Poem in printable PDF format
Ní dúinn nach
easbhaidh ég Taidhg
[Anne O’Sullivan
and Pádraig Ó Riain, Poems on the Marcher Lords from a
sixteenth-century Tipperary manuscript, Irish Texts Society 53,
1987; no. 3]
[Elegy for Tadhg
O Carroll of Rathenny]
1 Ní dúinn nach
easbhaidh ég Taidhg;
do tuigedh
é ar gach áenaird;
i n-anóir damh ní
dhechaidh,
car anshóigh ar
Éilechaibh.
2 Bás is mó do
mhothaigh mé,
ach gé
mhor mo dhíth daíne,
dá mhéd
do-chuaidh im chraidhe,
uaim ar n-ég an
t-áenduine.
3 “Mo rí, deoch
bhróin do bhernadh,
dúin ar ndénamh
dhomhenman,
gé mhór
deibhedh fhir a hóil,
ní deiredh d’ar
ndigh dhobróin.”
4 Sgéla nárbh ait
dá ollamh,
ní fada go
fuaramar,
lér tshil ar
ndéra uain-ne
sgéla fhir na
háenuaire.
5 Cosg ar
n-urchra nír fháemh sinn;
barr ar mo chumha
cuirim;
go térná mo ré
roimhe,
mé gach énlá ac
eolchaire.
6 “A lucht
chaínte mo chumhthaigh,
dobo
chreidti ar chomharthaibh,
dom ghoin do
bhunadh go mbí
an doigh cumhadh
do-chluintí.”
7 Go ndernar mo
dhíl cumhadh
dóibh is éigin
athrughadh;
dul ar an uaigh
dob áil lind,
m’uain dona
mnáibh ní mhaithfind.
8 Ar ndul Taidhg
ní mhairfi mé!
file ar merachadh
mise
óm lucht
chumtha i mbeol bhuinne;
seol na hurchra
againn-ne.
9 Bladh in
tsháeghail dá éis air,
Tadhg rug Dia ina
dhúthaigh;
ní thesta a
chéile air dá chor,
Éile festa gé
folamh.
10 Tearc agam
urra grádha
ar ndul uaim
d’fhir m’anára;
maíth do
chuaidh ar mo chumha
le gaíth
fhuair na hosugha.
11 Ní misi nár
chuir fa chin,
Tadhg ó
chluinim dá chaínedh;
do-bhir fam
thuinn-se a truaighe,
tuirse
fhir na háenuaire.
12 Mac Donnchaidh
ó Dhún Enaigh
nach tug éra ar
fhiledhaibh;
a bhás ní mé nár
mhothaigh
gémadh
chás é ar Ultachaibh.
13 An baile i
fuil ar Taidhg-ne,
gémadh
fhada ar n-áenchairde,
ar techt uaidh
nochan fhuilim,
a fhert in uair
innsaighim.
14 A’ fadógh
is-tigh fam thuinn,
cumha
Thaidhg d’fhiachaibh orainn;
mo thoil re toile
im urchra,
doigh im chroidhe
a comhurdha.
15
Sírdháil mo dheor do dhligh mé
tar éis Taidhg,
fa díth dúin-ne;
nír bhen
tuirse roimhe rinn,
mo chuisle
croidhe caínim.
16 “A mhná
Gaeídhel do ghabh re ais
caíne báis
bhile Bhernais,
do bhí ar
cuimhne dá chumhaidh
ní is duilghe ná
a ndernabhair.”
17 Ar
Fheradhach Fhind fuair sinn-ne
ursgél ar a
fhírinne;
is tráth don
sgeol do sgaíledh,
eol do chách a
chommaídhemh.
18 Geall fírinne
fuair in fer
fa in
comhthrom do dhénemh;
dul don reacht ní
hedh dob áil,
fer reisin ceart
do chongbháil.
19 Is rí le fuair
Fódhla rath
mac Crimhthainn
na colg fáebhrach;
a thréidhe
dobo lámh linn-ne,
lán d’fhéile agus
d’fhírinne.
