firstLine"; ?>

1508. Ni deireadh d’anbhuain Eireann/ Crioch Gaoidheal.. $
Length: very long 67qq
Certainty: 4
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 626 (3/C/13) O’Curry transcript of BOCD
  2. Book of O’Conor Don 1631
Prints:
  1. see O Ra F&F Conn, Breatnach Teamai Taighde?
Motifs:
  1. envoi to Maire dau. of Toirdh. of Sil Colla
  2. nobility of ancestry
  3. comparison with own kindred
  4. mercenary (amhus)
  5. war with Foreigners
  6. possibility of cooperation btn Irish & Eng.
  7. fertility of land under true prince
  8. functions of kingship (defence)
  9. comparison of homeland with Kingship of Ire
  10. legal terminology (baranta)
Patron Christian Names:
  1. Walter [Ciotach ?] son of John
Patron Surnames:
  1. Burc of Mayo (d. 1590?)
Apologue Subclasses:
  1. the successive invasions of Ireland
  2. Alexander conquers Greece & the world
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Ní deireadh d’anbhuain Éireann


[Text below from O’Conor Don, 345b-347b; published in Ó Raghallaigh, Filí agus filidheacht Chonnacht, 1938, 52-63]


[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 NI deiredh d’anbhúain Éirionn

crioch Gháoideal na ngormghéibhionn

eng mhín do chédghabh Cesair

tír dob édmar imreasain.


2 Go hoirer mBanbha mbántais

ó thainig tus gabháltais

mór rí do fhégh an innsi

do bhí ag éd bhán Éirinn-si.


3 Ré sluag Banbha na mbrug slim

tugadh fa inis d’Éiri(o)nn

réidhe a cnoc millsi a medha

lot na hinnsi a hairrghena.


4 Fine Greg ar tus tainig

feis ré hÉirinn iomráidhid

d’fhios eóil a míneng ’sa magh

a ndeóigh dilenn do dhórtadh.


5 Go crich nGaoideal da gabháil

tegaid timchioll Parrtaláin

deghshlúaigh ar fhéghain dob ferr

lér mhédaigh anbhúain Éirenn.


6 Do-níad clann nemhthláith Neimhidh

gabháil o bfúair fóirighin

ar lughaidh ttraichtghil ttes

curaidh lér fháiltigh Éire.


7 Fa anbhúain ó Fheraibh Bolg

do bhí Éire na mórcholg

’na hádhbha creach is chogaidh

Banbha as-ttech go ttugadair.


8 Fir Ghailían gabháil oile

do-níd go híath nIúgoine

tríal ór búaidhertha an Bhánbha

slúaighshirtha fhían n-allmurdha.


9 Gan orrtha acht innioll cogaidh

líon a ttionóil tángadair

Fir Dhomhnann doiligh an dream

go gormfhonn n-oirir nÉirenn.


10 Idir Tuathaib Dé Dhanann

inis Fáil na bfíarabhall

tug an bhen ’na mbainnsibh slúaigh

treall da haimsir fa anbhúain.


11 Meic Mhíledh macroidh bháidhe

glúaisid ó ghort Easpáine

d’fhios a cúan mbalbhúaine mbinn

fa túar anbuaine d’Éirinn.


12 Gabhuid Frangcaigh fecht oile [346a]

orrláimh innsi Láoghaire

ben Briain arna boing d’feroibh

bíaidh ag an droing dheighenoigh.


13 A leith na fédhna a Frangcaibh

Gáoidhil as íad ionnarbthair

rachaidh ní gabháltus gerr

barántus achaidh Éireann.


14 D’éis gac gabháltais dar gheabh

do rioghraidh Gall no Gáoidheal

ráith Dhá Thí na ttreabh solus

ga fer ’ga mbí a bunadhus?


15 Bhaitér a Búrc ní breath chláon

thoghus Fódhla na bfionnbhráon

’na rígh ós cionn a chinidh

ar thír na bFionn fóirfighir.


16 Baramhail do-bheirid féin

fine Bhúrcach a Bhaitéir

gan óg da shliocht nó senóir

ad riocht ar fhód nÉiriomhóin.


17 An tshealbh bhias ad bhais leabhair

tuitfidh ón treibh Gháoidhealaigh

fada bhús libh míonghort Múaighe

ní ríoghdhocht fhir énuaire.


18 Cuigedh Méadhbha na múr ngeal

ní racha fa rádh sinnsear

ní bhía sibh le cert cConnacht

ná sir techt ar torannacht.


