firstLine"; ?>

1515. Ni dual cairde ar creich ngeimhil $
Length: very long 47qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th mid
  2. 16th ult
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. Thanks mp
Manuscripts:
  1. RIA 743 (A/iv/3) 17th cent.
Prints:
  1. transl. Bergin IBP no. 11
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. imagery for role of poets
  3. recitation of poetry
  4. patron’s liberality to poets
  5. cattle-raiding, creach
  6. Hunting
  7. swimming
  8. horse-racing
Poet Christian Names:
  1. Domhnall mac Daire (RIA 743)
Poet Surnames:
  1. MacBruaideadha
Patron Christian Names:
  1. Padraigin
Patron Surnames:
  1. FitzMaurice d. 1600
Apologue Subclasses:
  1. Conchobhar’s mother gives him 3 stones
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Ní dual cairde ar creich ngeimhil


[Bergin, Osborn: Irish Bardic Poetry, Dublin, 1970, poem 11]


Domhnall (mac Dáire) Mac Bruaideadha


1 Ní dual cairde ar creich ngeimhil:

bíaidh brath uaim gan édeimhin -

dóigh creach gá haird a bfaghar? -

sul deach ós aird mh’fuasgaladh.


2 Triúr fileadh fada ó ríaghail

dhúinn i láimh lé leithblíadhain:

’na dhíol soin gá geall ghébhthar?

dá mbem a-moigh moithéght[h]or.


3 Do-ghénsa, acht go bfaghar faill,

sul deachad raibhthi romhainn,

chreich ngeimhle lém dháimh ndoiligh

ar eighre an chláir Chiarroighigh.


3 Do m[h]ac inghini an íarla

dlighthear íoc na hainnríaghla:

glais nuabhairrthi fáoinn a bFainn,

ar chruadhfhairc[h]e cháoil chumhaing.


5 Badh iad mh’feadhan ar bfhilidh,

lucht bheirthi breath n-aindlighidh:

sreath iolfháobhair raghlain rann

d’am[h]ruibh ionáonaigh agam.


6 Ar chreich ríodhamhna an ruisg mhoill

badh é an t-oineach mh’fear tarroing:

dénta ní an uairsi uirrthi -

badh í an uaisle ar n-eólaichne.


7 Ní bhía ag bruithion ná ag boigshín

mo chor tar creich Phádraigín:

i bfoithribh nó i gcíogh choille

díon ní f[h]oighthir orainne.


8 Cuairteochar dhúinn - gá dám ris? -

fá mhíonchlár Mhoighi an Éigis,

’s um Ard n-úr bfíonmhar bFearta,

gach múr síodhghlan suaithionta.


9 Cuirfiom luighi ar Lios Tuathail

an fhóid bhráontais bhionnchuachaigh,

’s loighi ar ghoirm-Leic shuairc Shnámha -

badh cuairt oirdhreic édála.


10 Béraid orainn ógbhadh Grég,

líon creiche ar chách do choimhéd;

tóir nach édána ar fhoghlaibh,

dóigh édála dh’ollomhnaibh.


11 Ealbha láoch nach loc dochar,

tóir nach éidir d’iomachar,

fir iomc[h]ras tóroighiocht throm,

slóghoiriocht fionnchas Fíanonn.


12 Ní fras cháoilshleagh chailgios neach,

ní fras ghríobhdha ghlac neimhnioch,

fras dhuan le ndingébhthar Goill

’s a luagh imért[h]ar edroinn.


13 Léigfid fáoinne a bfrasa séd,

léigfimíd d’ógbhaidh fhinn-Ghrég,

frais ndeghmholta ’na ndáil sin;

neamhghonta ór ngáibh na Grégaigh.


14 Badh é a chríoch—gá tréine treas ?-

go mbrisfimni an t-ord éigius

lér sreith líonmhair mhir mholta

don ríoghraidh ghil ghruadhchorcra.


15 Gá hiorghal nach íad do bhris?

ní bhí choidhche ar chloinn M[h]uiris

guais reann, acht airm a n-ollamh;

maidhm ’na gceann ní chualamar.


16 ’San troidsi dá tteagmham ris,

Pádraigín mac Meic Muiris -

ní hédáil é arab áil roinn -

sé i láimh ni hédáigh againn.


17 Ní dion dó a lámhach ná a lúdh:

ní léigfiom uainn gan fhasdúdh,

le a bheirt bfuair nglanmháilligh ngil,

an sduaigh n-aghnáirigh n-áilghin.


18 Atád agam oirchill shás

lé bfosdfa mé mac Tomás:

roinn leabhra go lán bfuinnigh;

cládh a fheadhma um ámhuillibh.


19 Oidhre an láoich ó Leic Shnámha -

mo chean dan cion édála -

sduagh cháomhGáille ar ar chinn cruth,

áonbhráighi ghill na nGrégach.


20 Rédla thuaidh Mhumhan Meic Con,

Pádraigín pór na n-íarladh,

mír glanchruaidhe, glún ré bfrais,

an t-ath-Ghuaire ó Dhún Durlais.


21 Lámh chuartaighthi Chlann gCarrt[h]aigh,

uille chruaidh re Conallchaibh,

slat nach sní tréinfhine Tháil -

do ni éinfhili a edáil.