20 Idh Morainn,
maith in chabhair,
do bhí i
n-aimsir Fheradhaigh
do chinnigh sí ég
don fhir,
brég don tí ara
tuigther.
21 Feradhach
Fechtnach fuair rath,
do bhí i
tighernus Teamhrach;
rí
oirbhertach ar oineach,
rí
toirbhertach trócaireach.
22 Ar ar Tadhg-ne
a-tá a shamhail,
clú fírinne
Feradhaigh;
ní hé ós aird nár
dhearbhas
re ré
Thaidhg i tighearnas.
23 Do shíl Néill
na tochar te,
ar n-ég
thighearna ar tíre,
gan dáil éinfhir
a hUltaibh
i nÉilibh hÍ
Fhógartaigh.
24 A
bheith uaim ’na áenar and,
Tadhg i
tigh Uachtair Lámhann;
“gé thá ar
súil ret uaigh d’fhéghadh,
ní hadhbhar
tnúith an taighéradh.”
25 Gan Tadhg do
bheith ’na bhethaidh,
rug
ainbhreath ar Éilechaibh;
tegh Dá Thí festa
folamh,
testa an rí ’ga
robhamar.
26 Brón ’na
dheaghaidh do dhénamh,
gidhbé oram do
aigéradh;
dom aithne ní
lugha lind,
cumha dá aithle
ar Éirind.
27 Na dúile ag
sgaíledh a sgél,
talamh is uisgi
is aiér;
tine arna
chur ó chorcair
a dhul d’fhine
Fhógartaigh.
28 Mór do
mhothaigh ég an fhir
Síth Áedha i
n-aice in chúigidh;
mar
dheaghail dá chéill re coin,
i ndeaghaidh hí
Néill náraigh.
29 Do
chuimhnigh sí ina suirghe
a chaíne
cind Mhoghdhuirne;
a dhol ’sa
Mumhain a-muigh
blogh dá cumhaidh
ar Chruachain.
30
Do-chuaidh do thulaigh Themhra
a ráth le tásg
tigherna;
go tarla di
créidhim cáigh
do bhí
d’Éirinn ar admháil.
31 Do
Thadhg ar tús tug a toil;
nír char
duine ’na dheaghaidh;
ben dob áille
iath fa fhir,
Áine
Chliach agá chaínedh.
32 Ó tá
d’fhiachaibh oram féin
áiremh a chen ’na
chaithréim;
crech bhó
ó Uaithnibh don fhir,
gér shuaithnidh
dó a déinemh.
33 Gé áirmhech re
áiremh air,
tuath
Bhaile Uisin d’argain;
ruathar cen fa
fhéin an fhir,
a sbréigh do
bhen dá bailtibh.
34 Gér
dhaínech roimhe gach ród,
do-chuaidh fa
Chúil na Copóg,
bró chrech
nó gur thináil thes;
nech nírbh
ináigh dá fhaitches.
35 Mac Donnchaidh
na tochar te
tug ar
Dhurlas díth sbréighe;
táinti do
bhuaibh Gall do ghlac,
le fuair d’am ara
n-imlat.
36 Loch Capoill,
is cumhain linn,
Tadhg dá
chrechadh ní cheilim;
ara
bhreith do bhí an baile,
do-ní fan creich
comhnaidhe.
37 Tugsat
mórshlógh meic Dhonnchaidh,
ar cur aithi ar
allmharchaibh,
an chrích a-muigh
gur mhínigh,
díth cruibh ar na
Cillínibh.
38 Ar
Thadhg, ach gé thá ’na bhlaidh,
Gráig in
duillebhair dhíthmhair;
brath uaidh i
ngach aird oile,
ón uair do airg
Osraighe.
39 Do fhan re
díth do dhénaimh
ar mbrath
Bhaile in Airséraigh;
’na smál uaidh do
bhí in baile,
ar sduaidh lí dá
lentaidhe.
