firstLine"; ?>

1524. Ni fuighthear commaith Aodha $
Length: middling 24qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th mid
  2. 16th ult
Areas:
  1. Leinster
Classes:
  1. Other mp
Prints:
  1. text LB no. 11
Motifs:
  1. Envoi to patron’s spouse
  2. Envoi to ‘saint’ (God)
  3. qualities of patron’s character
  4. poet as patron’s spouse or lover
  5. poet invoking blessing
  6. Fasting
  7. church’s immunity in war observed
  8. patron’s house and/or furnishings
  9. horse-racing
  10. sickness
Poet Christian Names:
  1. Giolla na Naomh (Harvard MS)
Poet Surnames:
  1. MacEochadha
Patron Christian Names:
  1. Aodh mac Seaain
Patron Surnames:
  1. O Broin d. 1579
Meter Vars:
  1. RannBheag
Poem:

Poem in printable PDF format

Ní fuighthear commaith Aodha


[Mac Airt, Seán, Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 11]


Giolla na Naomh Mhac Eochadha .cc.


1 Ní fuighthear commaith Aodha,

Dia dá chaomhna ina bheathaidh;

coimhéd a chuirp ’s a anma

ar liaigh cabhra gach peacuigh.

2 Dia do chumhdach a shláinte

d’fhior gach dáimhe do fhreasdal;

féinidh a ttreas gan doilghios

as fhearr choimhleas a ghealladh.

3 Fear gan bhréga, gan bhaoithe,

gan cheilg acht caoine mbriathar,

gan fheall, gan chumhgach cridhe -

ag so na slighthe diadha.

4 Fear nach luighionn ar naoimhchill,

bíodh nách maoidhfinn a thréidhe,

ag sin gan éd, gan uamhan,

sáith na Cruachan do chéile.

5 Mac Seaáin an chlú sgaoilte

gan ghuais aoire na ndámhscol;

ar son gach clú dá gceannchann

do-bheir tearmann dá náimhdibh.

6 Mac mhic Réamuinn fhéil oirdheirc

gan díoth oirbheirt ná einigh,

Dia da dhíon tar gach n-othar;

dlighthear moladh gach deighfhir

7 Dia lé hAodh seoch gach nduine,

Rí na cruinne dá choimhdhe;

an feadh mhairfios an deighfhear

ní bhia [a] neimhchion oirne.

8 Fada don fhine a bhfuilim,

scél nach cuirim a n-iongnadh,

’s a shliocht ar son a chéile,

sliocht as fhéile fá ionnmhus.

9 Ar shliocht Seaáin mhic Aodha

atá an daonnacht ’na marcach;

a mbladh ar fud gach tíre

cuirid ón chrích-si Branach.

10 Gach fear sóidh agus seachráin

ar mhac Seaáin ag dénamh;

nárab giorraide [a] shaoghal,

an tAodh-so a ttig dá fhéghadh.

11 Leannán scoile Chláir Fhiachaidh

nách lean do bhriathruibh baotha,

móide a theisd ’gan dáimh deóradh

mar táid a n-eólus Aodha.

12 Dá n-abradh Gall nó Gaoidhiol

tar gach aoinfhear don fhréimh-si

go mbiadh bréag ina mholadh,

crochadh ar bhél na bréige!

13 Fá thriath Bhaile na Corra

chleachtus fosdadh na nGaoidhiol,

fear as gach aird don Bhanbha

minic san gharrdha dhaoinioch.

14 Atá san gharrdha cheólmhar

teagh gan leónadh ar sholus,

teagh as mó bronnadh spréidhe,

teagh as féile ré bochtuibh.

15 Soruidh don tigh-sin Aodha,

mo mhian an saorbhrugh solus;

daoinighe ná teagh cúirte

gion go ndúintear an dorus.

16 San bhaile a mbí an tAodh-soin

is iomdha laochraidh sheólta,

iomdha lucht léighthe leabhar,

iomdha eachlach is óinsioch.

17 Coimhling each agus ardchon,

cuid do mhargadh an bhaile

malairt sciath is lann bhfaobhrach

timchiol Aodha ag lucht gaisgidh.

18 Mac Duirinne, gnúis fhaoilidh,

maith gan mhaoidhimh a mhaith-sion

sul tí Luan laoi na Breithe

Dia dár mbreith-ne ’na fhlaithios.

19 Go bráth tar aoinfhear eile

don Aodh-so as beite buidhioch;

a ttaobh coinghill is céille

meadh a mhéine ní fuighthear.

20 Meisde mé méd mo pheacaidh,

deacair dhamh dénamh córa,

atáim ag dul fád ghrásaibh,

A Mhic ghrádhuigh na hÓighe.

21 Seachna troisgthe agus déirce

mo mhian-sa (ní mé an tuigsioch);

A Chríosd, ná léig mo dhamnadh,

neamh gan adhbhar ní fuighthear.

22 Breith gach ionaidh a ttéighim

re hinghin Fhéilim Buidhe,

móide ar maith an bhreith beirthear,

gurb í bheirios gach duine.

23 Do fuair Sadhbh rogha nuachair,

nuathoil nár thruailligh onáir;

ní féidir nach díol toile

bean a cloinne ’s a conáich.

24 Dona mnáibh as fhearr iomchar,

bean gan iongnadh a muirior;

ní deacair bheith ’na fochair,

bean a sonuis ní fuighthear.