Poem in printable PDF format
Ní d’ainbhfios
mealltar mac Seaáin
[Ó Donnchadha, T.
Leabhar Cloinne Aodha Buidhe, Dublin, 1931, poem 38]
Somhairle Mac an
Bhaird .cc.
1 Ní d’ainbhfios
mealltar mac Seaáin;
na seoid dháilios
as dó tíad;
maoine an eóin a
healtoin Tuama
dá dheóin
mealltoir uadha íad.
2 Tabhach urruma
i n-aois tsóisir
do shíol Néill ní
nuaidhe an stair;
ráth na ríogh dha
thoil go dtiobhradh
ná bíodh soin ’na
iongnadh air.
3 Leabhair
Chaisil is chláir Macha
nír mheiste
dhóibh dol ’na leith;
má fríoth cairt
nach léir do léghadh
le fréimh Airt do
bhéradh breith.
4 Gluaisid leis i
laithibh teannta
táin mhíleadh don
mhacraidh shídh;
do an ó hEunna
’na armaibh
go car seula ar
adhbhaidh nÍr.
5 Ferann
cloidhimh cairt a shinnser,
do shíol Néill do
ba nós gnáth;
caidhe an tríath
lerb áil a éra
sgíath ar láimh í
Éunna ar áth?
6 Ní hé amháin an
mhedh le dtoimhseann
Trian Conghoil do
chuir fa a smacht,
go breith ’na
láimh ar fiadh bhFuinidh
an ghrian áigh do
fhuirigh Art.
7 Do ghabh an
Céidniall cúig braighde
do bhreith an
chluiche ar chlár Té,
dá dtogradh naoi
ngéill do ghabháil
le mnaoi Néill
dob anáir é.
8 Buidhne amach ó
mhacraidh Line,
an líon tíad i
dtighibh óil,
ní thoillid fuil
Earca i n-éntoigh
leabtha amuigh go
ndéntoir dhóibh.
9 Críoch a
thuruis i dtoigh bannáil
bronnadh séd, ’s
ní seoid do ghabh;
nírbh fhiú a thol
da seuduibh suirghe
a dhol d’fhéagain
bruighne ban.
10 Cána troma an
tráth nach n-uigheadh
d’uillibh sgiath
do sgaoilfeadh cailc;
taosga do chuaidh
sé ’na séna
gibé do smuain
éra Airt.
11 Eagna a bhfuil
re foghluim gnáthaidh
glioca a
bhriathar gibé adeir;
do ghabh an
chlíar leisge labhra
fian Feirste má
tharla asteigh.
12 Do thoirbhir
do thionól éiges
d’eudáil
biodhbhadh bruta sróil;
do bheir mac Áine
do fhilidh
ar ghlac bráighe
d’idhibh óir.
13 Ualach catha
ar chinél Eoghain
aighthe féinneadh
feirrde a dtlacht;
téid do thes ón
ágh ’na éideadh,
snámh ar ess
gurbh éigen d’Art.
14 D’fhuil
Bhriain Bhallaigh biaidh san choigill
crithir aoibhle ó
n-adhnann grís;
má thug Temhair
léim tar líne
lenaidh don
fhréimh fhíre arís.
15 Fogus trághadh
da dtuinn mhenmun
na meic ríogh dá
rugois búaidh;
créd as nár len
triath dod thréidhibh
do gheabh le
hiath Éibhir d’uaim?
16 Síad id
longphort mur lucht frestoil,
forgla an
teghlaigh go dtáir fíon,
fian Line cáit
ina gcuire
file i n-áit an
duine dhíobh?
17 Do líon glíadh
ní gheubhaidh seachad
go sníomh
dornchar, go dáil crann;
meinic t’fhían ag
tocht da threabhadh
do ghort ghliadh
gur beanadh barr.
18 Tabhach cána
críche heachtrann
an fheilm órdha
as eadh do sgailt;
cró fogha ar do
thaobh don tachar,
maor do chomha ar
achadh Airt.
19 Lá don
chraoisigh ’na crann lúbtha
ag léim brogha
bíoth nár fheac,
caol an dá chrann
fúibh nár filleadh
do bharr dhúin
gur lingeadh let.
