

’sí i n-aghaidh a haradhna.


4 A glacadh le greim slemhuin

ní cheinnseocha an chinneamhain;

láimh gé do lamhadh ’na muing

ní sáimh anadh ’na hughuim.


5 Breith úaine an t-am as docra

ar an dtoice dtalmhonta;

dul ’na hurláimh as usa

’ná cungmháil a cádhusa.


6 Neifní ’na dáil, gidh docair,

ciall do chur ’na hiomlataibh,

is sighne do sheich ós niort

bheith re hinmhe gan oirbhiort.


7 Éigin, madh sósar sleachta,

urruim d’fior an oirbhearta;

ní díles gan oirbhiort d’fhior

oighrecht díles dá ndlighiodh.


8 Puimp Leatha, dá labhraid sgol,

gérbh aosda ná Iúl Sésor,

thairis san Róimh ghrésuigh ghil

Sésair do-chóidh i gcéimibh.


9 Dob óige ’ná Éibhior Fionn

Éiriomhón airdrí Éirionn,

mó meas Éiriomóin ’sgidh eadh,

seas gléimheadhóin na nGaoidheal.


10 Niall fa hóige don fheadhoin

clann Eachach meic Muiredhoigh,

gé do ríoghadh rompo so

ríodhamh ochta na hEórpa.


11 Mairidh an uairsi dh’éis Néill

gein shochair d’iarsma an fhíréin,

tug anam i n-ainm a shean,

da marann gairm na nGaoidheal.


12 Chuige téid tús a labhra,

mac mic Briain bruaich Ollarbha

én dreagain da réimhlen rath

déirgheamh eagair na nUlltach.


13 Meisneach ré ndáloibh deacra,

macaomh go méin bhfoirfeachta,

líaigh foirnirt na fine ór fhás

cridhe an oirbhirt ré n-uathbhás.


14 Ógán dá sleuchtuid sinsir

plannda a hEamhoin óirbheinnsigh,

marcach cinneamhna chlann gCuinn,

barr na finnealbha a Freumhuinn.


15 Tar óige Énrí Í Néill,

sinnsir shíl Néill da nuairéir,

cúis ionganta ann ní fhuil

do bharr Fhionnacla Euduir.


16 Lia toimhdeadh atá don fhior:

uille a mhaoin, ’s is mó a chaithiomh,

daingne an chomhoirle do chí

rodhaingne an t-aighne Énrí.


17 Uaidhe as ferr riaghuil reachta;

cosg meirle, mó as aithenta

do ghríbh léidmhigh Lacha Cuan

da n-éignigh Macha i míoshnuadh.


18 Uaidhe fós as faide a fhearg,

’sé arís as oghla dibhferg;

splangc díoghalta é, ’s gidh eadh,

isé as fhíoracla aigneadh.


19 Do fheadur is uaidh is ferr,

riaghlaidh a inbhe ar aba a coingheall,

bertughadh ar bhreith an fhir

i gcertughadh eich uaibhrigh.


20 Ní hionmhaoidhte d’iath Dha Thí

tuile raith dá riacht Énrí,

’sé doifhresduil acht dó féin,

cló dar oiresdair eiséin.


21 Mór ngiolla ghabhus do láimh

riagh fhlaithis, friotal conáigh,

dar shoinmhighe cúl don chuing,

súr doinmhighe na dhoghruing.


22 Luamhoireacht loisi an tsaoghail

cluiche nach cúis neambaoghail;

tuar goimhe rochtain i rath,

gontoir croidhe ’ga chumhdach.


23 Ughdar ó bhfríth fios a dál

Tuil Sigir, saoi na Rómhán,

do thrácht sé an riaghoilsi róin;

sé da ciallaibhsi ar gcuspóir.


24 Feallsamh sin, fa saor gcearda,

fuair treoir na dtonn laideanda

d’éis séimhtheachta a srothann bhfis,

fochann éifeachta ar innis.


25 I gcionn gach nieth da nocht sin,

ábhacht tagra Tuil Sigir,

don fhailmhe ránuig ’s don rath,

cáruid darbh aighne an t-eolach.


26 Suaill a friochnamh dha faire,

dob í a bhreith don bhochtaine;

freasabhra ní éir re a hucht

measardha béin da bárdacht.


27 Sighen bháis ara mbí neimh

nach oir gan altruim crithir,

sdiúir chumhacht don té da dtoir:

dob é udhacht an fheallsoimh.


