Poem in printable PDF format
Ní doirbh go
deaghail na gcarad
[Pádraig Ó Riain,
‘A poem on Séafraidh Ó Donnchadha an Ghleanna’, Journal of Kerry
Archaeological & Historical Society, 1970, 48-58]
Maoldomhnaigh Ó
Muirgheasáin cct.
1 Ní doirbh go
deaghuil na ccarad
críoch mo thoisge
do thuig mé
aithnim féin a
bhfoirm mo reachta
nach céim soirbh
ar eachtra é.
2 Ionnsa mo
theacht óm thír dhúthaigh
druim re a
hamharc ní f[h]éd sinn
luach m’oileamhna
d’fhéin(n) an iathair
doidheaghla ó
fhréimh Fhiachaidh inn.
3 An lucht cumtha
gar chleacht misi
mairg dan dualgus
deaghuil riú
atá ar searc a
ccionn an chuaine
ag teacht riom go
nuaidhe a-niú.
4 An toil ler
fhágbhus iath Monaidh
meisde an srian
do léigeas lé
ar tteacht a
measc mhaicne Lui[gh]dheac[h]
do mheasg Tailte
M[h]uimhneach mé.
5 Leath mo thoile
ag triall go Leodhas
’s an leath oile
ag anmhuin tiar
go ttabhair
m[e]isi ar mhoing moire
treisi roinn mo
thoile ag triall.
6 Rinn a muirne a
maoin ’s a ccaidreamh
ó chineadh
Fiachaidh f(h)ríoth linn
sgotha séd dob
f[h]earr gan fhoghbháil
do mheall méd a
soghráidh sinn.
7 Tar uaislibh an
aicme Chuircsi
do char misi ’s
ní hé a-mháin
cuingidh amhra
nach clé comhall
ga ttarla mé a
ngobhang gráidh.
8 Flaith
thoirb[h]eartach gan tuar ndiomdhaidh
doirbh le
deoraidh deaghuil ris
briocht
líoghoile, na ghné ghairthe
síodhaidhe é ar
aithne an fhis.
9 Mac Taidhg
tiodhlaiceach an chonáigh
charuid éigsi ar
aba a ghníomh
trilis dlúthnocht
gar mó ar meadhar
ar ndúthrocht dó
dleaghar díom.
10 Éinfhear
cumtha do char misi
a Mum[h]ain
Chuirc na ccuach n-óir
tug mo thnúdh re
hanadh innte
gé raghar rún
fillte fóinn.
11 A annsacht ’s
a aigneadh toghtha
teacht ’na
n-éagmhuis ionnsa dhamh
tuillidh gairm le
a bhfogha[i]r uaidhe
pailm thoraidh as
buaine bladh.
12 Barr onóra is
aoibhe is caidrimh
do chleacht misi
ón m[h]ac soin Taidhg
ar ó bhFiachaidh
fam thol t(h)arla
dom fhiachuibh
cor anma aird.
13 Docair cúl re
caidreamh Séfraidh
soirbh aghaidh ar
ucht a lis
obair dhaor
déanamh ’na choimmeas
mo ghénar aon
roinneas ris.
14 D’éis a
n-uaras d’aoibh mo chumthaidh
ceileabhradh dhó
is damhna sgís
gan mo thriall
fa-thuaidh as deacra
gidh cian uaim an
eachtra ar-ís.
15 Monuar nach
éintír iath Lodhairn
is Leath Mogha na
múr ccorr
go breith dom
úidh ar na hEaradh
’s bheith dúinn
gach re sealadh sonn.
16 Feadh mo
chuartasa ó chrích Alban
ag aicme Mhogha
is mó bladh
níor bhfada liom
láimh re Seafraidh
a bháidh riomsa a
dheaghthoil damh.
17 Ar
n-iomsgaradh re húa Séa(th)fraidh
saoilim trá go
ttiocfa riom
éasguidh mo thoil
go fiadh Fleisgi
gan triall soir
gé leisge liom.
