Poem in printable PDF format
Ní crann
aontoraidh an uaisle
[Journal of
the North Munster Archaeological Society, vol. 2 (1913) 202-6;
translation 207-11]
Tadhg] mac Dáire
cecinit
Clár Sennchuis
Chloinne Dabhreann
1 [Ní crann?]
aontoraidh an uaisle,
iomdha céim na
ccruinnion bl[áth],
[fear] dá bpór,
ar gcúl nír cuireadh,
ní mór dhúinn, a
ttuireamh tr[áth].
2 [Árd] ríogha ar
aon easbaigh buadha,
do’n bhláith
gabhlach geinidh siad.
bár(r) na cruine
is dóibh do dáileadh,
fóir is uile
aireamh iad.
3 Filidheacht ’s
féneachas fromhtha,
fásaidh don
chnuas chéadna ad-chí
ollamhuin ’s
gairm sgaith don choill-si
pailm do bhláith
an chroinn-si a gclí.
4 Eineach is
ea[n]gnamh fós féachtar,
s préamh na
h-eagna maraon ribh
ní beag uaim-si
um dháil dá dhearbha,
d’uaisle cáich dá
sealbhadh sin.
5 Ní bhiam ní sia
fonn [leg. sonn] dá neirneach
iúl ar easgar don
bhláith buidh,
a clú a gcéin bu
ollamh uaim-si
béim dollamh an
uair-si muigh.
6 Giolla ar naomh
óg an tollamh
is uaigh dham ní
bláith gan blas,
do gan roinn da
chuaidhsi a gcásaibh
d’uaisle an
chroinn dar fhás-so(i)n as.
7 Clan(n) Ui
Dabhaireann is buan oineach
aon adhbha sgol
[m]breitheamh mbuidh,
deaghchlú is lí
na n-ollamh n-uasal,
bí ar bron[n]adh
da n-uasan duigh.
8 Dubhdabhoireann
gar fhás uaigh
ard righ Mumhan
do bhuaid barr,
fuair sliocht
Eog[h]ain mhóir gan mheasga
feóil-fhuil an
tsloigh d’easgar ann.
9 Clanna Duibh do
bhuaidh Boirionn
na mbreith
oirdhearc uaig ar tteacht;
seanchus an
tslóigh dúinn da dhearbhadh
soin don uig do
cheangail ceart.
10 Deagla
eimealtais cháich cheana
canfad son ní
saobh an cás,
gach (deagh)
duine suas da réim reimhe
go beim fan
gcnuas eile ór fhás.
11 Giolla naomh
óg mian mo mheanmain
Mac Ghiolla ar
naoimh gníomh gan ghuth,
cuirfead a dtós
ttráith ar chraoibhe
bhláith don rós
as caoine cruith.
12 Giolla ar
naomh mór an tainm iodhoin
ainm a seanatharr
caomh cúl
Mac Aod[a] flaith
na bhfleadh bhfionmhar
sgath na bhfear
ba líonmhar lúith.
13 Cuirfead
Maghnus meanma chobhsaigh
sa gcraoibh
cédna, ra gan rún
Diarmuid féin as
ainm da aithir
an pailm séimh
nár thathuigh tnúith.
14 Muirchertach
as Muirgeas maordha
Mac Fionghuine
flaith os fiodh
saorbhreathach an
mac saor soilbhir
an tslat chaomh
do coimhdligh cion.
15 Cosnamhach ní
cóir a dhearmad,
deagmhac
Baothghalaigh, linn lán,
as Giolla ar
naomh na n-each n-iomdha
craobh na mbreith
ba díorga dáil.
16 Domhnall mac
Taidhg nach tréith meanmain
Mac Uilliam ba
aolta lios
saor m-[h]ac
Dómhnaill gan braith biodhbha
flaith dfoghluim
ba fiorglan fios.
17
Dubhdábhoireann an tainm ársaigh
or hainmnigheadh
uile anuas
an deaghchineadh
caomh bláth buadha
craobh do ghnáith
ba cuanna cnuas.
18 An da ó
Donchadha dáil dearbhtha
ag Dabhoirionn is
caidh ciall
deaghluis trath a
gcraobh so ó chéile
sa bhláth chaomh
so is féile fiann.
