Poem in printable PDF format
A-nois tánaig
Aodh Eanghach
[Ó Donnchadha, T.
Leabhar Cloinne Aodha Buidhe, Dublin, 1931, poem 4]
1 Anois tánaig
Aodh Eanghach
tánuig an tAodh
gan fhuighleach,
téid dá reic re
taobh Teamhrach
Aodh Eanghach ag
Leic Luighdech
2 Teacht don Aodh
dob fháth meisnigh
dá ghaol an tráth
do thuismhigh,
do chuir aniar
crann casnuigh
ar ghasraidh gall
d’Fhiadh Uisnigh
3 Is é an tAodhsa
Aodh Buidhe,
don Aodhsin is é
as goire;
tiocfa an
ciabhghlas am eile;
barr Eine
riaghlas roimhe
4 Dial ag Aodh re
hAodh n-iodhan
ga mbiadh gach
aon go humhal;
créd acht béim ar
chleith Coradh
breith dhá roghan
d’fhéin Uladh?0
5 Aodh Ó Néill
ina naoidhin
gan dréim re
hAodh dá fheolfhuil
ní fhuil, don té
dá dtáraidh,
do sháruigh sé
fhuil Eoghain
6 Cró a shean mur
Eunna Aighneach
do-bhéra asteagh
go tuillmheach;
tiocfa tríd ’na
Aodh Eanghach
craobh Teamhrach
a Líg Luighdeach
7 Do bhean rún
oighir Áine
múr Oiligh as a
óighe
ní bhia thall ge
tá a ríghe
dá bharr tíre i
mbrú Bóinne
8 Biaidh ’na
dheimhin fá dheireadh
eighir Briain aga
branar
ráth Néill, ní hí
nach umhal,
rí Uladh féin
nach bhfaghar
9 Fúair, ’na
n-aoinfheruibh umhla,
ó Ghaoidhealaibh
úair fhaghla,
tug rinn ara
mhéid meanma,
na Finn Eamhna um
ghéig nGabhra
10 Cró
Conchubhair do chabhair
comhchubhaidh dhó
gé doiligh,
do-ní an rí féin
a foghail
’s do-ní cobhair
d’fhéin Oiligh
11 A dtreisi
araon gan rochtain
gan tseisi ag
Aodh go hEachtair;
do chuir sé uille
ar Ulltoibh,
Ulltoigh uile as
lé leaghthair
12 Ní faghthar re
headh n-ágha
fer ré ngabhthar
a ghuala;
Aodh Buidhe
a-bháin do-bhéra
sgéula an áigh
uile uadha
13 Fiú a
bhfaghthar do dháimh deoradh,
don dáimh ní
aghthar aoinfher;
mion nós gach
ríogh ó ríoghadh;
nír ríoghadh fós
gríobh Gaoidheal
14 Sgol, ó
fhuighlibh fhian Oiligh,
ní chuimhnigh
triall dá dtighibh;
dá chluinsin dá
mbí i mbruighin
sguiridh rí
Uisnigh fhilidh
15 Ní théid
aoinfhear dhá fhine
do ghéig
Gaoidheal i ngoire;
beg nach náir d’Ó
Néill Bhuidhe
gur bháidh uile a
fhréimh roimhe
16 Canaidh draoi
re cleith Coradh
a ghnaoi dá
breith go bunadh,
ionnsa dhóibh
nach tú a dtamhan,
anadh don chlú ar
fhóir Uladh
17 A ndíol, a rí,
go ródaibh
le a mbí fá fhíon
ní héidir;
lacht id ráth, a
rí hÉadair,
ó mhéaduigh cách
í ar éigin
18 Toirthe ’ga
gcur do chrannaibh,
bun gach fhoithne
do fhoiligh;
tug ’na lár ubhla
a himil,
fillidh grán
cubhra an choillidh
19 Tar mholadh a
ghruadh ngairthe
truagh ón chomhar
ar gcruithne;
dom dhúain is
nadhmadh neimhthe
marbhadh d’eithre
uaim uirthe
20 Do saoileadh
ég dha oighidh
’s nach
maoidheadh méd a chumhadh;
ég í Néill na
naoi ngeimhiol
as deiriodh laoi
d’fhéin Uladh
21
......................
do sleacht eaca
ar an oighidh;
ní lean síol
gCuinn an chumhail
do chumhaidh
ríogh fhuinn Oiligh
22 A ghaol uile
gan éinndigh
tré Aodh mBuidhe
do bheóghuin;
d’egla sguir d’ól
dá n-aoidhigh
brón faoiligh ar
fhuil Eóghuin
23 Súil ar bhrugh
í Néill náraigh
do chléir ag dul
ar dheóruibh,
ní fhuil do
chridhe i gcliaraibh
iarraidh cruidh
fhine Eóghuin
24 Canfa mé dha
chléibh chladhaigh,
Ó Néill is é arna
oighidh
ní háil cáin
dóibh ’na dheghaidh
darbh áil
reamhoibh d’fhóir Oiligh
25 Do dhiall, as
damhna deóire
an Bhanbha re
fiadh fíre;
acht ég ’gar gcur
ó chéile
nír fhéud Éire
dul dínne
26 Síol gCuinn ar
h’uaigh ag anadh,
do chúaidh a suim
ar siobhal;
a liag fhionn na
n-ocht dtroigheadh
an bhfoigheadh
sionn ort ionadh?0
27 Ót eunghuin, a
Aodh Buidhe,
teurnaidh gach
aon re aroile;
tabhair an úain
d’fhéin Line
’s don Mhidhe
féin uair oile
28 Gan a súil re
fiadh Fuinidh
is do bhíadh
fúibh go froighidh;
fiú Fódla dhóibh
id deaghaidh
Eamhain d’fhógra
d’fhóir Oiligh
29 Seal ag
uaislibh fher nDoire
don uaighsin fá
fher nEine;
do-bhér úain
dheit, a dhuine;
nach bhfuighe an
leic uair eile?0
30 Do badh gar
dhúinn ’na dheghaidh
ar súil do char ó
chobhair;
i gcenn a n-éir
’nar n-aghaidh
gabhair leann
féin ar foghail
31 Do chinn méd
anshóigh uirthe
anóir cinn Grég
do-gheibhthe
a chlúímh do
éilidh m’aithne
faighthe múir
Éimhir Eithne
32 Sneachta do
ghnáth do-gheabhair
fáth gan techta
as na tighibh;
suil dheach sí
tar fhiadh nOiligh
loighidh grían is
sí ar slighidh
33 Na cairge fá
mhuigh Macha,
fairrge do sguir
a sgucha;
nír mhó re linn
na locha,
srotha balbh
chinn Cnucha
34 Do bhaoi ’ga
iarsma a n-eineagh
an Niallsa na
naoi ngeimheal,
a ngeall féin ag
fóir Uladh,
geall Uladh
dhóibh fá dheireadh
35 Ní mhair dhíbh
acht a ndeora
amar tré ghríbh
nGaola;
mo neart do
chúaidh ar gcúla
ar mbúain súla
d’fhert Aodha