Poem in printable PDF format
Ní haineamh óige
i bhflaithibh
[Ó Donnchadha, T.
Leabhar Cloinne Aodha Buidhe, Dublin, 1931, poem 23]
Fear Flatha Ó
Gnímh .cc.
1 Ní haineamh
óige i bhflaithibh;
aois le neach do
neamhchaithimh
ní móide do
mheall a chert;
ferr an óige iná
an fhoirfeacht.
2 Ní ar
shinsearacht shaoilid cách
a mbeith aca ’na
n-ursgáth
gach slat
ghlantoraidh da ngein
do phlantodhaibh
mac Míleadh.
3 Eiriomhón an
uair do thil
clár Banbha ar
bhél a shinnsir,
ris an inissi
Fiadh Fáil
riamh dob
infheisi ógáin.
4 Conn mac Úna,
nar ob treas,
san aois óig ó
fuair flaitheas,
do fhágaibh mur
cheart ’ga chloinn
gur dhleacht da
n-ágaibh urruim.
5 Gérbh óige
Niall na naoi nglas,
sgríobhtha a
chert ar a cheannas
i gcóig sélaibh
slat thime
ar béalaibh mac
Moingfhinne.
6 Ní dleaghar
oirneadh gan fháth;
togha an óig as
fhearr iomráth
lenaidh da
fhréimh do riaghoil,
i ndeaghoidh
Néill Naoighiallaigh.
7 Óige ríogh
nGaoidhiol nír gheis
etorra is
ionnradh flaithis;
ní da thaobh as
gnáth geasa
ar bhláth a
gcraobh gcoibhneasa.
8 An óige lé
n-uair umhla,
do nós síl Néill
nathardha,
agso an ainimh
nír fhégh dhí
ní sgél i
n-aighidh Énrí.
9 Ní hainimh óige
is gidh eadh,
suidhe i bhfód
shealbha a shinnsear
san aois óig ní
héider d’aon
mun dtréigeadh a
mhóid mhacaomh.
10 Ós cionn tíre
an tráth do bhiadh
cionnus budh
héidir d’óigthriath
súil ar léimibh
lúidh leanbhdha
súil ar
thréidhibh tighearna?
11 I gcomhrogha
ad-chídhthior leis
cluiche agus
coimhéd flaithis,
dar thréig
maighre Locha Laoidh
a airdhe mocha
macaoimh.
12 Tug an fhortún
aghaidh air
lá a chealgtha ó
chluiche an reabhraidh;
ón ló táirios an
toice
an t-áinios dó as
dermoite.
13 Masé as sgél
ar sgoith Line
gan bheith abaidh
aimsire,
atá aighidh an
raith ris;
maith an ainimh
an aithis.
14 Ní hainimh
d’Énrí Ó Néill
glacadh a
dhúthchois dhoiséin,
clár slim na
gcéideadh gcorcra,
re linn méideadh
macochta.
15 Mur sin nár
ghuth da ghnúis shaoir,
lá éigiin i
n-aois mhacaoimh,
techt ós iath Ír
dha faire,
do rígh Cliach do
Chonaire.
16 Feis Teamhra
an tráth dob ollamh,
goirid techta a
tréanurradh
aonuighe Fódla
mun bhfleidh
d’fhógra aonduine
uaisdeibh.
17 Gealluid
sluaigh Fáil ar an bhfeis
Temhoir do
dhiongna a bhflaithis
togha an neich
thíseadh asteach
do bhreith na
bhfíseadh bhfáidheach.
18 Cuirid ’na
shuan sheicheadh ndoimh
um dhraoi d’fhios
cia budh cubhaidh
don fhréimh
ghaoidhealta ós gurt Bregh
a hucht
draoidhechta a ndéeadh.
19 Ar an draoi:
“Gibé ambárach
tig sonn ar
chionn comhárach
sealbh ar chró an
Daghdha go ndligh,
ar n-amhra dhó do
dheimhnigh.”