19 Righacht dá
chóigidh ríoch Mumhan
mac Aongusa
codhnach chaich,
dearbhtha gor
ghaibh dagh is donóir
a seal ba dáil
dágsuigh dáib.
20 [Flai]thniadh
fial na míleadh mearrdha
mac
Ai[nbhleathaigh]. . . . . .
[d]eaghmhac
Dulluing fa tréan teasdal
urma[c]
[Ealaithin]. . . . . .
21 . . uir
Ealathuin nár maoidh maith-ghniomh
mac Duluing
bhr[ic]. . . . .
’s Claireanach
dar mhiadh moladh
a gcrú fhiann an
tor[adh]. . . . .
22 Maoidh saor
Chairbre rathmhur riachtthruim
rioghmhac dAodh
osruidhe cain
mic Laoghaire na
lámh ndaithgheal
slán aonduine
ait[h]fear air.
23 Mic
Criomhthain na gcosgar gcródha
cnuasmhac
Eóch[ach] [or -aidh] na séad sean
mac maordha Cais
gan claon ccomhrádh
craobh nár thais
a gcomdháil chean.
24 Meic Cuirc mic
Luigheach m[h]ir m[h]aordha
mic O’illeala
Flainn, mic brais
fiacha fir dá
liac a Luimneach,
triath is sean na
Muimhneach mais.
25 Uaisle
Muimhneach d’fiorfhuil Eóg[h]ain
sár fhás d’Albain
na [ms an] bhfial bhfionn
duamadh a gcorc
an crann siothghlan
is clann gan
locht riomhthar riom.
26 Riomh
Eogha[i]n mhóir mhionmhar aine
’s Oilliol Ólum
ór fhás siad,
laoich gan chas a
gcogadh tréinfhir
nir sas d’obadh
éinfhir iad.
27 Ag Modhnuadhad
anois feachaid
go bhfuil siad -
ní seanchas cam -
an ríogh gear
léir uaisle ón Eibhior
an uair si a
bpréim[h] éinfhir ann.
28 O Mhodh suas
go hAdhamh oirdhirc
ag éigsi fromhtha
dhuan ndil
atáid gan chlaon
an chlann cheannchas
nach dall aon na
seanchas sin.
29 O táid is
clann Charthaigh d’aon fhuil
ní cúis iongna
iar nuair d fior [d’fear]
a mbeith dóibh a
mbáidh sa mbraithrios.
fóir gan táir a
mblaithlios breagh.
30 A nDruim Cheat
ag comhdháil Éirin
d’eachtaigh Colam
creadhal fíor
gan ollamh duaim
daon a haon choill
acht craobh
bhuaidh do réim chloinn rí[ogh].
31 Mod is cadhas
aobh is onóir
ann ar uaislibh
deachtaigh dáibh
guala na riogh
mar sin na suidhe
fior go ndlighe
an cuire [sáimh] [?] [ms cosgrach]
32 Do chloinn
Carthaigh is cúis maoidheamh
a mac samhla sin
do shíol
dfhás da bpréimh
tar uaisle eile
duaisle a réim
gloine a ngníomh.
33 Giolla ar
naomh aniogh dá dearbhadh
damhsa ní beag
d’uaisle is d’iul
flaith ollamh
d’aobh d’fhíor is d’féile
craobh nar líon
na tréithe a ttriúr.
34 Eineach is
eagnamh na huaisle
ag adhnadh an[n]
os gach bhí,
san foghluim
bláith ciogh an croinnsin
fíor os cách gur
fhoillsigh í.
35 Níor thoill
siad tráth tar na donnadh
do dhubh
dabhoirenn is bun dáil
an cineadh do no
fial fosaigh
ad chiam dó gur
chosain cáil.
36 Connmad gan
baidh dagh is donóir
iul an anma
duaisle a gceasd
deacair ga 7
buain dá mbláth so
dobhuaidh a gclú
a tráth so s teasd.
37 Ní díth maith
ghníomh na ndáil n iomdha
uaisle is einigh
dfás na gclí
nach cluinid cách
a gclú uaine
bhfaith aniugh
nach uaidhe an ní.