20 Rugais amach,
a mhéin Seaáin,
seula dúithche
mur dhíol fiach;
do gheibh síoth
ót fhéin da oighribh
críoch Néill ó do
thoirbhir tríath.
21 Tógbháil airm nár
iomchuir féinnidh
as feidm laoich nár
léigis thort
ní léig le fer í as
a hiomdhuigh
slegh do bhí go
hiorghoil ort.
22 Do bhreatha
maordha, a mheic Áine
éigcert d’fhógra
asedh do níad
súil re lenmhuin na
mbreath bheire
do mheabhruigh neach
eile íad.
23 Dol i gcoimes do
cherd bhféinnedh
an bhfidir cách cia
do lamh?
gan bheith libh ni
béim dod bhuidhin
sibh ag léim i
mbruighin bhan.
24 Droiched curadh
do cherd gaisgidh
’s do ghaoi dhonna
dhoirtes crú;
foghnuidh slegh re
haghaidh h’iomchuir;
sreabh chalaidh ní
thiomchuil tú.
25 Do locadh
leanmhuin an adhbhuir,
ní fhuil biodhbha
bhrises cuing,
ben gan omhan ag
techt tríthe,
nír bloghadh reacht
críche Cuinn.
26 Barr a comhthaibh
críche Temhra,
tairthe dhaoibh ag
dol i méid;
gibé call do bhaoi
gan bhlaghadh
a bharr faoi go
talamh téid.
27 Fuaim gach srotha
re slios gcalaidh,
ceol nach binne ó
bharraibh mér;
nimh a chnedh i
gcuan nír chuimhnigh
fer ’na shúan ó
fhuighlibh én.
28 Oiremh céachta ar
chiomhsuibh bóchna
beg nár thuit ’na
thoirrchim súain;
gairid le fer an lá
leabhar
an fedh atá ag
treabhadh túair.
29 Téighid síona
srotha balbha;
ar bhruach linne ní
luigh sioc;
do chúaidh fúibh san
mhuir do mhine
go bhfuil súil na
ríghe riot.
30 Siad ag tnúth mur
theguid d’fhoraois
agha torrcha ó
dtuismhid laoigh;
dá rann énuigh ag
cur chatha
fa dhul d’fhéghuin
Lacha Laoigh.
31 Éigse Fódla feadh
a ndíola
dáilimh ionnmhuis
fhine Néill;
do bhac soin an dol
tar dligheadh
crodh ar thoil na
bhfileadh féin.
32 Re gráin sleighe
is sí gan teilgen
triath ar ais ag
éirghe ó chách;
téid tré fher ’s gan
í ina fhaicsin
ód chí slegh Airtsin
ar áth.
33 Roinn do chennus
críche hÉibhir
d’ua na mBrían do
bhéra chairt;
saoir da gcur ar
obair Emhna
ar sgur chogaidh
fhedhma Airt.
34 Mó sa chách a
gclechtadh foghla,
fian Túama ni
thréigfe a nós,
mur fúair sgéula ó
iath nár adhain,
truaill i Éanna ar
faghail fós.
35 Síol Eoghain ós
aicme Ghaoidheal,
an gnás riamh ní
racha thart
acht cáin do bhí ’ga
fhréimh reimhe
ní réidh ar ní eile
Art.
36 Gaisgeadh tóra
tráth an fhedhma
d’Art Ó Néill ni
nochtfa sí;
an chaor shlóigh, do
fhég gach énfhonn
tóir da méd ni
fhéghann í. Ní
37 A seoid oirdherca
an uair bhronnus
do bheir d’éigsibh
earradh sróil
Gráinne ní iarr ar a
haindribh
ríar na dáimhe
d’fhailghibh óir.
38 Inghen í Eadhra
isí dhúisges
drithle féile a
bhfad ó ghrís
cinnidh Gráinne ar
an ngairm reimhe
nach táire an t-ainm
eile arís.
39 Ní gnáth léí
lenmhoin an bhandáil,
i mbruighin ríogh
rug a mbúaidh;
aithreach do mhnáibh
béin re bronnadh
an réir dob áil
d’ollamh fhúair.
40 Maith na tréidhe
da dtug annsacht;
re haithne Dé
diallaidh sí
rún nach claon i
gcoinne cionadh;
do choille chaor
n-iodhan í.