22 Sgél leam ar a leithéid soin,

fuair ceannus an chláir Ultaigh,

sgoth chráobhshlat Leasa Lughaidh,

áonm[h]ac Neasa a-nallamhain.


23 Tug a mháthair ’na mac ríogh

la éigin d’fios a chéidghníomh,

dár thuar rí Macha a mholadh,

trí clacha do Chonchobhar.


24 Tug don naídhin shuairc shuilbhir

chloich in gach láimh leabhairghil -

sduagh nár ón tseangBhanna tséimh, -

lán a dhearnanna dhíbhséin.


25 Do ráidh Neasa an fhuilt fhionnghloin,

dá ngabhthá, a mheic mhóirionmhoin,

do fhionnfuinn thríd do threisi,

an líg n-iomt[h]ruim eilisi.


26 Ní thig dhíom, is mo dhorn lán,

a mháthair, ol an macámh,

mo lámh do char mon gcloichsi,

go sgar lán rém lámhuibhsi.


27 Ní hiongnadh sin, ar sisi,

tuig, a chnú mo chridhisi,

nach ttoillfi acht a lán id láimh,

dámadh ál choidhche a c[h]ongmháil.


28 Léig chugad an gcloich oile,

léig uaid, a uá Rudhroighi,

an gcloich nglais gcoirrimligh gcruinn,

dod bhais doinningnigh dhíoghainn.


29 Dad mhúnadh, a mheic Fhachtna,

fá dháil na séd sáoghalta -

a shrian réd chradh ná congaimh -

as ciall damh ’na ndubhramair.


30 Ná híadh do lámh, a fhlaith Breagh,

do shíor um shéduibh Gáoidheal:

seóid cáigh ní héidir dh’fhanadh

gan láimh éigin d’fosgaladh.


31 Bíoth lámh leat gá légadh uaibh,

a sgaith chruithgheal ón gCraobhruaidh,

’s lámh ag gabháil na séd seang,

a bhranáin déd, fád dhichioll.


32 Fuair sáormhac Fhachtna Fháthaigh

ór chan ris a ríoghmháthair -

féile an leinbh gá chora i gcion -

a thogha i seilbh na sinnsior.


33 Do mhér m[h]eadhóin mhíleadh Grég

ní thuigim nár thrácht Mairghrég -

maith cuimhni an fheasa ’gan fhior -

fuighle Neasa ’s an náoidhion.


34 Do-ghébhsa i láimh é, ’s giod[h] eadh

ni lémhdáois gasradh Gháoidheal

ucht ar shlógh Grég dá ghabháil,

an ghég do phór Pharthaláin.


35 Sul cuirthior linn lámh ’na cheann,

énlán beóil fhileadh Éireann,

ann as f[h]earr gach áit d’fégadh,

- mo gheall cáit a gcoimhédabh.


36 Ní dhingne mé ar maicne Luirc

leis choidhche ná ar cloinn nGearuilt:

ní taobhtha rú a ngáol i ngioll,

a chrú ar gach taobh ’na thimchioll.


37 Fían Shaxan do sheachna lais

caithfead fós, is fían Durlais -

ga seadh falta acht a bfráoch ruinn? -

dalta na láoch ó Lonnainn.


38 Guais leam a rún dá rochtain,

ni dú a chor i gConnachtuibh

mná áobhdha finngheala a bfear

ingheana máordha a míleadh.


39 Mac meic Émainn nár ér sgoil,

guais dá mbeirinn é i nUlltaibh:

báidh ar fhéile ’gan aicme

le céile ar gcláir Chormaicne.


40 Anta leis i Lios Tuathail

an m[h]úir fhairsing órchuachaigh,

brugh seang na bfoighég bfíthi -

ga fearr coimhéd coigcríc[h]e?


41 Sáor an braighdionus do-bhér

d’ua Semuis na sleagh rinnghér,

san chuirt g[h]roighigh ghealmhóir ghloin,

seanróimh oinigh an íarthair.


42 Suirghi a bfionnbhan, fuighle a suadh,

cruin[n]ighthi minci a marcshluagh,

a sgaith fhíneamhna a hór glan,

sódh mímheanma do mhúchadh.


43 Gébhthor dhó ’na dheaghaidh soin,

brágha láoch Leasa Tuathail,

roinn sháora as ar shochuir geall,

go ngothaibh cáola cáoincheann.


44 Do-bhér lais a láoibh áille -

sochar nach bfuair énbhráighi -

cuairt learg n-ionfhuar na n-oirior,

diombuan fearg a bfíadhoighiodh.


45 Do-bhér dó re ndol istteach

seal ar ghníomhradh ghreagh n-uaibhreach

seal snámha ar slios gach calaidh,

fios gach trágha torcharaigh.


46 Do-chífe bárc a mbeól chuain,

do-chífi coimhling mharcshluaigh,

is guais shadh siobhalghrod seang

ó bhioradhmad dhamh ndíleann.


47 Sruth Féile na bfinnshreabh gciúin

do-chluinfi, budh ceól taidhiúir,

ag labhradh, lór a binni,

mór an t-adhbhar inntinni.