Poem in printable PDF format
Ní guais liom
th’urchar, a Aodh
[McKenna, L.
Iomarbhágh na bhFileadh (Irish Texts Society, vols 20, 21,
1918); no. 17]
Tadhg mac Dáire
.cc.
1 Ní guais liom
th-urchar a Aodh
bíodh go mbídis
drong deagh-laoch
sgáthmhar ret
airm gus anois
th-airm féin ní
hiad do ghlacais.
2 An t-arm nua a
Mhic Í Dhomhnaill
ararbh áil do
lámh d’fhoghluim
lughaide is
baoghal do neach
ní fhuil sé id
láimh go díreach.
3 Do shaoil mé a
Mhic Í Dhomhnaill
gur gnáth agaibh
ceart chomhluinn
neach ar a mbiadh
fear ’s a lucht
ní ris badh
caithte th-urchar.
4 Atá an file an
fear dána
’s an tí ghlacas
naomh-ghrádha
ag cur oram re
raille
agaibh ’s go fiú
an úcaire.
5 Má do chaithis
fear mar chách
th-urchar riom ní
móide ar sgáth
beag mo bhríogh
na caitheamh dhuid
sginnidh na hairm
don charraig.
6 Atá leathtrom
orm a Aodh
ar feadh ar
n-aighnis ar aon
oircheas dhamh a
shloinneadh soin
amhail a-déar im
dheaghaidh.
7 Leasg liom mar
onóir dot fhuil
bréag do thubha i
n-aghaidh ruibh
a leigean orm is
leasg dhamh
neimh-leasg do
dhán ré dhéanamh.
8 Ní nár leat ná
dhuit a Aodh
dá dtagra sibh
seanchus claon
badh nár liom-sa
as mo los
claonadh siolla i
seanchas.
9 Ní badh
toibhéim don taoibh thuaidh
aimh-leasg mé fá
aithris uaim
adhbhar béime don
taoibh theas
éasgaidh libh é
mar aighneas.
10 Tar gach
leathtrom dá bhfuil ann
i n-airm Dé do
chlódh do rann
malairt urchair
uaim tar ais
do bhéar ar
inneall th-amhais.
11 Do bhéar mo
fhreagra feasda
ar bhar ndán gá
ní as leasga
ní i modh bhus
roi-bhinn libh
mé chuige is
mairg do éignigh. NÍ GUAIS.