firstLine"; ?>

1510. Ni deoraidh mise a Manainn $
Length: long 37 qq
Certainty: 1
Period:
  1. 15th mid
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. TCD 1318(H.2.16) pseudoYBL 15th c.
  2. Bodl.Rawl. B514 Betha CC&O’D poems
  3. NLI G167 Seamus MagUidhir 1727
Prints:
  1. transl. McKenna AiD no. 23
Motifs:
  1. comparison of patron with own family
  2. poet’s own mourning
  3. poet’s vigil on patron’s grave
  4. Sea-voyage
Poet Christian Names:
  1. Tuathal (TCD 1318)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Niall Garbh mac Toirrdhealbhaigh
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill d. 1439
Apologue Subclasses:
  1. Death of Niall Naoighiallach
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Ní deoraidh mise i Manainn


[McKenna, L.: Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40, 1939/40), poem 23]


Tuathal Ó hUiginn cct.


1 Ní deoraidh mise i Manainn,

mé eiste ní hiontadhaill;

do ghabh bágh re Manainn mé,

dod ghrádh anaim, a Éire.


2 Ní déanta deoraidheacht di

cuairt Manann tre mhac Gráinne;

ó theasda an rí sa tír thoir

do-ním feasda dhí dúthoidh.


3 San oiléan ar hoileadh Lugh

d’fhios Í Dhomhnaill dá ndeachur

ar bhfaigsin a fhearta ann

ní heachtra i n-aisgidh agam.


4 Dá dteagmhadh dhamhsa dol soir

ar cuairt go hEamhain Abhloigh,

dá bhfaghbha an croidhe mo chead,

Banbha ní fhoighe mh’aiseag.


5 Beanfaidh deoir a cuirr croidhe

faicsin Eamhna Abhloighe;

ní choisg dearc le déaraibh féin

ar dteacht d’fhéaghain an oiléin.


6 Leaba ag laoch Locha Ghile

fa úir thíre tairngire;

leath na leabtha mása linn

nír mheath ar n-eachtra a hÉirinn.


7 Do dhul go Manainn mac Lir

truagh gan mise, a Dhé dhúiligh,

i riocht eoin dá héanaibh féin

do dhéanaimh eoil an oiléin.


8 Na tolcha ar a bhfaca an fear

uatha ní fhuighinn m’aigneadh;

dul go Manainn gidh mian linn

ag Niall anaim i nÉirinn.


9 Ní hé gurab iomlaoid sgéal

shaoilim d’fhagháil ón oiléan

bárc as an tírse mar thig

bímse ar an trácht i dtáinig.


10 A gcluin sinn tar an sáile

damh ní damhna lúthgháire;

cuairt soireamhain is sámh liom

lámh re hoirearaibh Éirionn.


11 Leis na teachtaibh thig a-le

ga aithris d’éis a chéile

rinn do chuir ar mo chumhaidh

a gcluin sinn a Sacsanaibh.


12 Ní cumha dhiongmhála dhamh

deora iná dúthracht osnadh;

dá mbé gan éag a fhile,

a Dhé, créad fa gcreidfidhe.


13 Trian oidhche ní fhéad mise

do cholladh gum chroidheise;

ní fhoighe oidhche as usa

choidhche an croidhe céadnusa.


14 Do caitheadh lé m’fheoil is m’fhuil

cumha ríogh rátha Murbhuigh

- do ghabh an chrithir cumhadh -

rer mhithidh dhamh dealughadh.


15 Deor ann má do fhágaibh mé

ní fríoth a chead ón chroidhe;

agam rosg dá rabh fuigheall

cosg damh nocha deonaigheann.


16 Ní leigiom cumhaidh ’n-a ceann

mo thuirse - is truagh an dícheall;

cumha i gceann chumhadh eile

cumhan leam go leigfeidhe.


17 Toirrse beoil nach bí fa thuinn

dom onóir óm fhior chumainn;

do-ní ar gcomharsa chumhaidh

oramsa mar aradhain.


18 Neimhiongnadh gin go ndeach dhíom

mo thoirse d’éis an airdríogh

mé gam chrádh ag an chumhaidh

is é slán a Sasanaibh.


19 Do gealladh leo - fa luadh ráidh -

Niall re uaslugadh d’fhagháil;

truagh é, a Choimdhe, do chreideamh

sé oirne ó do haisigeadh.


20 Ar annsacht uaslaigthe an fhir

gá dtám acht tugsad Gaoidhil

fuath do raighnibh chuach gceangail,

fuath d’fhailghibh is d’fhithcheallaibh.


21 Ní raibhe tarbha a thionóil

ar gheall aicme Éireamhóin;

mar bhíos crann ar tí thuitme

do bhí i n-am a fhuasluigthe.


22 Ar n-aomhadh an domhnáin dóibh

do dhearbh teachtaire a theasdáil;

d’éis leighis orchra Uladh

beiris ortha an t-urdhubhadh.


23 Ar gealladh as - uch do chor!

gér thrághadh d’ionnmhus Uladh

suaill nar thugtha as a thaisibh

uaibh, a Ulta, an t-ionnmhaissin.


24 Doirbh libh, a laochraidh Dhanar,

a dhul d’éag gan fhuasgaladh;

mór do fholaigh dom urchra

brón oraibh, a Allmhurcha.


25 Rí dá dteasda riamh roimhe

go bás Chuinn nó Conaire

nír chuir ortha is nír ionchuir

a bhfuil d’orchra ar Éirionnchuibh.


26 Toitim ar deoraidheacht dó

móide orainn a iargnó;

cumha Néill riamh ní roibhe

fa Niall sa réim ríoghroidhe.


27 Fa Niall roimhe do thoit thoir

do fhuair Banbha bean Fhionntoin

cor as cosmhail do-chuaidh dhi

’s an corsain do fhuair Éire.


28 Niall Naoighiallach - ní neart mion -

tograis soireana ar sluaigheadh;

feidhm ag Niall ar naoi nglasaibh

do bhaoi ag triall sa turassain.


29 Sacsa agus Alba más fhíor

do ghabh sé - fa séan airdríogh -

rí Éireann an uair do thoit

ag buain éineang a hEoroip.


30 Ag Muir nIocht ní anfadh sin

muna dearnta é d’oighidh;

cor faoi le Niall do budh náir

ar son naoi ngiall do ghabháil.


31 Fear ar n-ionnarba uadh féin

- Eochaidh mac Éanna a ainmséin -

do-chuaidh dá fhaisgin gan fhios

fhuair i n-aisgidh a áitheas.


32 Rí Teamhra nó go dtorchair

le hEochaidh d’ádh éanorchair

folchar ar an bhflait an fear

gur chaith orchar ós íseal.


33 Inis Fáil i n-a fiaghair

don bhássain Néill Naoighiallaigh

an chréidhim as neasa a-nall;

measa ag Éirinn a fhulang.


34 Toisg Néill Ghairbh is ceann i gceann

is cuairt Néill na naoi ngéibheann

an toisg as déidheancha dhíobh

do loisg Éireanncha d’imshníomh.


35 Ionann ainm ionann mianach

doso is do Niall Naoighiallach;

an rí ar cumhaidh ’n-a chumaidh

cubhaidh don tí tharumair.


36 Fear a ionaidh do chloinn Chuinn

ní fuighthe i ndiaidh Í Dhomhnuill;

doilghe an Niall deireanach dhe

ná a gheinealach riamh roimhe.


37 Bás mic Thoirrdhealbhaigh thug dúnn

ar gcóig gcialla do chlaochlúdh;

an lá as truime mo thuirse

uirre a-tá mo tharcuisne. Ní deoraidh.