firstLine"; ?>

1519. Ni fada on Fhodla a tath a ttuaidheamhain $
Length: middling 27q 25q DiD Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
  2. inauguration
Manuscripts:
  1. RIA 78 (23/O/25) Peadar O Longain
  2. RIA 4(24/P/27) late 17th cent.
  3. NLI G97 Micheal Og O Longain 1812-23
  4. RIA 564 (23/N/26) E.O’Reilly 1815-18
  5. Mayn. M13 Micheal Og O Longain 1820
Prints:
  1. text DiD no. 10
  2. transl. Ir. Monthly 48, 481
Motifs:
  1. Envoi to another patron
  2. Envoi to saint (Peter)
  3. patron’s liberality to poets
  4. imagery for kingship (buachaill)
  5. fertility in reign of true king
  6. symptoms of law & order under just prince
  7. maoir (king’s officers)
  8. Hostages
  9. prophecies of Aodh Eanghach
  10. Highkingship of Ireland
Poet Christian Names:
  1. Fearghal Og (RIA 4, NLI G167)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Aodh Ruadh
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill d. 1602
Meter Vars:
  1. Droighneach (freely applied?)
Poem:

Poem in printable PDF format

Ní fada ón Fhódla a táth a dtuaidheamhain


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 109]


Fearghal Óg Mac an Bhaird .cct.


1 Ní fada ón Fhódla a táth a dtuaidheamhain

cách is nuaileabhair dá fhógra i n-aonaighibh;

gearr go snadhma sí ris na saoirfhearaibh

rí don Ghaoidhealfhuil go mBanbha bhraondairigh.


2 Ní fada cobhair ó chlár ThéiMhidhe

- glár céillidhe re n-oghair gach aonduine;

a-táid dá ghairm go Gort nGáirighe,

do nocht gach fáidhfhile d’ainm ar n-Aodhai-ne.


3 Ó leargaibh Fhinne go Cliaigh gcroibhiodhain

biaidh an Ghaoidhealfhuil ime mar gach aoinfheadhain;

badh fogus dóibh teacht a dtuaidheamhain;

ní badh tearc nuaidheabhaidh um Bhóinn mbraoinealaigh.


4 Eachtra bhus díoth siar fan saoraghaidh

le triall I chaomhLughaidh fríoth na fáidhleabhair;

bearthar le móirfhear amhla ar Éinleighin

slóigheadh céimrighin tre Bhanbha mbáinleabhair.


5 Uaitne na sgol le bhfuil gach fáidhfhile

do thuir Gháirighe ar gcor cuairte an chlúmhaile

do-gheibhthear a labhra ó leic Laoghaire

ag reic ar n-Aodhai-ne re hadhbha nÚghaine.


6 Beid ag a fhréimh um Ráth bhFearadhaigh

géill dá leanamhain iar gcách do chomhfhoghail

tathamh ar thonnaibh an fhóid fhuineadhaigh;

(orraidh) Í Mhuireadhaigh re cóig comhadhaibh.


7 D’fhior Dúine nach dáigh as a choirmthighibh

toirnfidhir glúine cháigh mar as comhchubhaidh;

flaitheas na Banbha re teas tuillfidhir

cuirfidhir na habhla theas fa thromchumhaidh.


8 An t-éasga lán nar loigh fa ainbhfine

an ghoil dá tairngire do Chlár choillMhidhe

dearbhar le hearla na gcraobh gcumhraidhe

Aodh ag furnaidhe na Teamhra toinnghile.


9 Go hUisneach, go fád mbraonach mBreaghMhuighe,

go haonach ar dTeamhrai-ne a-tád dá thairngire

na haibhne um Chliaigh ’s um Chruachain gcollbhuidhe;

le buachaill ghorm Dhuibhe biaidh ar mbuidhnei-ne.


10 Is é Aodh Ruadh don Bhanbha as bharamhail

abhla an fhaghabhair uadh ar a duilleadhaibh;

dearbhthar re húr gach ghormfhuinn ghroighiodhain

Ó Domhnaill d’oireamhain do Mhúr Mhuireadhaigh.


11 Cia san talamh trágh nar tiormuigheadh?

fa chlár bhfionnLaighean faghadh umhlughadh;

Siuir agus Máigh ag gréin dá ngeimhliughadh

a cháir dá deimhniughadh ar fhéin Urmhumhan.