28 Usaide d’fhior Locha Laoidh

sdiúradh inmhe i n-aois mhacaoimh,

an t-aiceachtsa do fhégh soin,

do légh aitteachtsa an ughdoir.


29 Radharc ar aicce an fheallsaimh

fhuair an t-am fa céidleanbhsain;

dé an radhairc ’na shúil ó shoin,

gan mhalairt rúin do rochtoin.


30 Sgotha séaghanda a sreath bhfis

díden dó ar dhordadh bhflaithis

dhíobh do righne roibheach dúin

soigheach inbhe dha fhortúin.


31 Do bruithneadh do bhriathraibh fáidh

inntleacht Énrí mheic Seaáin,

mur snas amáille ar ór nglan,

lór a fhalláine dh’ionnladh.


32 Saor chuireas cairptheach Line

a chosnamh a chaithmhighe,

a aoibh a aithne ’s a iocht;

caoin a aighthe le a aiciocht.


33 Tug Énrí Ó Néill aniogh

osgladh d’áineas mhac Míliodh,

beo crithre cathshluaigh ó gCuinn,

drithle an athghuail do fhursuing.


34 Air achraidh ógbhadh Eamhna

cairptheoracht a gcinneamhna,

cuing a gcádhusa ara chur,

an bhrághusa fhuinn Uladh.


35 Mac Seaáin mac mic Féilim,

ó tharraidh tús muirléighinn,

rug gach rionnghábhadh d’Íbh Néill,

tug iomrádhadh dha n-oilbhéim.


36 Ó ráinig sí soighin air,

foraois Aodh mac Briain Bhallaigh,

a threabhloid a thuile cheas

do dhearmoid uile ar áines.


37 Gabhuid macradh Moighe Rath

an sgiamh cheudna dha gcodhnach,

sliocht athluimhmher Aodha Í Néill,

caora ar n-athbhruithneadh iaidséin.


38 Do mheuduigh meisneach a shen,

do mhusgoil meanma a shóiser,

tug teas ’na n-aoibhil oinigh,

sgaoilidh ceas da gcédfaidhibh.


39 Nír dhermuid ón ló fa leanb,

mac Róisi nach réidh ainserg,

réim sodhamhna seal da dtáir,

ceadh acht comhordha conáigh?


40 Ní handóich d’airigh Boirche,

dá leanta lorg breathnoighthe,

céim nach bhfuair go bhfoighe soin,

a uain roimhe do rochtoin.


41 Suirghe ris, ga rath as mó?

mur tá fós, ní fáth iarghnó

do dhamhna chroithgheal clann Néill;

ní snoighther crann don chéidbhéim.


42 Sibhinnreadh aige uaidh soir,

grianán Geanoiinn mic Cathbhoidh

ar bhrath rúin Teamhra Da Thí,

súil na hEamhna le hÉnrí.


43 Dearc dhiombras as díol seirce

bun céille ar chan Feircheirtne;

mionn seangbhan féarmhoighe Floinn

dearbhadh céalmhoine Coloim.


44 Geallomhain Phádraic phuirt Dúin,

tinghioll Brighde, an barr chladhúir,

ciabh glennacla is géibhionn gráidh,

éinerr bennachta Bercháin.


45 Díoghruis rúin Breunoinn Birre,

dalta cniocht chuain Duibhlinne,

maith sgiamh a n-oideachta air

grian na boigealta ó Bhreaghmhoigh.


46 Bradán taighleach na dtrí loch:

Loch Cuain Loch Laoidh Loch nEachach;

eo Finnmheana an téigle the

éigne binnshreabha Buaise.


47 Ceann na luingsi ó Thuinn Tuaidhe,

lot cádhois, cló anbhuaine,

sgoth Báineassa ciúin Craoibhi,

sdiúir áineasa is fhorraoini. Ní chong...


48 Fada as cuimhneach Éire ard

ar mhnaoi mur Mharta Stathbhard;

mór roishliocht ar chunn do chuir

a toigheacht sunn a Saxuibh.


49 Inghion ríogh Saxan sleaghaigh

le hEochaidh mac Muireadhoigh,

clódh tedhma ina tochmharc soin,

go sgothghort Temhra teagoir.


50 Da rug Niall na naoi dtionól

ainnséin d’Eochaidh Maoimhedhón;

fine an Néillsi gus aniogh

os béinnsi tighe Tailltion.


51 Saorchlann eile dha héis soin

ga fios nach biadh ós Breaghoibh,

bainchenn Stathbhord na stéd mbras?

créd athlorg le a amas?