40 Ó Bhaile Áedha
ar éigin,
i ndúthaigh
Chlann Cinnéidigh,
mór do chenaibh
’na thír tug;
dleghair dínn gan
a ndermad
41 Fan Claidhe
Nua go dul dóibh,
fiann Taidhg go
tulaigh tinóil,
brath cen aga
adhain air,
Fer Anaigh aga
argain.
42 Nochan é Tadhg
nach targaidh
Maileasain do
lomargain;
ar mbuain
chruibh don Bhaile Bheg
do chuir
dá aire a aiseg.
43 Baile Eilith,
le omhun,
i fonn Éile is
Urmhumhan,
lucht
feithmhe ara chradh do char
is Magh Dreithne
go díthmhar.
44 An
Chuailleach Mhór, muídhim soin,
a hargain
d’oidhri Dhondchaidh,
caidhe um ’na
chaithréim chruidh?
ar n-aithléim
Bhaile an Bhritaigh.
45 Fa Thír Dá
Ghlas ar ndul dó,
innte nír
fhágaibh áenbho;
triall ara
luighind láech Bregh,
an
Mhuilinn Cháech do chrechedh.
46 Ar ndul Taidhg
ar chenn a cruidh,
an Choill
Fhada do fholmhuigh;
don
choill, is céim ar chuimhne,
léir gur
choilla cumairge.
47 Ní ba beg mar
fhiadhain air,
fa
Bhollach Fhinnáin d’arguin;
le sbairn do
bhen don bhaile
t’ainm ar
Fher nAlmhaine.
48 I nÉilibh sís
ar siubhal,
má tá im chinn a
chuimhniughadh,
do chuaidh
fa Chúil Ó nDubháin;
dúin níba uair
anuráin.
49 Magh Eidhinn,
is aithnidh damh,
cuid dá
chaithréim a creachadh,
cend in tshluaigh
gur dáiledh dó,
le fuair áiremh i
n-énló.
50 Mac
Mairghréige na múr find,
blogh dá
chaithréim ní cheilfim;
cuid dá
shluaighedh d’Fhir Enaigh
cin na Buailedh
Beifeghaidh.
51 Mac Donnchaidh
’s a dhírma slóigh,
ar thriall
go tulaigh tinóil,
nír mhill
ach i cáil chagaidh,
Cill an Fháil san
adhmhadain.
52 Nír an nó gur
hairgedh lais
Baile in
Gharrdha, is gnímh áthais,
go tug i ndíth
bhó in baile,
a fhích re cró
Chonaire.
53 Dámadh
toibhéim ar a thír
a nderna Tadhg ar
Thoirthín;
rug cin ó Choill
na Manach,
Goill ón fhir
gidh esbhadhach.
54 Go tug uirre
easbhaidh cruidh,
Tadhg gan tréigin
a chogaidh,
do bhí ar
dhá chreich sa Chrumaidh,
rí nachar fheith
d’Urmhumhain.
55 Do
Thadhg gér thenn in siubhal,
rug aithléim dá
héigniughadh;
caillidh asa coim
a crodh,
Coill in Daingin
gur dhíthmhar.
56 Gidh
ordhraic re chur i céill,
Coill Ó Cuirc ina
chaithréim;
don fhir
do-chóidh dá crechadh,
cin is cóir do
chuimhnechadh.
57 A
fheidhm ní hiad nár aithin,
Ráith Siurdáin is
Senraithin;
amhgar dá tóir a
tuirsi,
dóibh fa
hadhbhar atuirsi.
58 Lot Ó Faithi
fa feidhm áigh,
ar ndul dó fa
Dhrom Lomain;
do bhí
uile ar aire Thaidhg,
Baile Í
Bhuidhe gur bhuanairg.
59 Mór do-rinnedh
d’oirchill air
in fedh do
bhí ’na bhethaidh;
dob é an bás a
léim loighe,
cás ó nach éir
áenduine. Ní-dúinn-nach esbhaid.