Poem in printable PDF format
Ní comhthrom
cogadh Banbha
[O’Conor Don,
183a]
Ua
hEoghusa .i.
Eochaid
cecinit
[Deibhidhe, Dán
Díreach]
1 Ni
comtrom cogadh
Banbha
terc tír
mur ta an
athardha
lucht a
senchosnaim[h] ré
seal
nemhchosmhuil d’ulc is d’imnedh.
2 Crioch Bregh na
mbuinne
ngothmhall
a-ta
a hualach
eccomtrom
cuid
sonn lén
himsniom[h] a
hoil
drong lén dimbriogh
a decair.
3 Ag
cod(h)ladh ar a
cneidh sin
a-ta
cuid do cloinn
Mhílidh
gan
fios ndecra gan díth súain
gan
sgíth n-echtra
gan anbhúain.
4 Drem oile rug
do roghain
beith
ar bhethaidh n-urcrodaigh
adras d’ulc
naoiminsi Neill
nach
lucht áoinirse
íaid-séin.
5 Dainimh don
dream lén tocha
sínedh ré slios
bfúarsrotha
sáimh
don cathláochroidh ro-s car
bancháomhthach [leg. -aigh?] dháibh ag dergadh.
6 An
ionann is oirches
dáibh
sochair na hEirionn
d’f[h]aghail
na
coimsigh luigios ó
ló
’sa[n] droing-sin
oirios d’annró.
7 An
clann-sa
Conuill mic
Neill
do
eirigh
dermod
dóibh-séin
a los
fhíadhaigh nó ar ol
mbenn
mas
lór iarraidh na
hEirenn.
8 An tarbha fár
timnid cnis
da
ttugtháoi a fhir an áinis
gan
turbaidh gan
doghuing dhuit
Cona[i]ll
Murbaigh do m(h)ealluid.
9 Damadh cothrom
fa crich
bFloinn
lucht
medra is
mac Uí
Domnaill
meallta an chéidbhetha ro-s car
bernta eigneac[h]a
t’f[h]osgladh.
10 Ní
thugsat é da
n-aire
ní hé
imsniomh Rúghroidhe
do
bhi ar sháorchlandaibh shlóigh Breagh
ní
háonchumaidh dhóibh dlighter.
11 Ní
clechtadh síth ní
socra
frith leis a ló a
macdhochta
ní
tharrusdair gídh
tocht gerr
o
gnathfreasdail olc
nEirenn.
12 Ní déisdion lé
a dreich
reabaigh
beith
a mbethaigh n-imneadaigh
fúair eól a
sniomhchuinge soin
ag
deol cíoghbruinne an chogoidh.
13 Ní tharroigh
áoibhnius oile
do
bhíadh air ’na eolchuire
ni
gigil re tocht a
dtreas
ní
ider [= fhidir] olc
tar áineas.
14 Do
roinnsiod
sliocht Gáoidhil
Ghlais
a
n-anbhúain ar ua
Semais
gac oirlíomhadh
gleó do-gheibh
a
coimhlionad[h] leó
leigtir.
15 As eidir leó
asa los-soin [183b]
gan
sgeinm ré sgel
n-anbfosaidh
gan
techt do taigeradh
cath
gan
roilegadh bert
mbáoghlach.
16 Ualach
cogaidh
criche
Floinn
gé
mor do mhac Uí
Domhnaill
ní
tharla dhó da dhesgaidh
nach mó an tarbha
tarrusdair.
17 Táir do
cogad criche Bregh
tús comairle chlann Mhíleadh
gidh
tús suidhe ría
sénuibh [leg. sen-]
tús moighe ’ga
meirgedhaibh.
18
Eolus na n-úaran
ghaisgid[h]
ga
ttam as de tarrusdair
rún
menmfosaigh ré húair n-uilc
crúaidh a
bfedhma-soin d’f[h]ogu[i]rt.
19 Mar
bhenus becha an
mhuighe
mil
as súdh na serbhluibhe
beóchogal Banbha do bhen
tarbha a gleóchogadh Gáoidheal.
20
Amhlaidh
sin nac[h] sníomh croidhe
an
cerd do
chlecht
Rughraidhe
dimbríogh is cára
fa a cenn
’sa
dtarra d’imsniomh
Éirenn.
21 Ní fes a
conách catha
go
bféghtur feidhm
ardfhlatha
ó
thigh ré ndula a ndocroibh
a
thugha as ér a fhionnochtain.
22 Fásuid(h)
fédhma na ccuradh
abhail a mbí an cathughadh
tréigidh breó an
gaisgidh a ghal
leó
mur
chaisger
don chogadh.
23 An teine is
tairpthighe tig
tréigidh sí ré seal
ngoirid
a
hanbharr a treathan
a tess
go
bfághbhann
betaidhr
mheileas [leg. bh-?].
24 An gháoth fós
gemadh í
ann
(gebé
aimsir) isna haitibh nach (bfh)aghann
ní ré
a hurocht fa séid
soin
téid
a cumacht(a) ar ccúlaibh.
25 Gach
damhna níadh da nós
sin
téid
ceó ar a cherdoibh gaisgidh
go
ro-s faigreann fás a neirt
lé
gnás na n-airmreann d’ime[i]rt.
26 Ní meisde do
mac Áodha
gnáthughadh gleo
bforráonda
lé
deacraibh lé
caidreamh ccath
sechtair aignedh na
n-anrath.