12 Do dhearbh gach tráigh um an mBúill mbeannfholtaigh,

a shúil re seangochtaibh an chláir Chonnachtaigh;

a rogha nuachair dhí ní diommoltair,

rí nach iomarcaidh ar Chruachain challdartaigh


13 Flaitheas Uladh nachar aomh d’ainbhfine

anar dá thairngire d’Aodh Oirnidhe;

annamh iath nach ba dóigh dá dheirbhfine;

re triath seinMhidhe ní badh cóir coimhrighe.


14 Do chách a-niodh ní badh fáth fíorchóire

ráth na síothBhóinne fa fhior a fháidhchéille

is cóir do-róine Éire aoinchéile

do chéile laoichfhréimhe Bóinne bláithréidhe


15 Suidhfidh i ráth Néill ós Bhóinn bhileadhaigh

- ní cóir d’fhileadhaibh an chéim do cheiliomhain:

ar dtileadh cláir na Teamhrach thoireamhain

budh neamhghuth oireamhain dá dáil dheirionaigh.

ní fhuighe doghruing fa Dhún bhFearadhaigh

Ó Domhnaill ag leanamhain a ghlún ngeinealaigh.


16 Léigfidh Éire a rún le cleith Chraobhruaidhe

dá dhreich thaobhnuaidhe do thúr a shíorghlóire;

biaid go dearbhtha ó soin ’n-a sáimhríghe

na tealcha cláirMhidhe i moigh mhíonBhóinne.


17 Nocha bia fa Raoilinn fear fionghaile

ná ar feadh fionnmhaighe aoibhinn na hAlmhaine

san taobh thiar achd folta fiodhbhaidhe

gan triall iorghaile fa Chorca callbhuidhe.


18 Nocha bia ag slógh mhór muighe mínEanaigh

achd fíneamhain uile dá hól ar na haoigheadhaibh;

na laoich as lia duais do na deoradhaibh

ní bhia re a ngleoghonaibh guais ar Ghaoidhealaibh;

beid na cúig slóigh calma i n-aonaighibh

san adhbha chlaondairigh ós Bóinn bhraoinealaigh.


19 Táin gacha críche faoi ní fillfidhir;

ní lingfidhir títhe cláir Chraoi Chonchobhair;

créad fa mbiadh comhla re cuirmthighibh?

ní cluinfidhir rian foghla a fonnchalaidh.


20 Dlighthear do Bhóinn gan éara an fhuineadhaigh,

do-ghéana Ó Muireadhaigh cóir idir chineadhaibh;

le rígh a gcabhra geall gach geinealaigh

ceall gach seiniobhair san Bhanbha bhileadhaigh;

leithbhreath le báidh ní bhéara Ó Fearadhaigh;

éara um ealadhain níor bh’áil ar fhileadhaibh.


21 A críoch ó Dhia ag teacht ar gach thairngire,

ní bhia neart ainbhfine ar fíoch a fonnmhuighe;

fan bhfairche sídhe gcruithghil gcallbhuidhe

faghluidhe gach tíre cuirfidh i gcomhnuidhe.


22 A mhaoir um Chliaigh is um ráth ríMhidhe

ar ríbhile as ghnáth i nGliaidh gan ghuaillidhe;

ler ngéig ós fhiodh an Fhódla d’áiridhe

gach fáidhfhile dá fógra a-niodh dar nuaibhile;

ní chluinim cóir uirre ag aonduine

achd aoghaire slóigh ar dTuinne Tuaidhei-ne.


23 Brian agus Conn ag crádh ar n-uaillei-ne

dá nuaibhile fa fál le fonn mbraonDuibhe;

minic ba tréan ortha gach éinfhile

na féinnidhe toghtha nachar éar aonduine.


24 Dreach shubhach le bhfolchair gach fáidhfhile

le honchoin nGáirighe tulach TéiMhidhe

Mág Aonghusa as dáigh dar ndídin-ne

ríghgile cláir chaomhRossa is ar gcéilei-ne.


25 Dúinn a-nois is eagal ar neamhghloine;

Peadar neamhdhaidhe ar gach n-olc dar n-ionghuire

fáidh roinnfeas rem anam a urnuighe

abhall chumhraidhe danab oircheas ionmhuine. Ní.