19 Gaoidil Fhódhla in bar n-aghaidh

mó a Bhaitéir do bharamhail

a thaighleóir brúaigh na Banbha

fúaigh da n-aimhdheóin h’atharrdha.


20 Miorún na nGaoideal nglas-[s]a

da ccluinid síol Sérlusa

triallfod fiedhnacha leó a-le

go heó gríanshrotha Gaillbe.


21 Óig na Fraingce fir cródha

tar muir a mhic Onóra

sgáoilfid ceó braoininsi Breagh

na Gaoidil-si is leó lingter.


22 Ni híomdha a Bháitéir Búrc

bhá íath Meadhba na míndrúcht

cáin rígh nar thabaigh thusa

gan cabhair shíol Shéurlusa.


23 Fecht da raibh[e] rí an domhain

ad comháois a[n] ccualabhair

le gaisgedh ag gabháil neirt

ag faghail aisged n-oirdreic.


24 Idir leabhroibh laithe n-áon

do-connairc a chíabh orchláon

le a bharántus do-bhér me

sgél ar gabháltus nGréige.


25 Léd leithéid d’fiorGhall eile

tainic a ttús aimsire

go míonmhagh nGrég da gabháil

ríoghradh nár fhed d’iongabháil.


26 Gabháltus núa nochtaim dhuit

a Alexanndair mic mic Pilips

do-rinne ar ghoirminis nGrég

righe coirmmhilis cláoinghég.


27 Slóigh fhinnGreg is Alex-anndairs

suidhid dhá chath chomhardaigh

láimh re cúan ’na chúan loingsi

fa túar áigh an ámhaill-si.


28 Mac Philib ina phopall

nírb fada ón óg ábhradonn

gar dhóibh ar oile d’fhéghain

toighe sróil ag sáorGréugaibh.


29 Fograid cath ar a chéile [346b]

fir Grég is Goill aigmhéile

ar ndul dóibh a n-egur áigh

na slóigh do b’egail d’edráin.


30 Deireadh láoi a leirg an tochair

cinnid Goill ar Grégachaibh

líon glíadh ní théid on treas-soin

dar triall a Gréig ghoirmlesoidh.


31 Ionnarbthar ón uair-si a-mach

fine Greg na ngread siúbhlach

Goill ar ttocht ina ttreisi

ag roinn ghort na Gréigei-si.


32 Ni leigdís Goill san Greig mhóir

go sgur dimerge an deghshlóigh

críoch gégach linnte leabur

Gréugach innte tt’aitreabhadh.


33 Ní dúthchus fa dera dháibh

ríoghacht Gréige do gabháil

curaidh shlóigh chatharrdha chniocht

dhóibh nír b’atharrdha an óigreacht.


34 An rí úaibhreac Alex-anndairs

Greugaigh d’éis a n-ionnarbaidh

san éing-si ní hí a shealbhus

do bhí treimsi a ttigernus.


35 Goill na meadha is mac Pilip

ríoghacht oile aitrighid

barr cúlchas do cheis ar Gréig

nír dhúthchus leis a leithéid.


36 A hoilén Gréige do-ghabh

Alex-anndair as é a dheireadhs

’na shenlíne ag techt thairsi

nert deighrighe an domain-si.


37 Ag so a Bhaitéir brígh an sgeóil

ag gabháil neirt do neimhdheóin

ar amhsoine a ttigh Dha Thí

ribh as cosmhuile an cédrí.


38 Goill eile ní fhuilim dháibh

sgél ort a oígre Sea[á]in

eng thíre d’Éirinn agaibh

righe a héineing fúaradair.


39 Righe an domhain día do shén

mur frith a héineing d’oilén

dóigh leinn an gort do ghabháil

a heing do port Phárthaláin.


40 Rachaidh Fódhla na bfhonn réidh

a ndiaigh na beinne a Bhaitéir

do ghabhais beinn don Bhanbha

as greim amhais allmurdha.


41 Ar ghabhaltus oirir Airt

Uilliam Concur do chéadchairt

tarraidh íarlocht d’inis Bhregh

dar dhlighis gríanghort Gáoidheal.


42 Don ríoghacht do ghabhsat Goill

ní heng thíre do thúaroim

do mhéduigh gal do grúaidhe

féghain ar magh minMhúaighe.