20 Do chíd
chugtha ar chionn maidne
ógán aoisi
anaibghe,
breac do éirigh
d’iochroibh gaoil
go ndéinimh
miochair macaoimh.
21 Do bé rision
rádh gach fir:
“Do mhnaoi aosda
mac Mílidh
atá so amhulchach
d’fhior;
ní fagharthach
dho i ndlighiodh.”
22 Ar Conaire an
chrotha naoi:
“Iongnadh liom
nach iad fheuchthaoi
airdhe flatha ar
an bhfeisi,
tacha ainmhe
mh’óigeisi.
23 Um cheird muna
meallta mé
séimh an ainimh
an óige,”
ar rí Fáil “madh
óige inn,
mo cháir ní móide
mhaithim.”
24 Aitheasg
flatha ó fríth ’na bheol,
briathar nárbh
fhéidir d’aithcheodh
do bé críochbhun
ar canadh
ríoghthur é ré
n-apchughadh.
25 Lá togharma i
dtigh cúirte
ar ua mBriain,
bos neamhdhúinte,
tarla dar lat an
leithsgél
mur mhac amhra
Eidirsgél.
26 Cumus an ógáin
eile
’ga bhfríth
freagra puiblidhe,
táinic lá do
thoigh Dha Thí,
atá ’s ní fhoil
ag Énrí.
27 Ceannus Banbha
má do bhí
d’iomorcraidh
aige ar Énrí,
gér shia go a
ciomhsoibh a chuing,
nír lia gun
fhiorsoin d’fhoghluim.
28 Nírbh usa dhó
a hucht eagna
foirm dhlighidh
do dheighfhreagra
’ná do bhláth ó
Néill anois
do réir fháth
agus eoluis.
29 Gidh eadh do
badh annsa leo,
aicme Cuinn na
gcéad chathghleo,
fir da sgríobhtha
comhtha cháigh,
dornchla líomhtha
ináid leabhráin.
30 Nírbh annsa
leo ar lár muighe
doimh ag deunamh
treabhuire
’ná bró seng
sguaibleabhur sguir
dob fherr
d’uaigniughadh fhásuigh.
31 Dual d’Énrí as
a óige
cluiche lúibe is
liathróide
ar chuartoibh
foda cláir Cuilt,
’s ar gháir
dtroda do thabhuirt.
32 ’S ar dhúsacht
ré n-éirghe én,
’s ar ól uisge i
n-ucht roighlén,
’s ar chodladh i
gcéidibh all,
’s ar chognamh
éidigh d’fhulang.
33 Ní rún cean ní
hintinn áigh
atá i meanmain
mhic Seaáin;
malairt tar an
uairsin ann
ag uaislibh
raghuirt Fhreumhann.
34 Cead luighe ar
leabthaibh socra
súan ar son a
ndúsochta
sgís na siobhal
ag slógh Breagh,
sról i n-ionadh a
n-éideadh.
35 Ar mhac Róis
acht nach rug sin
aimsir chean ó
chruas dlighidh
foghla i rosa um
ráith Da Thí
nír dháich anosa
ar neimhthní. Ní hain...
36 Bean nach do
bhantracht Banbha
sonn go n-uaisle
n-athardha,
gnúis náir as
maothbhanda modh
do mhnáibh
saorchlannda Saxan.
37 Fuair an té ó
dtáinic sí
ón phrionnsa,
inghen Énrí,
’s do thuill
gairm ós uaislibh d’fhuil
ainm do uaisligh
a hathair.
38 Gion go
bhfeasmaois cia ór chin
a cruth saor go
snuadh bhfaoilidh
’s méd raith a
rechta solais,
bearta braith a
bunadhais.
39 Marta ó
chuireas a cearda
re béusoibh ban
gaoidhiolda,
meastur í re
haindribh Breagh;
ní dha hairrdhibh
ní haineamh.