27 Ní
hádhbur
iomthnúith don
fhior
a
bfuil d’úaislibh fhuinn Gháoidhiol
gan
anbhúain gan tocht
ré tenn
gan
robhúain ré holc nEireann.
28 Gibé cuid da
cloinn
bhunaidh
nach
cuir le a ló a docamhail
ní bá
clann í don
innsi
dá
ttí ann don
Eirinn-si.
29 As é is
aignedh d’inis
Bregh [184a]
cédmathair
chloinne
Míledh
a
bfáighredh dhí le docroibh
ar tí
a n-airgen d’f[h]ionnochtoin.
30 As é an
t-inntlecht
do fhéch sin
an
t-én dan(a) hainm
an aicil
do-ní
ráith bhennfhoirfe
Bregh
a
ndáigh greannaighthe Gháoidheal.
31 Dúil sin as
sethda
cridhe
úathadh da háos
coimhrighe
éigen
ríamh don uile én
diall
don chuire as da cinél.
32 Ní
hinnister aice sin
acht da én a
n-am tuismidh
an dá
én-soin gidh íad ann
síad
ar égsoibh ní hionann.
33 Én díbh gan
dusgadh menma
sechnu(i)s síghne maithremhla
én
oile ar a hairghibh féin
go
ccroide n-aingidh
n-aigmhéil.
34 Go
nderntur inntlecht orra
decair aithne etorra
túar
sáobhaithne a silledh soin
rinnedh áonuighthe
orthoibh.
35
Dírighter léi-si a
ló the
a
n-aighthe a n-aghaidh gréine
da
ttig mes airghen a hén
do
thes ainmer an
ai-ér.
36 Ruiscc an eóin
nach
oigre dhi
ní
fhuilngenn
amarc
ngréine
ní
dhúin re doighir ngoile
súil
oighir na hacuile.
37
Dibris [leg.
díbridh?] úaithe an t-én eile
’ga
mbíd bésa tuilidhe
do-bheir ’na hasgoil an t-én
do-gheibh cosmoil ré a cinél.
38 Ag iompódh
d’f[h]ios a treibhe
iomsgaradh na
haiceile
ni
bhí acht lethoighir
lé sin
bethoighid[h] é as[a] airghibh.
39 An da én-sin
ógbaidh
Breagh
an
aicil inis Gháoidheal
tes a
glíadh eigen a holc
an
grían nach éidir
d’amharc.
40 Ar
aithris an dara
heóin
forgla fer nEirionn
d’eithreóir
[d’éitreóir?]
le
gráin infeithmhe
fhóid Airt
do
shóid(h) rinneithre
a radhairc.
41 Ré thes
cogaidh criche
Breagh
dúinid(h) súile sluagh Gháoidheal
eisdeacht
gháiriolaigh gleó
dte
gráineamhail leó gach laithe.
42 A n-aithne is
urusa dhi
comardha a
cloinne dísle
aghadh a hoighre ní fhill
garadh da bfoighbhe um Eirinn.
43 A cuid-si don
cloinn uile
mur sin as sé
Rúghruidhe
an té
chadlus ar a
cneidh
ní hé
admhus
mur oighir.
44 Ro-s
dirgenn
mac meic Mágnuis [184b]
aghaidh an ruisc
rellannghlais
ar
goil chogaidh chláir na nArt
ní
thógaibh gráin
da
gúasacht.
45 Críoch
Fhloinn na
linntedh bfosaidh
do-chí óigre an
Áodha-soin
sgíamh
sáorchlannda
leinb[h] dar leis
ar
dheilbh bfáolchonnda a flaithis.
46 A
ngrúamdhocht ghnúisi Bhanbha
bíd
’na mbreachtoibh sercamhla
gráin a haladh
áidhbhle a holc
bádhadh na hainmhe
a n-annsacht.
47 Ní ísligh
airde a mhenma
ní
gráin a ghnúis
dhoigerdha
ré
huille a snimhdecra
soin
buime
frimshlechta
Fíachoidh.
48 Gabhtha dhó a
los a lethtrom
ó
shlúagh
Eirionn
d’eineaclann
an
cheadroinn fa a comair soin
do
thulaigh
tredmhoill
Túathail.
49
Roinnfidh do réir a
dhochair
críoch Bhánbha an
brúaich
ghégsrothaigh
ní
thíbhre don tí nár thuill
ní da
hinmhe gan fhochainn.
50 An tarba do
thuilleadh leis
ní
bhía ar láimh
lucht an áinis
ní as
faide a n-aisgidh ón fhior
oide
gaisgidh na
nGáoidhiol.
51
Táirseac dhoruis na
decra
fráoch
draige a ndeilbh
náoidhennta
rogal
nach cceil a chrithir
neimh
ó bfaghtur
foirithín.
52 Díon
conaigh
chloinne
Dálaigh
cabhair re
hucht
n-iombádhuidh
cenn
áoibhnechta
criche
Cuinn
frithe
cáoimhslechta Críomhthuinn.
53 Inis Banbha na
mbenn ttais
a-tá
a hannsa d’úa
Semuis
mur treibh ar ttocht a tuile
ní
cheil ort a hionmhuini. Ni...
54 Ní
connradh lén
chuirthi druim
rann d’Áodh as
gach dán
dealbhuim
gnáth
lem ga lúagh as sáoire
úam(h) do
chionn a
comáoini. Ni...