Poem in printable PDF format
Ní díol grádha
gleann na ndeor
[Mac Cionnaith,
L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 45]
Fearghal Óg Mac
an Bhaird
1 Ní díol grádha
gleann na ndeor
ná lean a chádhas
go cian;
cia an dúil nar
ghortuigh go géar?
dúinn is léan a
rochtain riamh.
2 Ná cluintear
fíoch feasda fúibh
a shíol Eabha, a
fhuigheal áir;
do-chím-se nach
teann bhar dtóir;
gleann an bhróin
an tír-se i [dtáir].
3 Gleann na ndéar
an talamh trom,
do ghréas nochan
antar ann,
dá lár is
soibheirthe sionn,
is crádh liom
m’oilithre ann.
4 Fan lucht toice
fhuil san úr
toirrse ní fhuil
ar a n-ór;
beag bhar ngaol
re gleann na ndéar,
a dhream do
fhéagh an raon róm.
5 Fa chloich ó
do-chuaidh do chlí
ní fhoil groigh
ná cuaich dod chaoi;
ní libh dod
chrodh acht an chré,
a fhir a-né ar
ndol fa dhlaoi.
6 A fhir dar
bh’earradh an t-ór,
ní libh d’earradh
acht an uagh;
san tír dar
ghoire do ghrádh
lámh ag rígh oile
mon-uar.
7 Mac Muire nar
an fa fhád
don chruinne ná
car acht súd;
níor leat do
chríoch áluinn óg,
ní bhíoth acht
fód fábhuill fúd.
8 Do-chuaidh
d’fhuil Ádhaimh fa úr,
iar ’n-a ghuin
tánaig i dtréan;
is fiú a
ghaolmhaith drud ’n-a dhál;
tug grádh do
naomhfhlaith na néall.
9 Ní théid ar a
dhiadhacht dlaoi;
ná tréig ar an
iasacht hé,
flaith as fhearr
fan uile ní,
rí ar ar fheall
an chruinne ché.
10 Tiad na
toirthe mar théid clú,
ná tréig an
Coimdhe ar cheo;
táinig mar
chiaigh tre chlí mná;
biaidh mar tá mar
do bhí beo.
11 Tuille grás
nach téid i dtrágh
ná tréig do
ghnáth Muire mhór
earla fionn as
daingean dún,
mionn súl na
n-aingeal ’s na n-ógh.
12 Ar n-eochair,
ar n-eite lúidh,
red bheathaidh
seice ná sín:
bheith ar a tí
tug dot óidh
’s í ’n-a hóigh
agus rug rígh.
13 Ná tréig Muire
Máthair Dé,
táthaigh a
croidhe red chlí;
ná gabh mearbhall
tar an mnaoi
saoi glan as
neamhghann im ní. Ní.
14 Peadar easbal
do b’úr dlaoi
ag túr na
beathadh do bhí;
tug a chaolchorp
fa chuing nDé
do thuill sé ar
naomhthacht gach ní. Ní.