43 Ní mór nár mealladh thusa

tugus do thír dhúthchása

clár táobhúaine na ttreabh slim

ar seal áonuaire d’Éirinn.


44 Ar íasacht innsi Banbha

nír bh’ionntuctha a hathárdha

cúis imdergaidh dhún is di

cúl ré finnlearguibh Fraingci.


45 An t-oilén-sa Gháoidhil Ghlais

ní díogha an rogha rugais

geall ó gach íathmhoigh aice

eng íarthoir na hEóraipe.


46 Da mbeith gúasacht thoir no thíar [347a]

san crich-si chloinne Uillíam

síad rodhána as an té is trén

do b’é a mbaránta Bhaitér.


47 Clár Muaighe na magh mbreacglas

’ma meinic a n-eigentasa

fóiridh ursa ghlanshlúaigh Ghall

an fonn-sa ar anbhúain echtrann.


48 San bheirn a ferthar frasa

lá troda shíol Sérlasa

mairg do-rinne dóigh dheabhtha

don tinne óir aithleghtha.


49 Gid mor baramhail Bhúrcach

bhá chlár mBanbha mbráonndrúchtach

ní théid radhámhna da fhréimh

tar méid mbaramhla Bhaitéir.


50 Lá ag comhairle ré chéile

Goill na Fraingce fóidréidhe

tig gach drem go géig Gaillbhe

’s ní théid a ccenn chomhairle.


51 Ní comhtrom comardadh Gall

da mbeith go mbeidís ionann

íarsma féine na Fraingce

ré chéile nír chomhairdthe.


52 Da thréighe nach raibhe riam

a ccogar chloinne hUilliam

mac na flatha ó ghort Gaillbhe

gan lucht ccatha a ccomhairle.


53 Mion a mhóid mall a dhiomdha

airrghe ádhbhair ttigherna

’na aghaid ní hiomdha sgél

caruidh a bhíodhbha Bhaitéir.


54 Baitéir mur do bhí [a] athair

bíaidh ’na rígh ós Frangcachaibh

ní hanndhúthchus dar úa an rath

go húa mbarrúrchas mBúrcach.


55 Do chuirfedh cruas a reachta

da léigthi a los éigreachta

sealbh na righe da rochtain

leanb cíghe tré Connochtaibh.


56 Do eirigh san aird-si thíar (linnibh)

da slechtuid aicme Uilliam

ré soiniomdha coimdhe cháigh

oigre soidhíorga Sea[á]in.


57 Na Goill-si a-le tar linnibh

ag techt go fód Féidhlimidh

fonn áosda dob óg bfochain

táosga an fód ag Frangcachaibh.


58 Slúagh Fraingce na bfhúighledh grinn

agraid anbhúain ar Éirinn

lúaithe leó go clár Connla

gleó dob ál bhá n-atharrdha.


59 Ag díon Éirionn an fheóir thais

cuirfidh seabhcóir shíol Sérlais

crú tre dhéarnannoibh nglac ngeal

ó fhédhmannoibh mac Míledh.


60 Tig ann iar sin neull flathaa

fa shíoth do-bheir Búrcacha

caidhe slógh armnúaidhe as ferr

ar cclódh anbhúaine Éirenn.


61 Braiter ar bherla na n-én

an righe ag rochtain Bhaitér

mithidh feis re fód nGaillbhe

leis a-táid na tiormáibhne..x


62 Tarla ris do radh cléire

díol Bhaitéir do bhainchéile

fiú a bhladh a togha tarsa

rogha bhan na mBúrcachsa.


63 Inghen Toirrdealbaigh troigh mhín [347b]

ben dob iomcubaidh d’airdrigh

ní bfúair sí féin ’na fionfhuil

ní budh béim ar bhainríoghain.


64 Mná shíol cColla is da ccerdaibh

nach ttuillid fáth imdhergaidh

ní tug goil a ngrúadh Mháire

a lúadh a ttoigh tromdháimhe.


65 Ádhbur farbh arduighthe a ghuth

oígre Máire a meascc Bhúrcach

ben oinigh is di dleghar

do-ní a hoighir d’úaisleghadh.


66 Fedh a cúarta ag neimhedh náoimh

ní thabhair ag dáil dhonnbráoin

nó go ngontoir glún Mháire

cúl ré hochtghoin n-iomháighe.


67 Tré ghloine solusda shéimh

ag faicsin a fuilt mháoithréidh

nír mhédaigh menma Mhaire

féuchain éarla órfhainne. NI DEIRR