firstLine"; ?>

1513. Ni doigh siogha Shiol cColla $
Length: long 34qq
Certainty: 2
Period:
  1. 17th mid
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 92 (24/P/4) P. MacOghannain 1687
Motifs:
  1. envoi to another patron: Brian mac Colla
  2. imagery for patron (re lan, liaigh, eochair)
  3. nobility of ancestry
  4. patron single exception to condemnation
  5. hospitality to poets
  6. prowess in war
  7. harrying
  8. War with English
  9. functions of kingship (fal a flaitheas)
  10. medical lore(?) - burning wounds
Poet Christian Names:
  1. Diarmaid (RIA 92)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Colla mac Briain
Patron Surnames:
  1. MacMathghamhna
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Ní dóigh síodha síol gColla

[RIA 92 (24/P/4), 263]

Diarmuid Mac in Bhaird cc.

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Ní dóigh siogha síol cColla

buighean go mbuaigh n-urroma

gabhla tulguidh thacar tenn

do chumhdaigh achuidh Éirenn.

2 Gach gort dar ghabhadar ríamh

maicne Cholla chláir Oirghíall

iomdha dhaibh [dá] dearbadh sin

nach dernadh dáigh don droing-sin.

3 Ar ghach ruire da ro céim

a-tá ga truma caithréim

búaidh gach berna da bhunadh

ealbha fa cruaidh cathughadh.

4 Síol dubhac da ndleagur comhas

buaigh catha 7 cosnamha

aca ar mharthuin druim ar dhruim

na slata ó chatraigh Chrobhuing.

5 Gach nert foghla fúair an chlann

gach eang dar fhuaighsiod (d’Éirinn) d’feronn

maicne ríogh na ríar n-abaigh

le sníomh glíadh do ghabhadar.

6 A-tá síad-san budh tuar teinn

tar an ccuid eile d’Éirinn

le teinnfheidhm le teachta [a] ttroid

ealta is neimhmeirbh le námhuid.

7 A bhfríoth leó-san lór do rath

rioghradh calma chrú Eathach

gach laoi le comhdha coguidh

ar aoi tromdha tathradar.

8 Re forráin gacha fine [264]

a-táid a thús n-aimsire

tar neart cathfhaghla chóig n-íath

a n-atharrdha fhoid Oirghíall.

9 Le ro dhoghra re dáil sleagh

le folcadh fola féinneadh

mar sin thrá iarthar a n-eng

gach lá fa íathmhagh nÉrionn.

10 Cuige táim da tharruing sin

oighre Bhriain bhrisios béarnaidh

ursa cheanguil do chrú Chuinn

deallaidh (?) gach cnú le crobhuing.

11 Úa Eimhir aigneadh fuileach

ar thaibhdeadh chríoch ccomhuidheach

re a shíol dleaghur gac duine

leanuigh gníomh na gasruidhe.

12 Leantur leis lorg an chúaine

fosuigh le feadh anbhúaine

na cathghabla gan céim mion

do fhreimh Mathgamhna múintior.

13 Rinn gach éigin re hucht Gall

cosmhuil ’na chluidhe comhthrom

deireadh berna uair oile

ar sduaigh Eamhna d’airidhe.

14 Ré linn chlaochloidh cháich oile

d’fhéin Gall na ngleó n-aingidhe

anuigh taibhgheoir bhenn mBanbha

d’aimhdheoin na ndream ndanarrdha.

15 Ag dol d’iomlaoid arm seanta

mac Briain bhronnus toirbherta

teolasuigh a ttráth [a] cen

breólasair ghnáth na nGaoidheal.

16 O Bhoinn thrath go Tráigh mBaile

tucc an tr[i]ath-sa Fernmhoidhe

fa fholuidh a n-aghuidh Gall

foghuil re bhfaghar forlann.

17 A los bern le barr n-úalaigh

tarruigh ní táom anuabhair

an t-éigne o Bhoinn bhreicmhín Bhreagh

cóir a seintír na sinnser.

18 Crioch a shean go nuaidhe a-niogh [265]

fúaighidh sé d’áis no d’éigean

foirche mhoingbhliocht for mhall sriobh

tar (?) fhoirnert Gall is Gaoidheal.

19 Bloghthur taibhleadh[a] a ttor sean

leagthur síos fás a foirgneamh

la cen do-ghní a goradhs

ar tí a cneadh do chneasoghadh.

20 Loisgthur do leighios a gon

gontar í d’íoc a hádhladh

tucc ’na muir chíach a conair

in bhfuil íath da hinnsamhuil.

21 An chrioch-sa tar chrich n-oile

d’iathaibh innsi Laoghuire

foirche bhí fa nualas néll

ní fhúaras í ar eidrén.

22 Inis Fernmhoighe in fheóir thigh

tathruidh Colla cruth fáoilidh

a chlaochladh choidhche as an ccruth

foirche na n-áolchlar n-amhlach.

23 Le mac Bhriain a brath seisi

in eang thaobhghlan thíre-si

d’éis a ndernadh ga ttám ris

do ceangladh fál a flaithis.

24 Gach roinn do réir na deacra

gnáth ríamh ’gan fhréimh Ghaoidhelta

a láibh goile um chró na cConn

budh mó a oire na a fheronn.

25 Cosmuil nach comhthrom foghla

do chuingidh mac Mhathghamhna

gleó núaidhe gach áonlá air

’sa ttérna úaidh[e] d’Ulltaibh.

26 Nocharbh fulair d’fhior a ghníomh

trer luigh air d’ualach eisiogh

éarla marbhghlan meallus dráoi

da bhfaghbhadh cennus cunndáoi.

27 Tarruidh Colla cíabh na sgath

ní foghthur clú gan chennach

téid a mhaitheas céim os chach

do ré[i]r caitheas a chonach.

28 A dhúthchus do dhruim dhlighidh [266]

da bhfaghbha an t-úr airmrighin

beag an ro chéime d’ó Chuinn

budh mó a fhéile no [a] acmhuinn.

29 Ro féile foillsioghadh gniomh

meanma foghla fúath ainbhfíor

an tshlat a chriaigh na ccuradh

ag mac Bríain ar beathughadh.

30 Mas ar úaisle iartur tenn

ar áoi choguais no choingheall

urra as calma bha chenuibh

tarla ag Colla a ccinneamhuin.

31 Ceann feadhna nach bfríth time

ré lán go snuadh soininne

grúaidh nocht gan ghnás ’na ghoradh

sás na mbocht do bheathughadh.

32 Aghaidh nach dáor le deóraidh

fáil óir d’éis a hinneonuigh

tráigh torchar le freasdal fann

le mbloghthur easdadh eachtrann.

33 Coinneal ghaisgidh ghuirt Connla

sonn catha chlann Mhathghamhna

eochair chomhladh ghleo Gallda

breó go lonnradh lochranda.x

34 A dhearmad dhúinne ní díor

in planda d’fhuil na n-airdrígh

Brían mac Colla ar ccenn coimdhe

urra as f[h]érr ní iarrfuim-ne. Ni...