18 Caidreamh
maordha gan mhéinn cceilge
ceannsacht flatha
le bhfuair geall
neamhfhallsa
grádh an dil dreachnáir
báidh an fhir ní
leathbháidh leam.
19 Biodhbha
conáig[h] coimhdhe a mhaicne
mac Eibhilín
earla tláith
fear gan bhríogh
a mbréig nó a mbagar
ní thréig síodh
nó cagadh cáich.
20 Meanma ar
n-úidh aigneadh aobhdha
croidhe
leog[h]ain a láimh ghliadh
cosg dochair dá
threibh a thaoma
gein shochair an
taobha thiar.
21 Úa Oil(l)ill
is Eog[h]ain Ta[i]dhligh
teacht le a
n-air(r)dhibh as é a nós
d’iongna is go
bhféd le fiadh Fleisgi
diall re mé(i)d a
tteisdi ar tós.
22 Níor mhór liom
do fhlaith Ó nEachach
d’oighreacht a
shean gan roinn ris
díol oinigh fhíre
do bhunadh
ríghe oirir
Mhumhan Mis.
23 Ní léig tar
chuimhne a chear(r)d dúthchuis
Ó Donnchadha ag
deighréir sgol
do-ní cora a
c[h]lú fan mBanbha
le crú Mogha
tharla a thol.
24 Guaire ar
thoirbheartas triath Fleisgi
Flaith
Eog[h]anacht is glan gné
gnúis déadla ó
bhfoghar gac[h] freagra
Solamh céadna ar
eagna é.
25 Feithmheoir
oinigh aicme Luighd[h]eac[h]
leannán éigeas
innsi Breagh
cuma acht go mbí
a bhladh ar cuimhne
ní mha(i)r ní dá
bhfuighbhi an fear.
26 Ó Donnchadha
deighthriath Fleisgi
fachuin sgísi a
sgaradh rinn
a dhul d’éag dá
threibh as turnamh
béad sein ós
gac[h] turb[h]adh tinn.
27 Maith do
thuill le a thréidhibh bunaidh
beannocht uainne
ar anmuin Taidhg
táinig dá bhás
éag an oinigh
cás do bhréag a
ccroidhibh cailg.
28 Gé fuair bás
ní bás do Mhumha
mairidh a bhladh
’s as beó a chlann
díon anma dá
aithribh reimhe
tarla a aithghin
eile ann.
29 Séfraidh mac
Taidhg togha a cheineóil
ceard a shean do
shaothraigh sé
a saoirmheidh ’s
an cuaine caithmheach
aoinghein
bhuaidhe a aithreach é.
30 Tiaghthar leis
ar lorg na sinnsear
a seilbh féile gá
fearr cairt
Ó Donnchadha ag
dol fa a rathoil
comhthogha sgol
achaidh Airt.
31 Do-rad misi is
ní mé am aonar
d’airsidh
C[h]líodhna ór chleachtus moir(r)n
mo nuathoil rem
ré don ruire
ní fhuathaidh é
acht duine doirbh: ní doirbh
32 Inghean
mhiochardha Mhei(gh)c Fhínghin
ionnsa deaghuil
re a dreich náir
caor do chrú
m[h]ianuigh ó Mogha
ní diamhair clú a
modha ós mnáibh.
33 Buime an
einigh ionnmhus deoradh
díochar
feilbheart fúath an uilc
bean ga ttarla
tol dá ndligheadh
ag cor anma ar
chineadh C[h]uirc.
34 Inghean
Domhnuill dhiongmhus tromdháimh
teacht dá fios ní
fallsa an chuairt
stuagh mhaordha
aigneadh gan éandoirr
caidreamh aobhdha
séaghuin suairc.
35 Ag sin
ionnmhus iarrus Siobhán
síorchur a clú is
cleachtadh dhí
a teisd dá
thaoibh gan dál ndocra
rádh gac[h] aoin
da nochtfa a[n] ní. Ní doirbh go deaghuil na ccarad